Nach deas é? Tá sé crochta as an sreangán…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá sé crochta as an sreangán…

Tá sé crochta as an sreangán. Is éard a chiallódh sé sin go mbeadh sé i gcontúirt, i nguais nó i mbaol. 

Déarfadh daoine eile gur i bponc a bheadh sé, i ladhar an chasúir nó idir dhá thine Bhealtaine.  Bheadh sé ag rith ar an tanaí. B’fhéidir gur ag maireachtáil ón láimh go dtí an béal a bheadh sé. Coiscéimeanna corracha neamhchinnte a bheadh aige. Bheadh sé i gcruachás, i sáinn agus i ngábh. Sea agus i ngéibheann. Tá ciall príosúin le géibheann ach tá an chiall seo leis freisin.

Seans maith go ndéanfadh sé achainí géibheannach. B’fhéidir go ligfeadh sé scread ghéibheannach mar gur cás géibheannach a bheadh aige agus go mbeadh an uair ghéibheannach tagtha.

Bheadh sé in umar na haimléise ar chuma ar bith. Cinnte dearfa bheadh sé ar an bhfaraor géar. Tharlódh sé gur cruachás airgid a bheadh air. Bheadh sin ar fad go dona agus go rídhona ach is measa fós a bheadh an scéal aige dá mbeadh sé i gcontúirt a bháite, i gcontúirt a bháis, i gcontúirt a anama.

Déarfainn gur bheag an mhaith a bheith ag lua seanfhocail leis a deir nach mbíonn bua mór gan contúirt. Is mó an aird b’fhéidir a thabharfadh sé ar sheanfhocal eile a deir an té a ghrás an baol go gcaillfear ann é.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá sé crochta as an sreangán…'