‘Néal trom dorcha’ os cionn Ghaeltacht Dhún na nGall agus ainm iascaire a bhásaigh aréir tugtha

James ‘Dearg’ Byrne ab ainm don fhear Gaeltachta as Chill Charthaigh a bhásaigh amach ó chósta Theilinn aréir

‘Néal trom dorcha’ os cionn Ghaeltacht Dhún na nGall agus ainm iascaire a bhásaigh aréir tugtha

Tá ainm an iascaire a bhásaigh amach ó chósta Ghaeltacht Dhún na nGall aréir tugtha.

James ‘Dearg’ Byrne ab ainm don fhear Gaeltachta as Chill Charthaigh. Sna seachtóidí luatha a bhí sé agus bhí cúigear clainne air.

Ag thart ar a 9pm aréir tháinig baill den Gharda Cósta agus an héileacaptar tarrthála 118 go dtí láthair na heachtra inar chuaigh bád an fhir ar na carraigeacha amach ó Theileann.

Tar éis dianchuardaigh, fuarthas corp James ‘Dearg’ Byrne san uisce in aice láimhe go gairid ina dhiaidh sin.

Tá fiosrúchán curtha ar bun féachaint conas a chuaigh an t-iascaire i bhfarraige.

Dúirt Sagart Paróiste Chill Charthaigh, an tAthair Éamonn Ó Gallachóir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go raibh “néal trom dorcha os cionn Chill Charthaigh’.

Fág freagra ar '‘Néal trom dorcha’ os cionn Ghaeltacht Dhún na nGall agus ainm iascaire a bhásaigh aréir tugtha'