Naoi lá go dtí an Breatimeacht agus gan aon fhaoiseamh ón imní

Nós imeachta ársa ó 1604 an dris chosáin is déanaí roimh Theresa May agus í luite amach uirthi féin ag iarraidh an DUP a mhealladh

Naoi lá go dtí an Breatimeacht agus gan aon fhaoiseamh ón imní

Ba í an tubaiste ar an gCorr Chríochach a bhí ag goilliúint ar fhormhór an phobail sa tuaisceart le cúpla lá, ní nach ionadh. Cailín agus beirt bhuachaillí marbh i dtimpiste oíche na féile Pádraig: Lauren Bullock, 17, Conor Currie, 16, agus Morgan Barnard, 17. Dalta i gColáiste Phadraig Dún Geanainn ab ea Lauren agus bhí an bheirt bhuachaillí ar an scoil béal dorais, Acadamh Naomh Pádraig. Bris uafásach é do mhuintir na marbh, trí theaghlach a bhfuil aithne mhaith agus meas orthu ar fud an chontae, ach buille mór freisin do na scórtha daoine óga a bhí i láthair. Tharla an tragóid ag doras an óstáin ina raibh an dioscó a mbíodh tóir ag daoine óga ar fud an chontae air.

Bhí seirbhísí comhairliúcháin ag cuidiú le déagóirí, socruithe speisialta á ndéanamh sna scoileanna do dhaltaí a bhí croite agus sochraidí á n-ullmhú ag tuismitheoirí croíbhriste fad is a bhí an PSNI agus feidhmeannaigh sábháilteachta Chomhairle Lár Uladh ag fiosrú na timpiste. Aireofar toradh na tubaiste go ceann i bhfad sa réigiún. Beidh an-chuid ceisteanna le freagairt faoi conas a tharla ach is gnó é sin do lá is faide anonn.

Tá blas fuarchroíoch air, seans, a bheith ag cuimhneamh ar an mBreatimeacht i bhfianaise na tragóide i dTír Eoghain ach ní féidir é a sheachaint. Tá an phraiseach ag dul in olcas agus an teannas drámata ag treisiú. Tráth a raibh ainmneacha na ndéagóirí a bhásaigh á nochtadh, bhí Spéicéir na Parlaiminte in Westminster ag baint leagan as an bPríomh-Aire Theresa May. Rialaigh John Bercow nach mbeadh cead ag May a margadh aistarraingthe ón Aontas Eorpach a chur faoi bhráid na bhfeisirí arís mura ndéanfaí athruithe suntasacha air. Má bhí súil ag Theresa May freastal ar chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh Déardaoin agus cinneadh dearfach ón bparlaimint mar armlón aici den chéad uair, chuir Bercow casadh nua sa scéal.

Nós imeachta ársa ó 1604 is ea é nach gcuirtear an moladh céanna a fuair an t-eiteachas cheana faoi bhráid na Parlaiminte an athuair le linn an tseisiúin chéanna, a dúirt sé. Cheadaigh sé an dara vóta mar gheall ar an margadh mar go raibh eolas nua ón AE ag dul leis an socrú an uair sin, a dúirt sé. Bhí móramh 149 feisire in aghaidh an mhargaidh an uair sin. Bhí súil ag an bPríomh-Aire a margadh a mholadh den tríú huair dá mbeadh an DUP agus roinnt ionadaithe eile meallta chuici aici. Ní bheadh d’athrú i gceist an babhta sin, má b’fhíor, ach tacaíocht bhreise a bheith tiomsaithe aici. Níor leor sin don Spéicéir, is cosúil.

I measc na roghanna fuascailte a raibh caint orthu, moladh go gcuirfí an Pharlaimint ar fionraí chun seisiún nua a thionscnamh. Bhí daoine eile ag caint ar olltoghchán, ar imeacht de phreab ón AE ag deireadh na míosa, ar shíneadh ama fada nó leasuithe ar an margadh a dhéanfadh an Bhreatain féin amháin.

An ndéanfadh geallúintí a thabharfadh rialtas na Breataine don DUP dóthain difríochta don mhargadh chun an Spéicéir a shásamh agus vóta Parlaiminte eile a reáchtáil? Leasuithe aontaobhacha ón mBreatain a bheadh iontu, cheapfá, seachas leasuithe a aontaíodh mar chuid den mhargáil leis an AE. I measc na dtairiscintí a maítear a rinne May agus a hairí don DUP, bhí ról don pháirtí san idirbheartaíocht leis an AE faoin gcaidreamh iar-imeachta.

Neamhshuim arís i ndearcadh an mhóraimh abhus atá in éadan an Bhreatimeachta agus atá thar a bheith míshásta le cur chuige an DUP?

Maíodh freisin gur tairgeadh vóta in Stormont chun an cúlstad a cheadú nó a thoirmeasc. Dá meallfadh sé sin an DUP chun cuidiú le May agus dá sásódh sé an Spéicéir seans go mba leor é chun na caoirigh a chur thar abhainn in Westminster. Measaim áfach go gcuirfeadh sé leis na deacrachtaí idir na páirtithe anseo agus gur lú seans dá bharr go bhféadfaí Stormont a athbheochan. Ceist eile, an nglacfadh Parlaimint na hEorpa leis? Déanann an dream is cíocraí chun Breatimeachta neamhshuim den riachtanas gur gá an Eoraip a shásamh chomh maith leis an Ríocht Aontaithe. Is fíor gur margáil eatarthu féin atá ar siúl sa Bhreatain le trí bliana nach mór, ach tá páirtnéir le sásamh chomh maith sa deireadh.

Bhí roinnt daoine ar dhá thaobh na hargóna ag rá gur bhuntáiste dóibh féin é rialú an Spéicéara. Mhaígh Owen Paterson agus cuid eile den lucht Breatimeachta is antoiscí go n-éascódh an rialú an seans go n-imeofaí as an Aontas Eorpach an tseachtain seo chugainn gan aon mhargadh a bheith déanta, mar a theastaigh uathu. Ní fheilfeadh sé sin don DUP, áfach. Mar is dual don pháirtí sin bhí siad ag baint fad as a gcuid idirbheartaíochta leis an bPríomh-Aire, ag iarraidh ruainne beag eile a shracadh aisti sula léireoidís ‘solúbthacht ar mhaithe leis an leas coiteann’. Dáiríre, solúbthacht chun iad féin a chosaint ón milleán atá á charnadh orthu ag baile atá ag teastáil uathu. Bhain John Bercow cor coise astu agus as a lán eile. Níorbh aon ribín réidh an cúrsa roimhe sin, ach ní corrach go dtí é anois.

Fág freagra ar 'Naoi lá go dtí an Breatimeacht agus gan aon fhaoiseamh ón imní'

  • TÓC

    Píosa breá mar is dual duit, a Phóilín.