‘Náireach’ go bhfuil ‘beag is fiú’ déanta d’Údarás na Gaeltachta ag coiste fiontraíochta Thithe an Oireachtais

Beidh ionadaithe ó Fiontraíocht Éireann, an IDA agus InterTrade Ireland i dTithe an Oireachtais inniu chun cúrsaí Breatimeachta a phlé, ach ní bhfuair an eagraíocht fiontraíochta Ghaeltachta aon chuireadh go dtí an cruinniú

‘Náireach’ go bhfuil ‘beag is fiú’ déanta d’Údarás na Gaeltachta ag coiste fiontraíochta Thithe an Oireachtais

Údar ‘náire’ é nár tugadh cuireadh d’Údarás na Gaeltachta a bheith i láthair ag cruinniú faoi chúrsaí Breatimeachta atá á reáchtáil inniu ag coiste Gnó, Fiontraíochta agus Nuálaíochta an Oireachtais.

Tabharfaidh ionadaithe ó Fiontraíocht Éireann, an IDA agus InterTrade Ireland eolas do bhaill an choiste Oireachtais inniu faoin ullmhúchán atá ar siúl acu maidir leis an mBreatimeacht, ach ní bhfuair an eagraíocht fiontraíochta Ghaeltachta aon chuireadh a bheith i láthair ag an gcruinniú.

Dúirt an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh sé “náireach” go raibh “beag is fiú” déanta d’Údarás na Gaeltachta agus go raibh an Ghaeltacht “fágtha in áit na leathphingine” arís.

“Tá an ceart agus an cead céanna ag Údarás na Gaeltachta a bheith páirteach sa phlé faoi chúrsaí Breatimeachta agus atá ag na heagraíochtaí fiontraíochta eile.

“Tá an tábhacht céanna ag baint leo agus ní hamháin sin, ach tá cuid mhór de Thír Chonaill, atá buailte leis an teorainn, faoi chúram an Údaráis chomh maith agus tábhacht ar leith ag baint leis sin maidir leis an mBreatimeacht,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Dúirt an Teachta Dála Gaeltachta gur sampla eile a bhí sa scéal nár tugadh cuireadh don Údarás freastal ar an gcruinniú den chlaonadh, dar leis, atá ann eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta “a bhrú go dtí imeall na díospóireachta faoi cheisteanna tábhachtacha”.

Dúirt Ó Cuív go raibh an méid sin tugtha faoi deara aige “go háirithe i gcás an Rialtais seo” agus nach raibh sé “sách maith” go raibh an dearcadh ann gur chóir go bhfágfaí gach rud a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht “faoi choiste Gaeilge”.

Mary Butler, Teachta Dála de chuid a pháirtí féin, Fianna Fáil, atá ina cathaoirleacht ar Chomhchoiste Gnó, Fiontraíochta agus Nuálaíochta an Oireachtais, agus dúirt Ó Cuív go mbeadh sé i dteagmháil léi láithreach chun an scéal a fhiosrú agus chun a chinntiú go dtabharfaí an “ceart” céanna feasta d’Údarás na Gaeltachta is a thugtar d’eagraíochtaí fiontraíochta eile.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar Thithe an Oireachtais.

Fág freagra ar '‘Náireach’ go bhfuil ‘beag is fiú’ déanta d’Údarás na Gaeltachta ag coiste fiontraíochta Thithe an Oireachtais'

  • Aodh Mac Ruairí

    Ní aontas ar bith é seo. Ar lámh amháin, an t-Údarás ar thús a tslóigh agus ar an lámh eile, fágtha ar deireadh. Féach http://www.udaras.ie/en/bi-reidh/