N’fheadar an bhfoghlaimeoidh Luis Rubiales ón gconspóid faoina phóg gan iarraidh

Agus é ag gabháil ‘leithscéil’ leis an bpeileadóir Jenni Hermoso, chuir Uachtarán Chumann Sacair na Spáinne a dhá spág arís ann

N’fheadar an bhfoghlaimeoidh Luis Rubiales ón gconspóid faoina phóg gan iarraidh

An mí-iompar míchuibheasach agus tromchúiseach é má bhíonn sé tuairiscithe san Washington Post?

Luis Rubiales, Uachtarán Chumann Sacair na Spáinne ag baint póg bhéil den pheileadóir Jenni Hermoso agus comhghairdeas á dhéanamh léi tar éis d’fhoireann ban na Spáinne Craobh an Domhain a bhreith leo ar an nDomhnach.

Agus é ag gabháil ‘leithscéil’ léi, cuireann sé a dhá spág arís ann.

‘Ní thuigimidne an fáth go mbeadh conspóid dhomhanda tarraingthe ag an bpóg a thug mé di,’ a deir Rubiales ‘Nach rud nádúrtha ‘normálta’ againne é, póg ar an mbéal a thabhairt do bhean (gan a cead) ach ón uair nach mar sin atá, agus má tá éinne gortaithe, gabhaim leithscéal.’

‘Foghlaimeoimid as seo,’ a deir sé. ‘Nuair is Uachtarán duine, caithfear a bheith níos cúramaí.’

N’fheadar an bhfoghlaimeoidh mhuis más mar sin atá aige.

Leibidí a thug sé ar dhaoine a bhí ag cáineadh a iompair agus ag clamhsán ar na meáin shóisialta.

Nuair a cuireadh ceist ar an bpeileadóir a chaith cur suas le hiompar ‘normálta’ mar é sin, dhearbhaigh Jenni Hermoso ná raibh sí pioc compordach mar gheall air.

‘Is gaiscíoch domhanda mé,’ a dúirt sí, ‘mé féin is an fhoireann. Sin é an rud atá tábhachtach.’

Mar bharr ar gach donas, tá fianaise físe ann ar iompar míshibhialta Luis Rubiales agus é sa bhosca VIP le hais Teaghlach Ríoga na Spáinne.

Beireann sé ar ghabhal air féin go gáirsiúil graosta agus é ag ‘ceiliúradh’ bua na foirne.

Tútach garbh gan aon cheist.

Ní hamháin nach raibh aon ghlacadh lena leithscéal bacach ar na meáin shóisialta ach cháin Aire Spóirt na Spáinne Miguel Iceta an t-iompar chomh maith agus d’iarr air míniú a thabhairt agus leithscéal a ghabháil.

‘Is ionann póg gan chead agus ionsaí gnéasach, iompar a gcaitheann mná cur suas leis gach aon tarna lá,’ arsa an tAire Comhionannais, Irene Montero. ‘Ní ceart gur gnáth-iompar inghlactha a leithéid,’ ar sí.

‘Má deintear a leithéid sin agus an Spáinn ar fad a’breathnú air, cad ná deintear nuair ná bíonn?’ arsa an tAire Cearta Sóisialta, Ione Belarra.

Dúirt Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez nár leor an leithscéal a ghabh Rubiales agus nach bhféadfaí glacadh lena iompar agus go gcaithfeadh sé ‚dul níos faide.

I gcolún i nuachtán El Pais na Spáinne dúradh nár thaitin an phóg le Jenni Hermoso olc ná maith agus nár thaitin an phóg leis an nuachtán ach chomh beag.

Sárú príobháide ionsaitheach iompar dá leithéid, a scríobhadh.

Labhair Aontas Domhanda na bPeileadóirí FIFPRO amach leis agus dúirt ná raibh aon ghlacadh in aon chomhthéacs le hiompar dá leithéid, go háirithe ó dhuine a raibh cumhacht aige ar ghrúpa imreoirí.

Dhiúltaigh Aontas Chumainn Sacair na hEorpa [UEFA] faic a rá fén eachtra.

D’fhan siad ina dtost. Na meatacháin.

Fág freagra ar 'N’fheadar an bhfoghlaimeoidh Luis Rubiales ón gconspóid faoina phóg gan iarraidh'

  • Ruth

    Maith thú! Thar a bheith suimiúil. Léiríonn sin gur fairsing na nósanna imeachta atá ag daoine nach dtaitníonn le neart eile.
    Is cuimhin liom ionadh a bheith orm bean ón Fhrainc a rá nár thaitin nós na ‘bises’ nó póigeanna beaga ar na leicne, léi. Ach nuair a smaoitigh mé air, thuig mé di, ní fhéadfainn a rá nár chuir an smaointiú go raibh sé le déanamh mar bheannacht imní nó buairt orm féin…

  • An Teanga Bheo

    Céard faoi bean ag tabhairt póg di? seafóid ceart an scéal sin, nár chuir lámha timpeall ar an fhear ?