Níl faic cloiste ag Seanadóir Gaeltachta faoina iarratas go ngairmfí cruinniú speisialta den choiste Oireachtais a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge chun scagadh a dhéanamh ar an tuarascáil ina maítear nach bhfuil fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach deich mbliana.
Is ar an 9 Meitheamh a chuir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin a chéad iarratas ar chruinniú faoi bhráid an choiste a bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.
Maítear sa Staidéir Chuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ‘nach bhfuil an Ghaeltacht inmharthana más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht’.
I ráiteas a thug sé aréir, dúirt an Seanadóir ó Chonamara go raibh “fearg” air toisc ‘neamhaird iomlán’ a bheith déanta ar a iarratas ar chruinniú faoin ‘ngéarchéim teanga’ sa Ghaeltach.
‘Mhol mé go dtabharfaí cuireadh d’Údarás na Gaeltachta, an t-údar Conchúir Ó Giollagáin agus ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaelscoileanna le fianaise a thabhairt maidir leis an uasdátú.
‘Ní fiú is go bhfuair mé freagra uathu ar m’iarratas, cé gur scríobh mé ar an 9 Meitheamh, arís ar an 26 Meitheamh agus arís inniú. Labhair mé go pearsanta leis an gCathaoirleach, Michael McCarthy TD agus le baill fóirne a bhíonn ag plé le h-obair an chomhchoiste idir an dá linn freisin agus smid níor airigh mé ar ais uathu,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.
Is i nGaeilge a dhein Ó Clochartaigh a éileamh ar chruinniú, agus thug sé le fios go gcreideann sé go mb’fhéidir go raibh baint ag a rogha teanga le neamhshuim an choiste.
“Is i nGaeilge amháin a bhí mo chomhfhreagras, rud a shíl mé a bhí ceart i gcomhthéacs an ábhair a bhí mé ag ardú. Níl fhios agam an bhfuil baint ar bith aige sin le m’iarratas, nó an é nach suim leis an gcomhchoiste atá freagrach as na réimsí seo sa gceist thábhachtach atá ardaithe agam?
‘Tá amhras orm gur léiriú eile é seo ar easpa dáiríreachta an rialtais seo i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.”
Bríd
Meas sibh ar bhfiú dó leagan den litir a chur sa Pholainnis mar thurgnamh sóisialta, féachaint an dtabharfaí aird uirthi?