Ní ar an deichniúr a tháinig go dtí d’ócáid litríochta atá an locht as na cathaoireacha folmha

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: gaois ón 20ú haois don ealaíontóir a mbeadh halla pobail nó scáileán Zoom leathfholamh os a chomhair

Ní ar an deichniúr a tháinig go dtí d’ócáid litríochta atá an locht as na cathaoireacha folmha

Dlúthchuid de phróiseas na scríbhneoireachta saothar críochnaithe a chur i láthair an phobail. Domsa go pearsanta, ní bhíonn saothar ‘críochnaithe’ go dtí go mbím tar éis cuid de a léamh amach beo os comhair lucht éisteachta. Lucht éisteachta fisiciúil más féidir.

Santaím an aird. Admhaím é. Ach déarfainn go bhfuil chuile ealaíontóir mar a chéile: súile an tslua dírithe ortsa amháin ar feadh uair an chloig ionas go mbeidh deis agat saothar ar chaith tú na mílte uaireanta an chloig ag obair air a chur i láthair.

Ach má bhíonn an amharclann leathlán? Nó níos measa fós, mura mbíonn ach dornán daoine sa lucht éisteachta? Nó níos measa arís, mura mbíonn ach triúr ag freastal ar d’imeacht ar líne?

Tharla a leithéid dom féin uair nó dhó. Nó b’fhéidir trí nó ceithre huaire. Uair amháin, bhí seachtar nó ochtar os mo chomhair in ionad pobail agus rónna agus rónna cathaoireacha folmha ar a gcúl. Chuir mé mo sheacht mallacht ar lucht eagraithe an imeachta as oiread cathaoireacha a chur faoi réir. Chuir mé an milleán orm féin as ucht imeacht liteartha a chur ar bun an tseachtain roimh an Nollaig. Chuir mé an locht ar an mbáisteach a bhí ag titim go tréan.

Ansin, lig mé orm féin nárbh ann do na cathaoireacha folmha agus chuir mé mo chroí agus m’anam sa chur i láthair.

Déarfainn go ndéanfadh chuile ealaíontóir an rud céanna.

Cén fáth?

An oíche faoi dheireadh, tharla mé ar mhír theilifíse a mhínigh rud a thuig mé riamh go hinstinneach ach nach bhféadfainn a chur i bhfocail. Mír theilifíse dubh agus bán a bhí ann. An t-ealaíontóir ildánach ón Ísiltír Heintje Davids a bhí faoi agallamh, bean Ghiúdach a chaill a muintir, arbh ealaíontóirí freisin iad, i gcampaí báis na Naitsithe ach a d’fhill ar an stáitse tar éis an dara cogadh domhanda.

‘Caithfidh tú an iarracht chéanna a dhéanamh do halla nach mór folamh agus a dhéanfá do theach lán,’ a dúirt Davids san agallamh sin. ‘Ní ar an deichniúr a tháinig atá an locht gur fhan na céadta sa bhaile.’

Gaois.

Cuimhneoidh mé ar Davids an chéad uair eile a mbeidh halla pobail nó (go bhfóire déithe na ndán orainn) scáileán Zoom leathfholamh os mo chomhair.

Fág freagra ar 'Ní ar an deichniúr a tháinig go dtí d’ócáid litríochta atá an locht as na cathaoireacha folmha'