Tá dáir oibre air a déarfaí faoi dhuine a bheadh ag obair ar a dhícheall. Bheadh dúrúch oibre air.
Tá daoine ann a chuireann dáir chainte díobh.
Le bó a luaitear dáir go hiondúil. Tá an bhó faoi dháir. Coinníonn an bhó an dáir scaití agus cailleann sí an dáir uaireanta eile.
An té a mbíonn an t-ádh air tagann dáir ar a bhullán a deirtear.
Faoi eachmairt, faoi shéasúr, thart nó timpeall a bhíonn an láir.
Faoi adhall a bhíonn an madra. Faoi chlíth a bhíonn an chráin.
Bíonn an chaora faoi reithe, an cat faoi chatachas agus an gabhar faoi imreas nó faoi phoc.
Faoi phoc a bhíonn an giorria baineann freisin.
Bíonn an eilit faoi ratamas.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá dáir oibre air…'