Neart imeachtaí Gaeilge agus Gaelacha ar siúl ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo

Agus an dúluachair agus Lorenzo ag réabadh na soininne is maith an rud nach bhfuil aon easpa imeachtaí spéisiúla ag tarlú an deireadh seachtaine seo

Neart imeachtaí Gaeilge agus Gaelacha ar siúl ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo

Baile Átha Cliath

I mBaile Átha Cliath beidh féasta ceoil ar fáil ag na leanaí sa Cheoláras Náisiúnta ar an Satharn ag 12.00 pm. Beidh an banna bríomhar ceolmhar Kíla ansin lena seó idirghníomhach do pháistí agus dá dteaghlaigh. Cloisfear ceol ón scannán beochana Amhrán na Mara  (Song of the Sea) a tháinig amach in 2014 agus ar chum Kíla ceol dó. Beidh deis ag an lucht féachana  tabhairt faoin gcumadóireacht agus glór na farraige agus an chladaigh á chruthú acu. Beidh siad in ann a spleodar a léiriú le damhsa, bualadh bos nó aithris a dhéanamh ar ghlórtha na n-ainmhithe.  Tá an seó seo dírithe ar pháistí idir 3 -11 bliain agus a muintir. https://www.nch.ie –

An Cheathrú Rua

Beidh lá mór ag Pobal Rua ar an Satharn, agus plean teanga na Ceathrún Rua á sheoladh ag an Aire Stáit Seán Kyne. Chun an Ghaeilge agus an pobal a cheiliúradh beidh aonach ar siúl sa gCrompán idir a 2.00pm agus a 5.00pm ar an Satharn mar a mbeidh ceol, cluichí agus ceardaíocht ar siúl agus bia agus deoch ar fáil. Beidh sacar, rugbaí agus peil ar siúl roimh an aonach óna 12.00 pm agus málaí spóirt leis an lógó nua á mbronnadh ar na foirne sa gCrompán ina dhiaidh sin.

Cois Fharraige

I gCois Fharraige beidh Féile Leabhar ar siúl an deireadh seachtaine seo ag tosú oíche Dé hAoine Tigh Mholly mar a seolfar  An Bhrachlainn Mhór le Tomás Ó Flaithearta as Árainn. Beidh imeachtaí d’óg is aosta ar siúl as sin go Domhnach. San oíche Dé Sathairn beidh Ceolchoirm na gCumadóirí ar siúl i Seanscoil Sailearna agus i measc na gcumadóirí ansin, beidh Séamus Barra Ó Súilleabháin, Dris-Óg agus Pádraic Seoige. Beidh cúirt filíocht Tigh Mholly ag am lóin ar an Domhnach agus fáilte roimh fhilí a gcuid véarsaíochta a roinnt.

 

Carna

Caithfear súil siar ar stair na muintire in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna mar a mbeidh féasta staire ag an deireadh seachtaine. Comhdháil a bheidh san ionad sin faoin gcaoi ar eagraigh Sasanach darbh ainm James Tuke scéim le daoine bochta as Iorras Mhaigh Eo agus as Conamara a chur go Meiriceá agus go Ceanada sna 1880idí.

Labhróidh na staraithe agus na húdair, an tOllamh Christine Kinealy agus Dr. Gerard Moran faoin tréimhse sin den stair i gConamara chomh maith le Geraldine Mills a ndeachaigh a sinsir ar imirce as Béal an Mhuirthead ar chomhairle James Tuke. Beidh  Rosemarie Geraghty as Ionad Deirbhile, san Eachléim i Maigh Eo ansin, agus í ag cur síos ar an gcaoi ar aimsigh siadsan ainmneacha na ndaoine ar fad a sheol ar na báid eisimirce as Cuan an Fhóid Dhuibh idir 1883-84. Beidh neart ceoil ann oíche anocht ag Caitríona Ní Cheannabháin agus a muintir.

Cill Dara

Más i gceantar Chill Dara duit tá Sult na Sollán ar siúl ón Déardaoin go dtí an Domhnach, an seachtú traidfhéile sa mbaile sin. Beidh neart ceoil, amhránaíochta agus rince ag an bhféile spleodrach seo agus cuid mhór de na himeachtaí dátheangach chun deis a thabhairt do gach duine an méid Gaeilge atá acu a úsáid.

I measc na gceoltóirí beidh na grúpaí Bunoscionn agus Luascadh tráthnóna Dé hAoine sa Bridgewater Inn. Beidh Linda Ervine ag caint faoin tionscnamh teanga ‘Turas’ i mBéal Feirste. Beidh ranganna ar an bhfidil is ar an mbosca ceoil ag Michael Harrison agus Janine Redmond. Beidh Antaine Ó Faracháin ag tabhairt ceardlann ar an amhránaíocht thraidsiúnta. Má bhíonn fonn siúil ort tabharfaidh Liam Kenny ar shiúlóid staire thú ar bhruach na Canálach Móire agus ar thuras ar bháirse canálach. Dé Sathairn beidh seó mór rince le Scoil Rince Sutton, DDI Fashionistas, Grúpa Rince Afracach, Danielle Walshe agus céilí le Rita Doyle agus damhsóirí seite Hayden’s.

Dé Domhnaigh beidh comórtas amhránaíochta agus rince ann do na scoileanna áitiúla. Beidh saotharlann sorcais ar siúl do na páistí beaga, chomh maith le saotharlann ealaíne agus ceardaíochta.  Sa Chaifé Grange a bheidh Julie Anne de Brún i mbun rannta agus amhráin leis na páistí óga. Beidh seisiún traidisiúnta tráthnóna Dé Sathairn is tráthnóna Domhnaigh sa Railway Inn, mar a mbeidh Tom Moran agus Jenny Dillon ag ceol. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le Daithí de Faoite, Teileafón: 0872249756 eolas@feilenasollan.com

 

Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig

Glór, Inis, Contae an Chláir

Dé Sathairn 8.00pm

Scoth na gceoltóirí as Éirinn agus as Albain ag ceiliúradh 25 bliain den chlár Sruth na Maoile ar Raidió na Gaeltachta agus ar Radio nan Gàidheal in Albain a bheidh in ionad Glór oíche Dé Sathairn.

I measc na gceoltóirí beidh Moya Brennan,Cormac de Barra, Méabh Ní Bheaglaoich agus a hathair Séamus, Donogh Hennessy, Zoë Conway, John McIntyre, Pádraig Rynne, Tara Breen, Elaine Hogan agus Bríd Ní Mhaoilchiaráin. I measc na gceoltóirí as Albain, beidh Karen Matheson as Capercaillie, an banna Eabhal; agus an boscadóir Ruairidh Gray.

Contae Luimnigh

Fiche bliain ó bhásaigh an file dátheangach Michael Hartnett táthar á chomóradh féin agus a shaothar ina cheantar dúchais le raidhse ceoil is filíochta ag Éigse Mhichael Hartnett an deireadh seachtaine seo. Cuireadh tús leis na himeachtaí inné, an Déardaoin agus tiocfaidh siad chun críche oíche Dé Sathairn in Óstán Longcourt sa gCaisleán Nua, mar a mbeidh féasta ceoil is filíochta ó Paula Meehan, Theo Dorgan, Eileen Sheahan, Colm Mac Con Iomaire, Tim & Michael Collins agus Diarmuid O’Brien.

Fág freagra ar 'Neart imeachtaí Gaeilge agus Gaelacha ar siúl ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo'