Nach iad Mother Agnes agus Charles Smith a bhainfeadh sásamh as Muilte Bhéal Easa inniu

Agus í ar cuairt ar Mhuilte Bhéal Easa, labhair ár gcolúnaí le fear a d’oibrigh ansin ar feadh 52 bliain

Nach iad Mother Agnes agus Charles Smith a bhainfeadh sásamh as Muilte Bhéal Easa inniu

Ag breathnú ar aerfhriochtóirí nó ‘air fryers’ a bhí an fear le mo thaobh, a cheap mé ar dtús. Ach níorbh ea – ag breathnú ar leabhair chócaireachta a bhí sé.

‘Tá dhá ‘air fryer’ agam sa mbaile,’ a dúirt sé go cairdiúil. ‘Athrú saoil atá iontu.’

Bhí fonn cainte air, mheas mé.

Bhreathnaigh sé timpeall – bhíomar i lár an tsiopa i Muilte Bhéal Easa. ‘Chaith mé 52 bliain ag obair anseo,’ a dúirt sé liom. Bhuel, rinne mé iontas den mhéid sin, óir ní raibh aon chosúlacht aoise ar an bhfear áirithe seo.

‘Sea, deirim le daoine a chuireann ceist orm faoi m’aois gur fhág mo mháthair taobh amuigh de na Muilte mé agus mé sa phram. Thóg na mná rialta isteach mé agus chuireadar ag obair mé.’

Ag magadh a bhí sé ar ndóigh. Sin muintir Mhaigh Eo agat.

Bhí cuimhne mhaith ag Larry Murray ar na seanlaethanta agus bhí cuimhní agam féin ar na seanphluideanna a mbíodh ainm ‘Foxford Woollen Mills’ orthu.

D’inis mé dó go raibh ceann nó dhó de na pluideanna sin agam féin fós agus ainm an té a thug ag an scoil aíochta iad greamaithe nó fuaite den imeall.

‘Bhídís sin á ndíol de réir meáchain,’ d’inis sé dom. ‘Bhíodh ceann an chúig phunt ann agus cinn níos troime a bhíodh ní ba dhaoire. Ná caith amach iad,’ chomhairligh sé dom.

‘D’oibrigh mé anseo nuair a bhí cúrsaí go maith ann agus bhí mé fós anseo nuair a bhí lag trá eacnamaíochta ann agus ní raibh ach ceathrar againn anseo ag coinneáil an ghnó ag imeacht,’ dúirt sé liom.

‘Ach céard a tharla ansin?’ d’fhiafraigh mé de.

‘Ar thit sé as a chéile toisc nár theastaigh na pluideanna móra troma ó dhaoine?’

Chuimhnigh mé ar na fallaingeacha seomra a chaitheadh cuid de na cailíní i mo scoil aíochta féin. Bhíodar thar a bheith áisiúil le linn laethanta agus oícheanta fuara na seachtóidí, nuair a bhí géarchéim ola ann. Ach ní hé gach duine a bhíodh in acmhainn ceann acu a cheannach – olann 100% a bhí iontu agus praghas dá réir.

‘D’imigh na pluideanna agus is dócha na fallaingeacha seomra as faisean,’ dúirt Larry. ‘An buille ba throime a bhuail na muilte ná teacht na gcuilteanna clúimh ar an saol. Go tobann bhí cuilt nó ‘duvet’ ag gach éinne.’

Nuair bhí mé féin ag obair ar an tsraith teilifíse Iris do RTÉ, rinneamar clár ar na muilte i mBéal Easa, an stair a bhain leo agus an gnó mar a bhí an uair sin. Is cuimhin liom go raibh bonn nua faoin ngnó an uair sin. Caithfidh sé gur am éigin i 1988 a bhíomar ann.

Sa mbliain 1987, dúnadh na doirse ar na muilte agus cheap muintir Bhéal Easa go raibh deireadh leis an ngnó. Nuair a bhí sé faoi lán seoil ar feadh naoi mbliana, choinnigh sé obair le 220 duine. Ag tráth amháin, bhí éide gach Garda sa tír á déanamh as éadach a rinneadh i mBéal Easa. Bhí muintir an bhaile agus an cheantair máguaird ag brath ar na muilte dá luach saothair. Ach ba ar a gcuid pluideanna agus na héadaí a rinneadh as an snáth olla a bhí an cháil ba mhó.

Nuair a dúnadh na doirse i 1987, glaodh isteach ar na glacadóirí. Ina measc siúd, bhí fear óg as an áit a bhí ina chuntasóir agus a tháinig chun an gnó a dhúnadh.

Ach a mhalairt ar fad a rinne sé. Cheannaigh sé na muilte agus chuir bonn nua faoin ngnó. Tosaíodh ag déanamh pluideanna éadroma ar dhathanna éagsúla a d’fhéadfaí a chur ag bun na leapan nó ar na glúine sa gcarr. Tosaíodh ag déanamh réimse nua earraí, ach coinníodh traidisiún na fíodóireachta beo.

Tugadh isteach dearthóirí proifisiúnta, leithéidí Helen McAlinden, a d’oibrigh in éindí le foireann na muilte chun éagsúlacht dathanna agus deartha a thabhairt isteach go rialta sa mbréidín. Osclaíodh siopa álainn a raibh réimse eile earraí tí agus cistine ar díol ann agus bunaíodh caifé lena thaobh a bhain cáil amach ón tús as ardchaighdeán an bhia ann.

Murab ionann is go leor glacadóirí, d’fhan Joe Queenan san áit a d’fhorbair sé ó dheireadh na n-ochtóidí i leith. Bhí sé le feiceáil ansin an lá cheana ag dul trí na rannóga éagsúla, fós ag coinneáil súil ar an ngnó. Meastar go bhfuil os cionn 70 ag obair ansin sa lá inniu.

Nuair a d’oscail an bhean rialta cháiliúil Mother Agnes McMurrough na muilte in 1892, fuair sí cabhair ó fhoinse nach mbeifeá ag súil leis. Bhí sí ag smaoineamh ar ghnó a oscailt a bheadh bunaithe ar cheardaíocht na háite agus a mbeadh an pobal ina chroílár. Chuaigh sí ó thuaidh go Cionn Aird [Caledon], i gContae Thír Eoghain agus d’iarr cabhair ar an bhfear gnó Charles Smith a bhí tar éis éacht a dhéanamh lena ghnó muilte plúr agus muilte olla, ar an mbaile sin.

Scríobh sé litir chuici a bhfuil cuimhne fós ag daoine ar an líne seo inti: ‘Madam, are you aware that you have written to a Protestant and a Freemason?’

Ach d’aontaigh sé teacht go Béal Easa agus in 1891, thosaigh sé ar an obair chun cúrsa na habhann a chur in oiriúint do thuirbín; rinne sé na pleananna do na monarchana nua, agus ansin chuardaigh sé meaisíní agus seolta fíodóireachta athláimhe in Éirinn agus i Sasana. Fear a raibh eolas maith aige ar an obair le meaisíní monarchan, a chuir in aithne dá chéile an Protastúnach agus an bhean rialta – duine eile as Maigh Eo, Michael Davitt.

Bhí mo chomrádaí sa siopa, Larry Murray a d’oibrigh ann ar feadh 52 bliain, ar tí imeacht. Bhí lán ciseáin de bhronntanais ceannaithe aige dá iníon agus dá clann siúd i mBaile Átha Cliath. Bhí súil aige a bheith ar ais i mBéal Easa don choirm mhór cheoil ag an deireadh seachtaine.

Nuair a bhunaigh Mother Agnes an muileann in 1890, níor stop sí ansin. Bhunaigh sí coláiste ceoil a bhain cáil amach ina dhiaidh sin. Tugadh múinteoirí ceoil le speisialtachtaí éagsúla chuig an bhaile le huirlisí éagsúla a mhúineadh do na daoine óga.

‘Bíonn an corn teanóir á chasadh agamsa sa mbanna ceoil práis,’ a dúirt mo chara nua liom agus é ag imeacht. ‘Tá cáil mhór ar bhanna ceoil práis Bhéal Easa.’

Dé Domhnaigh dár gcionn a bheidís ag casadh sna muilte in éineacht le ceoltóirí traidisiúnta as an áit.

Nach iad Mother Agnes agus Charles Smith a bhainfeadh sásamh as an taispeántas sin.

Fág freagra ar 'Nach iad Mother Agnes agus Charles Smith a bhainfeadh sásamh as Muilte Bhéal Easa inniu'

  • An tSr Phyllis Ní Shuirlis

    ‘Said agus na mílte nach iad, a d’oibrigh lán aimseartha ionta. Chair na muilta agus Siúracha na Carthanachta at chumas daoine a dtithe féin a thógáil agus tá said ina gcónai ionta go fóill, agus oideachas de’n scoth le fáil acu. Mo cheol tú a Mhairéad!

  • jpmorley0@gmail.com

    Éachtaint is ea an aiste bhreá seo ar an méid is féidir linn a bhaint amach nuair a bheimíd ag comhoibriú i bpáirt mhaitheasa lenár muintir ó thuaidh ach a mbeidh Éire aontaithe againn de bhun tola & comhthuisceana.

  • Antóin

    Bhí leas an phobail agus na tíre in aice le croí Siúracha ar fud na tíre ón tús. Is iad a bhí ceannródaíoch i gcúrsaí oideachais, sláinte agus fostaíochta. Is iad a bhí toilteanach íobairt a dhéanamh ar son an phobail agus is mairg nach bhfuil siad linn inniu.