Dá laghad calraí a itheann an duine is faide a mhairfidh sé

NOD DON EOLAÍ: Dá mhéid de cheimiceáin áirithe a tháirgtear sa luch is ea is giorra a saol. Is amhlaidh i gcás an duine de réir taighde nua…

Dá laghad calraí a itheann an duine is faide a mhairfidh sé

De réir tuairisc a foilsíodh san iris Cell Metabolism ag deireadh na seachtaine seo thart, tá seans ann go bhfuil ceangal idir an méid calraí a itheann duine agus fad a shaoil.

Tá sé ar eolas ag lucht taighde le caoga bliain anuas gur faide a mhaireann lucha má itheann siad níos lú le linn a saoil. Tá an nasc sin idir calraí agus a dtréimhse ar an saol le feiceáil in ainmhithe eile fosta.

Tá fianaise ann a léiríonn gur damáiste a dhéantar sna cealla is cúis leis an difríocht sin. Nuair a tharlaíonn an t-imoibriú a tháirgeann fuinneamh as siúcra agus ocsaigin sna cealla táirgtear ceimiceáin bheaga. Speicis ocsaigin imoibríche (SOI) a thugtar ar na ceimiceáin seo agus déanann siad mórán dochair sna cealla. 

Téann na ceimiceáin i ngleic le lipidí atá thart ar na cealla agus ar na próitéiní atá taobh istigh agus taobh amuigh de na cealla. In amanna faigheann na cealla bás dá bharr.

Nuair a théann muid in aois bíonn cuma níos measa ar ár gcraiceann mar bíonn na cealla ag fáil bháis níos minice ná mar a bhíodh le linn na hóige. Ní bhíonn an phróitéin collaigin, a thugann solúbthacht don chraiceann, chomh solúbtha agus a bhíodh. Na SOI is cúis le cuid de na hathruithe seo a tharlaíonn agus muid ag dul in aois.

Ba í an hipitéis a bhí ag na taighdeoirí nuair a thug siad faoin staidéar nua seo gur lú de na SOI a tháirgtear má itheann muid níos lú calraí le linn ár saoil. 

Chun a fháil amach an raibh ceangal idir aiste bia agus tréimhse saoil an duine, rinneadh trialacha ag an Ionad Taighde Bithleighis Penington, in Baton Rouge, Louisana.

Rinne taighdeoirí tomhas ar an mhéid SOI a táirgeadh le linn tréimhse dhá bhliain i measc dhá ghrúpa éagsúla daoine.

Bhíodh grúpa amháin ag ithe 15% níos lú calraí ná an grúpa eile ar feadh dhá bhliain. Ó am go chéile thagadh na daoine a bhí páirteach sa triail isteach chun tréimhse a chaitheamh ina gcónaí i seomraí speisialta san ionad taighde.

Bhí trealamh sna seomraí a rinne tomhas ar go leor eolais maidir leis na daoine sin, an méid ocsaigine a bhíodh siad a shú isteach i rith an lae san áireamh.

Bunaithe ar an fhianaise seo, bhí na taighdeoirí ábalta an méid SOI a táirgeadh i gcoirp na ndaoine a thomhas.

Bhí i bhfad níos lú SOI á tháirgeadh ag an ghrúpa ar aiste bia a bhí gann ar chalraí ná a bhí á tháirgeadh ag an ghrúpa a raibh an gnáthmhéid calraí á bhfáil acu. Taispeánann sé seo go bhfuil baint idir an méid calraí a bhíonn san aiste bia agus an méid SOI a tháirgtear i gcorp an duine.

Bhí a fhios againn cheana mar sin go raibh ceangal idir an méid SOI a tháirgtear i gcorp luiche agus fad saoil na luiche sin, agus dá mhéid SOI a tháirgtear sa luch is ea is giorra a saol. 

Más amhlaidh an cás i gcorp an duine thabharfadh na torthaí úra le fios go bhfuil nasc idir an méid calraí a itheann sé agus fad saoil an duine.

Fág freagra ar 'Dá laghad calraí a itheann an duine is faide a mhairfidh sé'

  • léitheoir

    Séanfad an deoch láithreach.