Naomh Conaill agus Bhulf Tón sa tóir ar Chorn an Aire arís eile

Tá cumainn ó Dhún na nGall le páirt a ghlacadh i gcluiche ceannais na bhfear agus na mban i gcomórtais na sinsear agus na sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta sna Méilte

Naomh Conaill agus Bhulf Tón sa tóir ar Chorn an Aire arís eile

Daniel Barrett agus Séamus Howard ó Bhéal an Mhuirthead san iomaíocht le hEoghan McGettigan, Naomh Conaill ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Naomh Conaill Dhún na nGall agus boic mhóra na Mí, Bhulf Tón, a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta ar na Méillte tráthnóna.

Bliain tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailliúint i Leitir Móir, tá Naomh Conaill ar ais i gcluiche mór na Cincíse agus iad ag iarraidh Corn an Aire a bhuachan den tríú huair chun cur leis na buanna a bhí acu in 2016 agus 2017.

Bhí fir na nGleanntach an-chumasach sna cluichí a bhí acu go dtí seo agus buanna breátha acu in aghaidh Bhéal Átha an Ghaorthaidh, a sháraigh iad sa chluiche ceannais ar an Máimín anuraidh, agus aréir nuair a bhí deich bpointe le spáráil acu ar Bhéal an Mhuirthead.

Níl stíl na gConallach athraithe mórán ó bhí siad i mbarr a réime in Ard an Rátha in 2016 agus i mBaile Bhuirne an bhliain dár gcionn. Tá siad breá sásta seilbh na liathróide a choinneáil ar feadh tréimhsí fada ach nuair a roghnaíonn siad luas a chur faoin imirt is minic go mbaineann siad leas as an tseilbh chéanna.

Más é Dermot ‘Brick’ Molloy a bhí ina naoscaire ag Naomh Conaill sna buanna roimhe seo ag an gComórtas Peile, is é Eoghan McGettigan atá ag aimsiú fhormhór na scóranna dóibh an deireadh seachtaine seo. Bhí an tosach, a bhí ar phainéal Dhún na nGall sular bhain gortú glúine dó, ar fheabhas ar fad in aghaidh Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus seacht bpointe aige. Scóráil sé dhá phointe sa bhreis ar an méid sin sa chluiche leathcheannais in aghaidh Bhéal an Mhuirthead.

Tá taispeántais láidre tugtha freisin ag leithéidí John O’Malley, Kevin McGettingan, Ultan Doherty agus Séamus Corcoran agus beidh iarracht mhór ag teastáil chun Naomh Conaill a shárú.

Tá sé de chumas ag Bhulf Tón sin a dhéanamh, áfach. Bhí siad róláidir don Rinn agus do Chill na Martra sna cluichí a bhí acu go dtí seo. Bhuaigh fir na Mí Corn an Aire an uair dheireanach a reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i nDún na nGall, sna Dúnaibh in 2018, agus beifear dóchasach go n-éireoidh leo an corn a thabhairt leo arís anocht.

OIsín Ó Mairtín, Bhulf Tón, ag coinneáil greim ar an liathróid sa chluiche in aghaidh Chill na Martra ag Comórtas Peile na Gaeltachta sna Méilte. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Spreag cúil sa chéad leath ó Fhiachra Ward Bhulf Tón chun an ceann is fearr a fháil ar an Rinn ina gcluiche ceathrú ceannais agus bhíodar i gceannas ó thús go deireadh in aghaidh Chill na Martra inné. Cé go raibh beirt do phainéal Chorcaí, Tadhg Ó Corcora agus Dan Ó Duinnín ar fáil do Chill na Martra don chluiche bhí imreoir idirchontae eile, Adam O’Neill, níos éifeachtaí agus fuair sé cúl do Bhulf Tón théis deich nóiméad tar éis dó a bheith ag imirt don Mhí ar an Satharn. D’aimsigh Saran Ó Fionnagáin pointí chun an bhearna idir na foirne a mhéadú agus bhí rás Chill na Martra rite nuair a scóráil Fiachra Ward agus Seán Penny cúl an duine sa dara leath.

Chomh maith leis an mbua sin sna Dúnaibh in 2018, bhuaigh Bhulf Tón Craobh Shinsir na Mí in 2021, rud a chiallaíonn, ach oiread le Naomh Conaill, nach gcuirfidh an lá mór isteach orthu. Seans go gcaithfidh na foirne an chéad chuid de chluiche ceannais an lae inniu ag tomhas a gcéilí comhraic ach osclóidh na bearnaí agus d’fhéadfadh an chéad chúl, má thagann sé, a bheith cinniúnach.

I gCraobh Shinsir na mBan, An Tearmann agus Maigh Cuilinn a thabharfaidh aghaidh ar a chéile tar éis dóibh a bheith i bhfad róláidir don bhfreasúra ina gcluichí leathcheannais.

Bhuail an Tearmann greadadh ar Chill Chomáin ina gcluiche agus é soiléir an-luath sa choimhlint go mbeadh an lá leis na Conallaigh. Léirigh Geraldine McLaughlin go bhfuil sí go fóill ar cheann de na tosaithe is fearr sa tír agus 3-6 aici i gcoinne na foirne as Maigh Eo. Bhí 1-3 ag McLaughlin agus gan ach ceithre nóiméad imeartha agus bhí 4-6 faighte ag an Tearmann sular fuair Cill Chomáin a gcéad scór. D’aimsigh Róisín McCafferty agus Sophie Curran roinnt mhaith scóranna freisin i gcluiche a bhí iontach aontaobhach.

Thug Clann na nGael beagáinín níos mó le déanamh do Mhaigh Cuilinn ach bhí foireann na Gaillimhe fós i bhfad níos láidre. Rinne Shannon Ní Chéidigh gaisce scórála do Mhaigh Cuilinn a bhí nach mór chomh maith le McLaughlin agus 1-10 ag bean na Gaillimhe. Bhí Ellen Power lárnach in imirt Mhaigh Cuilinn chomh maith agus mheasfá go bhfuil obair mhór roimh fhoireann na Gaillimhe más leo  stop a chur le McLaughlin agus an Tearmann inniu.

I gcomórtais na sóisear, tabharfaidh an Clochán Liath agus Micheál Breathnach aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na mban. Bhí an bua ag an gClochán Liath ar an bhfoireann baile, Naomh Muire, i gcoimhlint theann ar na Méilte agus an dá chúl a d’aimsigh an Clochán Liath sa chéad leath cinniúnach.

Bhuaigh Micheál Breathnach, a chroch leo comórtas na sóisear anuraidh, ar Chill tSéadhna i gceann de na cluichí is fearr a imríodh ag an deireadh seachtaine. Bhí na foirne ar comhscór théis 60 nóiméad, 3-10 ag na Breathnaigh agus 5-4 ag Cill tSéadhna ach d’éirigh le mná Chois Fharraige an beart a dhéanamh san am breise agus iad tagtha amach chun tosaigh ar scór 4-17 in aghaidh 5-5.

I gCraobh Shóisir na bhFear, beidh Gaoth Dobhair agus Cill Chomáin in aghaidh a chéile. Bhí briseadh croí i ndán arís don chumann áitiúil agus Naomh Muire cloíte ag Cill Chomáin le haon phointe amháin. Beirt seanfhondúirí, Harry Harden do Naomh Muire agus Derek Moran do Chill Chomáin, a rinne tromlach na scórála le hocht bpointe an duine ach ba é an cúl a d’aimsigh an cosantóir Eoin McGrath do Chill Chomáin gar don deireadh an scór cinniúnach.

Seanfhondúir eile, Kevin Cassidy, a bhí i lár an aicsin sa chluiche leathcheannais eile agus bua aon phointe amháin ag Gaoth Dobhair ar Lios Póil. Bhí na foirne ar comhscór agus an t-am nach mór caite ach d’aimsigh na Conallaigh pointe ag fíordheireadh na himeartha chun an cluiche a bhaint agus áit sa chluiche ceannais a fháil.

Craobh Shóisir na mBan
An Clochán Liath v Micheál Breathnach – 10.00rn (Beo ar Youtube Sport TG4)

Craobh Shinsir na mBan
An Tearmann v Maigh Cuilinn – 12.00in (Beo ar Youtube Sport TG4)

Craobh Shóisir na bhFear
Gaoth Dobhair v Cill Chomáin – 2.00in (Beo ar TG4)

Craobh Shinsir na bhFear
Naomh Conaill v Bhulf Tón – 4.00in (Beo ar TG4)

 

Fág freagra ar 'Naomh Conaill agus Bhulf Tón sa tóir ar Chorn an Aire arís eile'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cad chuige a bhfuil cluichí na mban a thaispeáint beo ar YouTube agus tá cluichí na bhfear beo ar an teilifís??

    Agus, an bhfuil Gaeilg ag na himreoirí uilig sa chomórtas seo? Tá mé den bharúil nach bhfuil…