‘Nár laga Dia thú, a Arlene, a chroí!’ arsa Sinn Féin

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Fágann útamáil toghchánaíochta Arlene Foster agus an DUP deis ag Sinn Féin díriú ar na ceisteanna teibí is ansa leo

‘Nár laga Dia thú, a Arlene, a chroí!’ arsa Sinn Féin

Arlene Foster. Pictiúr: RollingNews.ie

Ceacht a haon i lámhleabhar an pholaiteora: ‘ná tabhair buntáiste mar bhronntanas dod’ chéile comhraic’.

Ceacht a Dó: ‘Bain tairbhe as buntáiste ar bith a scaoiltear chugat’.

Ní raibh leisce ar bith ar Shinn Féin an deis a thapú nuair a chuaigh Arlene Foster thar fóir lena diúltú d’Acht na Gaeilge agus ina cuid cainte ar chrogaill chraosacha. Dhearbhaigh na maslaí sin gach duáilce a bhí curtha i leith an DUP ag Sinn Féin – sotal, diúltú don chomhionannas, drochmheas ar Éireannachas agus faillí ina ndualgais i leith an phobail iomlán. “Scaoileadh sí chugainn é!”, a dúirt duine de lucht stocaireachta Shinn Féin le Tuairisc.ie, “ní dúinne a dhéanfaidh sí dochar.”

Seans gur thuig Arlene Foster agus a páirtí an méid sin freisin. Cúig lá tar éis di a racht a chur di agus tar éis di diancháineadh a fháil ó aontachtaithe agus náisiúnaithe araon, d’fhéach sí leis an damáiste a laghdú. In alt léi sa nuachtán náisiúnach The Irish News, ghlac sí ‘cuid den mhilleán’ as íomhá frithnáisiúnach a bheith aici.

‘A mhalairt ar fad atá fíor’ a dúirt sí, is í ag fógairt gur theastaigh uaithi comhoibriú a chothú. Má chuir daoine áirithe fáilte roimh an maolú ar bhinb cheannaire an DUP níor shuim le Sinn Féin é.

Tá feachtas an pháirtí phoblachtánaigh bunaithe ar luachanna an chomhionannas, an mheasa agus ionracais. Tá an meas agus na cearta céanna dlite do gach duine, más de bhunadh na háite nó den phobal nua iad, beag beann ar chreideamh, teanga, náisiúntacht, polaitíocht, dath cnis nó claonadh gnéis, a deir Michelle O’Neill, comharba Martin McGuinness mar cheannaire ar Shinn Féin i dTuaisceart Éireann.

Bhí na meáin shóisialta breac le pictiúir de chrogaill Shinn Féin ag éileamh ‘Acht na Gaeilge Anois’. Theastaigh barántas ón ngrúpa stocaireachta Dearg le Fearg gur éileamh doshéanta, nó ‘red line issue’, a bheadh ansin, ach d’fhág freagra Shinn Féin ar an gceist go bhfuil solúbthacht i gcónaí ann maidir lena ndearcadh faoin éileamh sin. Níor chosúil go raibh cur chuige an pháirtí oibrithe amach. In agallamh teilifíse bhréagnaigh Michelle O’Neill maíomh an DUP maidir leis an róchostas a bhainfeadh le hAcht na Gaeilge ach ní raibh sí in ann, nó ní raibh sí toilteanach, a rá cad a bheadh i gceist san Acht nó cén costas a bhainfeadh leis. An bhfuil nod sa mhéid sin nach éileamh doshéanta é an tAcht Gaeilge ag Sinn Féin?

Feileann sé do Shinn Féin díriú ar cheisteanna teibí agus ar phrionsabail ghinearálta. Nuair a thit a vóta anuraidh baineadh siar astu. Fuair siad aiseolas diúltach nuair a d’fhiosraigh siad cén fáth. Bhí olc ar chuid dá lucht tacaíochta mar gur lig siad don DUP satailt orthu. Is ionann an feachtas seo mar sin agus ‘éirí amach’ Shinn Féin in aghaidh an DUP. Tá súil acu go gcuirfidh an cáineadh atá á dhéanamh acu ar shotal agus ar bhiogóideacht an DUP cluaisíní croí ar vótóirí poblachtánacha, agus go méadóidh sé sin a stór.

Maíonn feachtasóirí Shinn Féin go bhfuil toghthóirí níos corraithe an t-am seo ná mar a bhí le fada. Maíonn siad chomh maith gurb é teachtaireacht an pháirtí atá á ngríosadh. Ní féidir leo a shéanadh go raibh siad i gcumhacht leis an DUP le deich mbliana anuas, ach ní ghlacann siad le freagracht as mífheidhmiú Stormont sa tréimhse sin.

Rinne Martin McGuinness a mhíle dícheall chun barr feabhais a chur ar an gcóras, a deir siad, agus níor éirigh sé as go dtí gur léir nach raibh fuascailt i ndán don fhadhb.

Ní éirigh leo, áfach, gach ceist faoi na tréimhsí atá caite sa bhFeidhmeannas acu a sheachaint. Bhí a fhios acu le bliain faoin róchaiteachas ar an scéim fuinnimh inathnuaite. Cén fáth, mar sin, nár chás leo an scéal go dtí mí Eanáir 2017? Deir Martin McGuinness nach raibh a fhios aige cé chomh brocach is a bhí an cás go dtí go bhfaca sé clár teilifíse i mí na Nollag inar bhréagnaigh Jonathan Bell agus Arlene Foster a chéile faoi ról an iarChéad-Aire sa chonspóid. Nuair a chuala sé an méid sin, ba léir do McGuinness, ar sé, nach bhféadfadh Sinn Féin a bheith bainteach le feidhmeannas a mbeadh caimiléireacht á cur ina leith. Ach bhí Sinn Féin ag iarraidh an feidhmeannas a choinneáil sa tsiúl ina dhiaidh sin, nuair a bhí siad ag lúbadh agus ag casadh faoin sórt fiosraithe ba mhaith leo faoin bpraiseach. Mar sin, ní shásaíonn a bhfreagra faoin gconspóid mórán, ach cuireann siad an locht ar Arlene Foster mar nach raibh sí toilteanach seasamh i leataobh.

Is breá leis na fíréin i measc lucht tacaíochta Shinn Féin a chlos nach mbeidh an DUP in ann a dhul i réim i Stormont arís gan cead Shinn Féin. Is fíor nach dtig leis an bpáirtí aontachtach is mó ná an páirtí náisiúnach is mó a dhul i gcumhacht gan cead an dreama eile. Sin de réir rialacha Chomhaontú Aoine an Chéasta. Cuireann an méid sin sé an DUP le ceangal agus is mór an pléisiúr a bhaineann a gcéilí comhraic as a gcantal.

Tá cor eile curtha sa scéal ag Michelle O’Neill, áfach. Dúirt sise má bhíonn Sinn Féin ar an páirtí is mó ar fad i ndiaidh an toghcháin nach roinnfeadh siad cumhacht le Arlene Foster mura mbainfí smál na scéime fuinnimh inathnuaite dá cáil. Is é is brí leis sin ná nach roinnfí cumhacht le Foster go dtí go mbeadh críoch leis an bhfiosrú poiblí a mhairfidh leathbhliain nó níos mó.

Mar sin más é sin rogha na vótóirí beidh folús i Stormont go ceann sé mhí ar a laghad. Deis idirbheartaíochta a bheadh ansin chun gach a raibh as bealach a chur ina cheart, a deir Sinn Féin. Deis amú a deir an DUP, a fhiafraíonn arbh fhearr le Sinn Féin maireachtáil faoi riail dhíreach na dTóraithe ná cumhacht a roinnt le páirtí láidir aontachtach.

Deir Sinn Féin nach mbeadh aon ghlacadh acu leis an riail dhíreach.

An ann do chomhghéilleadh éigin a bheadh inghlactha gan an ruaig a chur ar Arlene Foster? Más ann dó, cad é féin?