Nár bhreá an rud é an t-earrach is Imbolc a cheiliúradh le lá saoire bainc Bhríde?

Muire na nGael, Dia na torthúlachta, Bríd, Bríde, Bideach, Bidí, Bridget, Bridie, Brigitte – déanaimis ceiliúradh ar gach aon bhean acu

Nár bhreá an rud é an t-earrach is Imbolc a cheiliúradh le lá saoire bainc Bhríde?

Tá luaidreáin go leor ag gabháil thart go bhfuil rún ag an Rialtas lá saoire breise a thabhairt dúinn as seo go Nollaig mar chomhartha buíochais do na hoibrithe a bhí ag obair ar son an phobail le linn ghéarchéim an Covid-19.

Naoi lá saoire bainc atá againn cheana agus is cosúil go ndéanann earnáil an fháilteachais agus na turasóireachta go maith ar na laethanta sin.

Nach bhfuil sé thar am againn bean bhreá ar mhór é a croí a cheiliúradh? Feilméara, easpag, tógálaí, máthairab, ceannródaí, iníon sclábhaí, teagascóir, saineolaí déiríochta agus dúlra, fiontraí agus naomh is dia.

Is beag bean eile a d’fhág a lorg chomh domhain ar an tír seo – logainmneacha, toibreacha, clochair agus scoileanna agus cá bhfágfá an béaloideas ar fad atá fós beo beathach sa bpobal. Nach ndeirtear gur tobar léi a thug a ainm don seomra géibhinn sa mbeairic, an bridewell nó an smachtlann.

Nár bhreá an rud é an t-earrach is Imbolc a cheiliúradh le lá saoire bainc Bhríde? Neart ama le crosanna Bríde is brídeoga a dhéanamh agus gnaíúlacht Bhríde ár spreagadh le cuidiú leis an té atá buailte. Más fonn siúil atá ort tá 70 míle de Camino Bhríde ag gabháil ó Fhochaird a dúchais [más ea] go dtí Cill Dara mar ar chuir sí tús lena teagasc.

“Ba bhean í Naomh Bríd a dhiúltaigh glacadh le nósmhaireacht a linne,” a mhaígh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ar a lá féile i mbliana agus nach géar a theastaíonn a leithéid uainn anois. Na mná cróga a bhí páirteach sa bhFrithdhúnadh Mór i 1913, ba í Naomh Bríd an pátrún a bhí acu.

Cosamar 1500 bliain ó shin ní cosúil go ndearnadh aon iontas do bhean a bheith ina heaspag Críostaí agus is spéisiúil a bheith ag smaoineamh ar eaglais na Róimhe sa lá inniu agus bean ina ceannas. Arbh é díbirt is deamhnú na mban an dealg ba shiocair leis an morgadh a chniog an eagraíocht?

Muire na nGael, Dia na torthúlachta, Bríd, Bríde, Bideach, Bidí, Bridget, Bridie, Brigitte – déanaimis ceiliúradh agus lá saoire do gach aon bhean acu ar an gcéad lá den Earrach, an chéad lá de mhí Feabhra.

Fág freagra ar 'Nár bhreá an rud é an t-earrach is Imbolc a cheiliúradh le lá saoire bainc Bhríde?'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máire Ní Fhinneadha, ‘Nár bhreá an rud é an t–earrach is Imbolc a cheiliúradh le lá saoire bainc Bhríde?’, tuairisc.ie, Dé Máirt, Deireadh Fómhair 5, 2021.

    ‘Bridget’ ab ainm do mháthair mo mhátharsa. Is cainteoir leathdhúchais Gaeilge ba ea Bridget, agus bhí lán mála d’amhráin idir Ghaeilge agus Bhéarla aici. Tháinig néaltrú ar Bhridget i ndeireadh a saoil, agus tugadh as an Taobh Theas de Chiarraí go Baile Átha Cliath í, agus cuireadh isteach in Ospidéal San Séam í. I mBaile Átha Cliath a bhí cónaí ar bheirt iníonacha do Bhridget, Betty, banaltra, agus deirfiúr do Bhetty, mo mháthairse, iarbhanaltra. Ag obair go páirtaimseartha in Ospidéal San Séam a bhí Betty, agus idir Betty agus mo mháthair, thugaidís aire do Bhridget. Thugadh mo mháthair turas ar Bhridget tar éis dinnéir Dé Domhnaigh. Is cuimhin liom féin a bheith i dteannta mo mháthar san ospidéal sin Domhnach sa bhliain 1967. D’fhéach Bridget ar mo mháthair, d’fhéach Bridget ormsa, d’fhéach sí ar ais ar mo mháthair, agus arsa ise le mo mháthair: ‘lao an–bhreá é sin [i.e. mise]. Cé méid a thugais air?’ Beannacht Dé le hanamacha na marbh.

    Bríd eile ar fad, nó Brídeanna eile ar fad, dar ndóigh, atá i gceist ag Máire Ní Fhinneadha san alt aicise. Meascann Máire, Bríd Bandia le Bríd Naofa, rud atáthar a dhéanamh le fada sa seanchas, mar a insíonn Dáithí Ó hÓgáin dúinn in The Lore of Ireland (2006) lgh 50 55. Ach áitíonn Máire chomh maith gur Easpag Críostaí ba ea Bríd Naofa, agus bheadh Gary Macy ag aontú le Máire ar an méid sin. Is é Macy údar an leabhair, The Hidden History of Women’s Ordination: Female Clergy in the Medieval West (2008). Dar le Macy go raibh mná á n–oirniú do ghrádha na sagartachta, coitianta, aniar go dtí an 12ú céad, nuair a tosaíodh ar chur ina choinne sin, agus na grádha sin a theorannú d’fhir amháin. Ach is léamh eile ar fad atá ag an diagaire, Manfred Hauke, air sin, údar Die Problematik um das Frauenpriestertum vor dem Hintergrund der Schönpfungs– und Erlösungsordnung (Paderborn 1986), nó Women in the Priesthood? (San Francisco 1988).

    Ban–Ab ba ea Bríd Naofa. Admhaíonn an tAth. Hauke go mbíodh beagnach a oiread cumhachta ag an mBan–Ab sa Mheánaois agus a bhíodh ag an Easpag. Chomh fada leis an scéal gurbh é a choiscric Bríd ina hEaspag, Mel, Easpag Ardach, d’admhaigh Mel gur trí thaisme a rinne sé é sin, ach gurbh é deonú Dé é, mar sin féin! Easpag eile dá raibh i láthair, Mac Caille, deartháir do Mhel, de réir dealraimh, chuir sé in iúl do Mhel nach don bhean an coisreacan. Má tá fírinne ar bith sa scéal, is deacair a thuiscint conas a bheadh an coisreacan bailí, mar gurbh iad na paidreacha faoi bhráid caille na Ban–Aba a bhronnadh ar Bhríd a dúirt Mel le linn an tsearmanais. Rud eile atá air: ní féidir duine a choisreacan ina Easpag mura sagart é. Níl fianaise ar bith ann gur triaileadh Bríd a oirniú ina sagart.

    Ar aon chuma, tugann an tAth. Hauke fianaise go leor ina leabharsan go raibh an Eaglais Chríostaí ag cur i gcoinne oirniú nó choisreacan na mban na céadta bliain roimh an 12ú céad. Bítear á chur chun cinn mar argóint go raibh glacadh ag an Eaglais Chríostaí le grádh an Deochain a bhronnadh ar bhean; agus tharla gur ceann de Mhór–Ghrádha na Sagartachta is ea grádh an Deochain, nach bhfuil cúis ar bith le gan grádh an tSagairt, ná grádh an Easpaig a bhronnadh ar bhean. Lucht páirte oirniú na mban sa lá atá inniu ann, is iad a bhíonn á chur sin chun cinn. Ach míníonn an tAth. Hauke sa leabhar sin go bhfuil fianaise go leor ann nach grádh de chuid na sagartachta ba ea grádh an Bhan–Deochain, ní mar a chéile agus grádh an Deochain, agus gur chuid de ghnó an Bhan–Deochain, cuir i gcás, ba ea freastal ar an mbean nuair nach mbainfeadh sé le cuibhiúlacht go bhfreastalódh fear uirthi.

    Is é an chúis is mó atá ag an Eaglais Chaitliceach inniu le gan bean a oirniú ina sagart gur i bhfoirm fir a ghlac Íosa Críost féin an nádúr daonna air féin, agus nach bhfuil aon chumhacht ag an Eaglais Chaitliceach, bean a oirniú. Ach tá argóintí eile i gcoinne bean a oirniú. Is cuid den scéal é nach bhfuil Dia, ann féin, fireann ná baineann, agus nach mbaineann an ghiniúint dhaonna le Dia. Is cuid den Chreideamh Caitliceach is ea é gur ina maighdean a bhí Muire roimh choimpeart Íosa Críost, le linn choimpeart Íosa Críost, agus tar éis choimpeart Íosa Críost. Bhí an Giúdachas ar an mbeagán creideamh, agus Críost ar an saol seo, nach raibh bansagairt acu. Bhí dlúthbhaint ag na bansagairt úd le torthúlacht na talún. Ní chuige sin a tháinig Críost ar an saol, ach chun fuascailt a thabhairt don chine daonna ó iarmhairtí Pheaca an tSinsir, chun leorghníomh a dhéanamh inár gcuidne peacaí; agus slánú a chur in áirithe dúinn. Bhí togha drochmheasa ag cuid de na Giúdaigh ar Chríost, i dtaobh Críost a bheith ar aontumha, agus bhídís ag tabhairt ainmneacha diamhaslacha air. Ach ní hí an atharthacht fhisiceach, ach an atharthacht spioradálta, an atharthacht is mó i dtuiscint na Críostaíochta.

    Cuimhnímis ar an drochmheas a bhí ar Eiliosaibeit go dtí go bhfuarthas amach ise a bheith ag iompar. Ar feadh an chuid is mó den Sean–Tiomna, is beag tuiscint a bhí ag na Giúdaigh ar an saol eile. Ba é an tslí chun síoraíocht a chur in áirithe duit féin, sliocht a bheith ort. Bhí drochmhallacht ar an nGiúdach nach raibh aon sliocht air/uirthi. Ní hamháin go bhfuil Críost ar aontumha, ach is ina Síor Mhaighdean atá Muire, agus áitíonn na diagairí, ainneoin go raibh smál Pheaca an tSinsir ar anam Íosaf le linn a choimpearthasan, gur glanadh smál Pheaca an tSinsir de, go gairid i ndiaidh a choimpeartha –– nó go ndearnadh athnuachan spioradálta sa bhroinn air –– mar a rinneadh ar Eoin Baiste, abair. Agus tugadh na grásta do Iósaf gan aon pheaca gníomhach a dhéanamh i rith a shaoil, agus is pósadh neamhchollaí, gan amhras, a bhí leis an Maighdean Mhuire ag Iósaf. Is léiriú é Íosa Críost ar Dhia an tAthair. Creidimidne, Caitlicigh, gurb amhlaidh atá Críost á shíorghiniúint ag an Athair; agus gur léiriú ar ghrá an Athar agus an Mhic dá chéile is ea an Spiorad Naomh. Ceann d’fheidhmeanna an tsagairt is ea a thaispeáint do na tuataí conas mar atá Dia. Níl ach aon Eaglais amháin d’Eaglaisí Caitliceacha an Oirthir a cheadaíonn don bhaitsiléir ar sagart é pósadh tar éis a oirnithe, cé go ndéanann siadsan fir phósta a oirniú. Ní dhéanann na hEaglaisí sin a choisreacan ina nEaspaig ach sagairt ar aontumha. Go bhfios domsa, is mar sin a bhíonn ag Eaglaisí Ceartchreidmheacha an Oirthir chomh maith.

    Ní léir go bhfuil sé ag cur le fás na n–aicmí Protastúnacha cead pósta a bheith ag a gcuid ministrí; ná ní léir ach a oiread go bhfuil sé ag cur lena bhfás–san mná a bheith ina ministrí. Ní riail docht amach is amach is ea riail na haontumha ag an Eaglais Chaitliceach. Má iompaíonn ministir Protastúnach ina Chaitliceach, agus má mheastar é a bheith oiriúnach chun a oirnithe ina shagart Caitliceach, ní thugtar air a bhean a chur uaidh, má bhíonn bean aige. Tarlaíonn chomh maith go n–oirnítear an áirithe sin seanaithreacha ina sagairt gach uile bhliain, agus a gcuid ban céile fós in aontíos leo.

    Tá fadhbanna go leor ar an Eaglais Chaitliceach sa lá atá inniu ann, ach ní féidir í a chniogadh. Tá gealltanas ó Chríost féin againn nach mbuafaidh Geataí Ifrinn uirthi [Matha 16: 18].