Nach deas é? Thabharfadh siad ba bodhra as coillte…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é_

Ach oiread leo siúd a tógadh i gCois Fharraige lena linn, bhí Gaeilge ghlan, shnasta ag seanchara liom, Stiofán Ó Raighne as an gCoill Rua, a bhásaigh roinnt bliana ó shin, faraor.

Fear mór comhrá ab ea Stiofán agus ba bheag an fháilte a bhí aige roimh an athrú a tháinig ar thithe ósta go leor sna 1970óidí nuair a thosaigh bannaí ceoil agus ceoltóirí ag baint úsáide as micrafóin agus as deiseanna méadaithe gutha.

Agus é ag cur síos dom lá ar an bhfulaingt a bhí déanta aige an oíche roimhréide in áit a mbíodh an trup thar a bheith go dona, dúirt Stiofán faoin mbanna a bhí ag seimn ann “Thabharfadh siad ba bodhra as coillte”. Bealach eile lena rá go ndúiseodh siad na mairbh.

Ba bodhra a thabhairt as coillte. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Thabharfadh siad ba bodhra as coillte…'