Neart rudaí le ceartú ag Joe Schmidt agus ag a chuid imreoirí tráthnóna

Beidh foireann na hÉireann in ann go leor de na laigí a bhí acu in aghaidh Shasana a shárú ach is iad na deacrachtaí maidir leis an meon agus an cur chuige is mó agus is deacra réiteach a fháil orthu

Neart rudaí le ceartú ag Joe Schmidt agus ag a chuid imreoirí tráthnóna

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Fuair muid léargas maith an Satharn seo caite ar a mhíchompordaí a bhíonn foireann idirnáisiúnta rugbaí na hÉireann nuair is iad rogha na coitiantachta le cluiche a bhuachan. Níor chuir na Sasanaigh suim ar bith sa mhéid a bhí á rá sna meáin ná ag na geallghlacadóirí ach oiread maidir le stádas na hÉireann mar an dara foireann rugbaí is fearr ar domhan. Go deimhin a mhalairt a tharla, tháinig siad go dtí an Aviva agus rinne siad luíochán ar na hÉireannaigh. Bhí an t-ionsaí chomh héifeachtach sin nach raibh freagra ar bith air ag fir Joe Schmidt, ná go deimhin ag a lucht leanta.

Ach is comórtas cúig chluiche é an comórtas seo agus tá deis ag an bhfoireann idirnáisiúnta maithiúnas a thuilleamh tráthnóna, sin más féidir leo rudaí a cheartú agus an lámh in uachtar a fháil ar Albain agus iad ag imirt i Murrayfield. Bhí buntáiste an bhaile ag na hAlbanaigh sa gcéad chluiche an Satharn seo caite agus iad i gcoinne na hIodáile. Cé go raibh bua sách éasca ag fir Dhún Éideann sa gcluiche sin (33-20) ní dóigh go bhfuair siad an sórt tástála a fuair na foirne eile a bhí ag imirt i mBabhta 1. Níl mé cinnte an dea-scéala é sin d’fhoireann na hÉireann mar nach bhfuair muid aon léargas fós ar stíl ná ar phatrún imeartha na hAlban. Malairt scéil i gcás na hÉireann, fuair bainisteoir na hAlban, Gregor Townsend, léargas iontach orainne agus ar ár laigí.

Tá neart rudaí le ceartú ag Joe Schmidt agus ag a chuid imreoirí agus is cinnte go mbeidh siad in ann go leor de na laigí a ligheas. Ach sílim gurb iad na deacrachtaí maidir leis an meon agus an cur chuige is mó agus is deacra a shárú. Feicfidh muid linn. Níl aon dabht ach gur féidir leis na hÉireannaigh an ceann is fearr a fháil ar Albain inniu, fiú agus iad ag imirt as baile. Má éiríonn leo sin a dhéanamh, agus na ceachtanna ón gcéad chluiche a fhoghlaim, beidh gar déanta ag na Sasanaigh dúinn agus muid ar an mbóthar go dtí an Corn Domhanda.

Má theipeann orainn iad a fhoghlaim, bhuel ní dóigh go bhfuil an dara háit ar thábla rugbaí an domhain tuillte againn.

Inniu freisin a bheas na hIodálaigh ag cur fáilte roimh an mBreatain Bheag. Ach an oiread le cluiche na hIodáile i mBabhta 1, ní bheidh ach toradh amháin ar an gcluiche seo, bua do na cuairteoirí.

Amárach a bheas na Sasanaigh in iomaíocht leis na Francaigh in Twickenham. Ach an oiread le foireann na hÉireann tá go leor leor deacrachtaí le sárú ag foireann na Fraince ón gcéad chluiche más leo aon sórt tástála a chur ar na Sasanaigh. Fós féin, má éiríonn leo cuid den imirt a chonaic muid uathu i gcoinne na Breataine Bige sa gcéad chluiche a dhéanamh arís ní bheidh siad gan seans. Ach níl a fhios agam an féidir leo imirt mar sin thar thréimhse ochtó nóiméad. Is deacair tada seachas bua do na Sasanaigh a thuar.

Fág freagra ar 'Neart rudaí le ceartú ag Joe Schmidt agus ag a chuid imreoirí tráthnóna'