Deir Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe nach bhfuil aon bhaol ann don Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe.
Tá imní le tamall i measc lucht na teanga san ollscoil faoina bhfuil i ndán do Léann na Gaeilge agus d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Ach deir Ciarán Ó hÓgartaigh, atá ar tí éirí as mar uachtarán na hollscoile, go bhfuil poist léachtóireachta fógartha do Léann na Gaeilge mar chuid de straitéis nua atá le cur i bhfeidhm don teanga agus go ndéanfar tuilleadh infheistíochta san Acadamh.
Bhí imní mhór ann anuraidh faoi cad a bhí i ndán do Léann na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe nuair a fágadh trí fholúntas ollúnachta gan líonadh, ceann acu ar feadh trí bliana.
Tá trí phost lánaimseartha bhuana fógartha ag an Ollscoil do Léann na Gaeilge an mhí seo, Léachtóir le Béaloideas agus Eitneagrafaíocht, Léachtóir le Nua-Ghaeilge Mhoch agus Léachtóir le Sean-Ghaeilge.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, Ciarán Ó hÓgartaigh go raibh na poist nua léachtóireachta le Gaeilge mar chuid de “straitéis nua uaillmhianach” Léann na Gaeilge san ollscoil.
“Tá muid an-sásta go bhfuil an infheistíocht seo ar siúl don Ghaeilge. Tá Léann na Gaeilge ag déanamh go maith, mar atá [an Ghaeilge] san ollscoil i gcoitinne.
“Tá cúrsaí nua ar fáil do mhic léinn, tá mé ag súil go mbeidh éileamh ag mic léinn ar an nGaeilge freisin, Léann na Gaeilge ach go háirithe, san ollscoil seo. Cúrsaí trí Ghaeilge freisin, tá muid ag cur iadsan chun cinn agus tá an Ghaeilge á treisiú san ollscoil rud atá an-tábhachtach dúinn agus an-luachmhar don ollscoil féin,” a dúirt sé.
Anuraidh bhí ceist mhór ann faoi thodhchaí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus imní i measc fhoireann an Acadaimh go mbeadh siad á scaipeadh ar ranna éagsúla san ollscoil.
Ach deir Ó hÓgartaigh go bhfuil “tuilleadh infheistíochta” le déanamh san Acadamh agus go mbeidh straitéis nua á leagan amach don institiúid ag stiúrthóir eatramhach nua an Acadaimh, atá le ceapadh go luath.
“Mar a dheineamar le Léann na Gaeilge, scoil na Gaeilge, tá sé i gceist againn go mbeadh straitéis nua don Acadamh, go mbeadh infheistíocht agus ‘cur chuige’ san Acadamh lena threisiú agus beidh sé sin ar siúl le linn na bliana seo chugainn, 2024-2025.”
Dúirt Ó hÓgartaigh go mbeidh “ról tábhachtach” ag an Acadamh i dtaobh phlean an rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh sa tseirbhís poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.
“Tá an-deiseanna ann don Acadamh, níl aon bhaol ann don Acadamh, an rud atá i gceist i gcónaí agus a bheidh i gceist i gcónaí, ná infheistíocht san Acadamh, go háirithe na hionaid Ghaeltachta, go bhfuil siadsan láidir i gcónaí, go mbeidh an seimeastar Gaeltachta láidir i gcónaí.
“Sin a bheidh ann don Ollscoil. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach don ollscoil. Ní hamháin go bhfuil dualgas orainn maidir leis an nGaeilge ach tá an-luach ag baint léi mar go bhfuil an Ghaeilge anseo i gcónaí agus go bhfuil muid ar bhruach na Gaeltachta agus, go háirithe, sa nGaeltacht leis an Acadamh.”
Beidh Ciarán Ó hÓgartaigh, a bhfuil sé bliana go leith caite aige mar Uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe, ag éirí as ag tús na míosa seo chugainn.
Deir sé go bhfuil an obair atá déanta aige ar mhaithe leis an Ghaeilge a neartú san ollscoil i measc na n-ábhar bróid is mó atá aige óna ré mar Uachtarán.
“Dheineamar an-chuid oibre chun an Ghaeilge a threisiú san ollscoil, bhunaíomar Coiste Straitéiseach, Scéim Chónaithe, ceapadh oifigeach Gaeilge san ollscoil, chomh maith leis an chéad Oifigeach Gaeilge in Aontas na Mac Léinn.
“Tá campas dhátheangach le bheith anseo agus cúrsaí trí Ghaeilge, mar a bhí ann nuair a bhí mé féin i mo mhac léinn san ollscoil,” ar sé.
Dúirt Ó hÓgartaigh go bhfuil an Ollscoil in áit “an-láidir” ó thaobh an teagaisc agus an taighde atá ar siúl agus go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar chúrsaí comhshaoil agus comhionannais san ollscoil.
Deir Ó hÓgartaigh gurb é an dúshlán is mó atá roimh Ollscoil na Gaillimhe “dóthain maoinithe” a fháil agus go bhfuil “géarghá le tuilleadh infheistíochta stáit in earnáil na n-ollscoileanna”.
Beidh Peter McHugh, leasuachtarán Ollscoil na Gaillimhe ina Uachtarán Gníomhach go ceann bliana nuair a thiocfas deireadh leis an téarma a tugadh d’Ó hÓgartaigh.
Gearóidín
‘Ar bhruach na Gaeltachta…..’: Go bhFóire Dia ar an nGaeilge san Ollscoil sin. Gan oiread agus disciplín amháin á theagasc as Gaeilge ar an gcampas. Múinteoirí faoi oiliúint ar chúrsa an MGO líofa i labhairt na Gaeilge sula dtugann siad faoin gcúrsa ach meascán den Bhéarla leis an nGaeilge in úsáid sa teagasc… Níos mó béime ar IPADS ná ar chruinneas labhartha agus scríofa na Gaeilge. Maidir le todhchaí na gcampas Gaeltachta, go bhFóire Dia aríst orthu. Gaeilge ag an Uachtarán nua??
Conchubhair
Ceart ar fad agat Ghearóidín. Caighdeán labhartha roinnt de na gcéimithe MGO go hainnis. Conas go bhfuil seo ag tarlúint agus cúrsa dhá bhliain ann anois? An múintear aon rialacha ghramadaí le linn an dá bhliain? Cén líofacht sa Ghaolainn atá i Roinn an Oideachais? An í an Ghaolainn an teanga chumarsáide ar an gcúrsa MGO san Ollscoil? Roinnt céimithe ag múineadh na Gaolainne trí mheán an Bhéarla i scoileanna. Thar am monatóireacht cuí a dhéanamh ar chúrsaí Gaolainne san Ollscoil sin.
Kerry Blue
‘Conchubhair’ nó
‘Conchubhar’?