Neart imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre don Oíche Chultúir

Idir rásanna báid, cheol, rince agus eile, tá cuid mhaith imeachtaí Gaeilge beartaithe don Oíche Chultúir a bheidh faoi lánseol ar fud na tíre san oíche amárach

Oíche-Chultúir

Beidh an Oíche Chultúir faoi lánseol ar fud na tíre san oíche amárach agus neart imeachtaí Gaeilge le bheith ar siúl mar chuid di.

Déanfaidh Oireachtas na Gaeilge comóradh ar thuras farraige a rinne bádóirí Charna sna caogaidí as an Rinn i mBaile Átha Cliath siar go dtí a bhfód dúchais i gConamara. Bhí an eagraíocht Gael-Linn tar éis cúig bhád tarrthála a cheannach dóibh agus iad a chur in oiriúint le hinnill. Bhailigh na fir na báid ón Rinn agus a thug a n-aghaidh ar an gCanáil Mhór agus amach go béal na Sionainne. Bhí trálaeir rompu ansin, a thug na báid chomh fada le hOileáin Árann agus uaidh sin go Carna.

Casfaidh an cór ensemble, Moving Voices, amhráin faoin bhfarraige le ceiliúradh a dhéanamh ar an turas seo agus taispeánfar grianghraif cartlainne den turas freisin. Beidh greim bia mara le fáil ina dhiaidh. Is in Ionad Cuairteoirí Uiscebhealaigh Éireann ar Ché na Canálach Móire, sa Rinn i mBaile Átha Cliath, a bheidh an t-imeacht seo agus osclófar na doirse ann ar 6.30pm.

Roimhe sin ar fad, áfach, beidh rás curach ar an Life, ag 5.30pm. Tosóidh an rás ón bpontún in aice an Jeanie Johnston agus rachaidh na curacha chomh fada le Droichead na Life agus ar ais.

Ina dhiaidh sin ansin, beidh rás naomhóg ann do mhuintir Chorca Dhuibhne.

Go deimhin, dóibh siúd a bhfuil spéis acu sna rásaí agus i gcúrsaí báid i gcoitinne, beidh cainteanna agus scannáin faoi churacha Chonamara agus Húicéirí na Gaillimhe i bhfoirgneamh Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath ar Ché Theach an Chustaim, ag tosú ag a seacht a chlog. Tá fáilte roimh chách chuig na himeachtaí seo.

Tá scata imeachtaí eile ar siúl san ardchathair, ina measc, ceiliúradh ar thithe Seoirseacha Chearnóg Mhuirfean i gceanncheathrú Fhoras na Gaeilge, turas siúlóide agus staire i gColáiste na Tríonóide, oíche damhsa in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin, agus oíche sean-nóis i Leabharlann Sord, mar a mbeidh ceardlann á tabhairt ag Antaine Ó Faracháin.

Tá neart ag tarlú in áiteanna eile ar fud na tíre freisin agus cuirfidh go leor daoine spéis sa cheardlann atá á heagrú ag Kíla i dtaobh cúrsaí ceoil agus cúrsaí rithime sa Model i Sligeach idir 3pm agus 5pm. Tabharfar turas treoraithe timpeall an ghailearaí ina dhiaidh sin agus cuirfear clabhsúr ar imeachtaí an tráthnóna le scata gearrscannán.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí réigiúnacha anseo.

Níl aon easpa imeachtaí ar siúl sa Ghaeltacht ach oiread agus clár cuimsitheach d’imeachtaí eagraithe sna ceantair ar fad.

Taispeánfar an scannán nua ‘Amhrán na Mara’ san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhuirne agus ina dhiaidh sin, beidh seisiún ceoil agus amhránaíochta Tigh Uí Mhurchú i gCill na Martra. Cloisfear buaiteoir Chorn Uí Riada 2014, Nell Ní Chróinín, ag rá corrstéibh d’amhran in Ard na Laoi i mBéal an Ghaorthaidh, mar a mbeidh seisiún eile ar siúl ag 8.00. Is í Nell, leis, a bheidh mar bhean a’ tí.

Beidh ceolchoirm le Ciarán Ó Gealbháin agus Dónal Clancy ar siúl i Halla Cholmáin sa Rinn agus ina dhiaidh sin, tiocfaidh daoine le chéile i dTigh an Cheoil i gcomhair oíche amhránaíochta.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoina bhfuil ag tarlú sna ceantair Ghaeltachta ar fad anseo.

Fág freagra ar 'Neart imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre don Oíche Chultúir'