Neart ábhar machnaimh ag an Taoiseach i ndiaidh na dtoghchán

Níl aon duine beo a déarfadh gur mhaith an plean a bheith ag beartú fothoghcháin idir dhá Nollaig…

Neart ábhar machnaimh ag an Taoiseach i ndiaidh na dtoghchán

Tá ceithre cinn d’fhothoghcháin romhainn as seo go ceann cúpla mí mar thoradh ar thoghcháin na hEorpa. De réir na reachtaíochta a bhaineann le fothoghcháin caithfear iad a reáchtáil luath go leor, sin mura mbíonn olltoghchán ann go gairid, rud nach féidir a chur as an áireamh ach an oiread. Dúirt an Taoiseach tar éis na dtoghchán áitiúil go mbeadh sé ag déanamh a mhachnaimh faoin gceist sna seachtainí seo romhainn. Shéan ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin raibh sé i gceist ag a pháirtí droim láimhe a thabhairt leis an gcomhaontú muiníne agus soláthair.

Beidh tionchar nach beag ag torthaí na dtoghchán Eorpach ar dhearcadh an Taoisigh.

Toghadh ceathrar Teachtaí Dála chuig Parlaimint na hEorpa: Frances Fitzgerald (FG), Baile  Átha Cliath Lár Thiar, Clare Daly (Neamhspleáigh ar son Athraithe), Fine Gall, Billy Kelleher (FF), Corcaigh Lár Thuaidh, agus Mick Wallace (Neamhspleáigh ar son Athraithe), Loch Garman.

Mar thoradh ar bhreithiúnas Ard-Chúirte in 2010 tá sprioc ama leagtha síos le suíochán Dála a líonadh i bhfothoghcháin.

Rialaigh an chúirt sa gcás sin go raibh sé míréasúnach go mbeadh moill seacht mí dhéag ar reáchtáil fothoghcháin. Ba é an Teachta Pearse Doherty ó Shinn Féin a thóg an cás ag an am. Bhuaigh sé an fothoghchán a reáchtáladh toisc Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir a bheith tofa chuig Parlaimint na hEorpa in 2009.

De réir na reachtaíochta faoi láthair caithfear fothoghchán a reáchtáil taobh istigh de shé mhí ón uair go nglacann na teachtaí lena ról mar fheisirí. Beidh an chéad seisiún de Pharlaimint na hEorpa á reáchtáil ar an 2 Iúil 2019. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear na fothoghcháin a reáchtáil faoin 2 Eanáir 2020. Níl aon duine beo a déarfadh gur mhaith an plean a bheith ag beartú fothoghcháin idir dhá Nollaig.

Ní haon chabhair ach an oiread go bhfuil olltoghchán ag teannadh linn –  in earrach na bliana seo chugainn, dar le cuid mhór tráchtairí.

Tá scéal an Bhreatimeachta ag dul i bhfad agus i bhfuaire faoin tráth seo. Oíche Shamhna an sprioc is déanaí de réir an tsocraithe atá déanta ag an Aontas Eorpach le rialtas na Breataine. Agus sin gan trácht ar chomórtas ceannaireachta na dTóraithe a mbeidh toradh air ag deireadh mhí Iúil. Tá sé á thuairisciú cheana féin go bhfuil ar a laghad duine de na hiarrthóirí, Michael Gove, sásta an Breatimeacht a chur siar bliain eile má éiríonn leis. Má éiríonn le Boris Johnson, ag Dia amháin atá a fhios céard a tharlóidh. An mbeidh polaiteoirí na hÉireann sásta fanacht go mbíonn leigheas éigin ag an mBreatain ar a ngéarchéim féin? B’fhéidir go mbeadh murach an reachtaíocht a chuirfidh faoi ndeara dóibh na fothoghcháin a reáchtáil.

Tá roinnt cúlbhinseoirí i bhFine Gael ag rá gurbh fhearr dá réir olltoghchán a reáchtáil sa bhfómhar. Bíonn éiginnteacht ag baint le fothoghcháin i gcónaí agus is minice ná a mhalairt gurb iad an rialtas a bhíonn thíos leis. Ní bheadh mórán céille le Teachtaí a thoghadh ar feadh tréimhse cúpla mí roimh olltoghchán ach oiread.

Agus seachas sin go léir, ní mór cuimhneamh ar an gcáinaisnéis i mí Dheireadh Fómhair freisin. Neart ábhar machnaimh don Taoiseach.

Fág freagra ar 'Neart ábhar machnaimh ag an Taoiseach i ndiaidh na dtoghchán'

  • Joe Breathnach

    Alt an-shuimiúil. Ceist agam. Cad is brí le “idir dhá Nollaig” anseo?