Nach deas é? Tá mé glugáilte……

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá mé glugáilte……

Níl sé sa bhfaisean sa lá atá inniu ann a rá go bhfuil tú glugáilte mar is é an t-ocras an tsuáilce nua ar na saolta seo. Nach bhfuil an tEolaí s’againn féin ag lua fad saoil leis an bpláta gortach.

Bhí tráth ann, de réir mar a chuala mé, gur leis an gCarghas amháin a bhain suáilce leis an ocras agus an staonadh ach is cosúil gur ceann de sheacht dtíolacthaí nua an Spioraid Naoimh maireachtáil ar dhuilleoga glasa agus an easláinte, an leisce agus an bás anabaí a bhíonn á thuar don duine a d’éireodh ón mbord agus é glugáilte! Ní le bia amháin a d’fhéadfá a bheith glugáilte, mar bíonn siad ann a bhíonn glugáilte le pórtar, ar Aoine an Chéasta féin anois.

Glugar nó glugaire a thugtaí ar dhuine a raibh rian a choda go maith ar a mhéadal agus ba mhinic dá leithéid an-bhród a bheith aige as a chumas é féin a bheathú mar nach bhfuil sé ráite gur maith a shaothraíonn an droim an bolg.

Nach iomaí sin gasúr a bheas glugáilte ag uibheacha Cásca an cúpla lá seo. Lán go béal, sách, sactha, i gcruth pléascadh, i do dhromadóraí (dromadaire?), scáil do bhoilg ar na fraitheacha, chomh teann le mála an phíobaire, glugáilte.

Glugáilte, nach deas é!

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá mé glugáilte……'