Beidh spéirling chugainn i lár na hoíche agus rabhadh dearg gaoithe le teacht i bhfeidhm don 26 contae Dé hAoine.
Tiocfaidh an rabhadh i bhfeidhm go moch maidin Dé hAoine agus seasfaidh sé go dtí meán lae i bhformhór áiteanna agus go dtí 3pm i nDún na Gall. Beidh go leor scoileanna agus áiteanna oibre dúnta.
De réir Scála Beaufort, trína dtugtar grád do stoirmeacha, is spéirling aon stoirm a mbíonn gaoth níos mó ná 117km san uair léi. Beidh gaoth chomh mór le 135 ciliméadar san uair ann le linn Storm Éowyn a bheidh chugainn anocht. Deir Met Éireann gur “fíorannamh” a bhíonn spéirlingí os cionn talún in Éirinn.
Tiocfaidh an chéad rabhadh i bhfeidhm ag 2am do Chiarraí, Corcaigh, Port Láirge, Luimneach, Ceatharlach, Cill Channaigh agus Loch Garman. Seasfaidh an rabhadh go dtí meán lae sna contaetha sin go dtí 10am.
Beidh an rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm do chontaetha an Chláir agus na Gaillimhe ag 3am go dtí an meán lae.
Ó 4am a bheidh rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm i Maigh Eo Liatroim agus Sligeach agus mairfidh sé go dtí meán lae freisin.
Tiocfaidh an rabhadh i bhfeidhm ag 6am do Dhún na nGall agus mairfidh sé go dtí 3pm.
Idir 6am agus meán lae Dé hAoine a mhairfidh an rabhadh dearg don Chabhán, Muineachán, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Laois, an Longfort, an Mhí, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Cill Mhantáin, Ros Comáin agus Tiobraid Árann.
Beidh rabhadh dearg i bhfeidhm do chósta na hÉireann ó mheán oíche go dtí 6pm Dé hAoine – ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid agus soir thar Mhuir Éireann. Beidh gaoth anoir aneas againn ag fórsa 10 nó 11 go dtí a sé a chlog tráthnóna Dé hAoine.
Deir Met Éireann go dtabharfaidh Stoirm Éowyn léi gaoth a d’fhéadfadh “díobháil agus dochar” a dhéanamh agus beatha daoine a chur i mbaol. Tá rabhadh oráiste i bhfeidhm do shé chontae an Tuaiscirt freisin.
Beidh scoileanna, ionaid chúraim leanaí agus institiúidí tríú leibhéal dúnta fad is atá an rabhadh dearg i bhfeidhm agus tá comhairle curtha ar dhaoine fanacht sa bhaile.
Comhairlítear nár cheart ach d’oibrithe éigeandála a bheith ag taisteal ar mhaithe le bheith ag obair agus iarradh ar fhostóirí cead a thabhairt d’oibrithe obair ón mbaile.
Táthar ag achainí ar dhaoine fanacht amach ó cheantair cois cósta agus aird a thabhairt ar fhainic an Gharda Cósta, ‘Fan siar, Fan ard, Fan tirim’.
Tá fainic curtha ag Met Éireann ar aon duine a bheidh ag tabhairt faoi aon taisteal go bhféadfadh an-chontúirt a bheith ar bhóithre. D’fhéadfadh dálaí oibre a bheith contúirteach chomh maith.
Deir Met Éireann go bhféadfadh go bhfágfadh an stoirm seo go gcuirfí imeachtaí ar ceal agus go gcuirfidh sí isteach ar dhaoine a bheidh ag taisteal.
D’fhéadfadh go leagfaí crainn agus go mbeadh briseadh cumhachta forleathan ann.
Táthar ag tuar go bhféadfadh 135 ciliméadar san uair a bheith leis an stoirm an uair is measa a bheidh sí.
Tá an baol ann go bhféadfadh tonnta arda a bheith ann agus d’fhéadfadh tuilte a bheith cois cósta.
Carraig
“Beidh spéirling iffreanda sa spéir is deamhain ar mire ag cacadh tine .”
Tuar na haimsire?
Ní hea ach líne as dán de chuid an Ríordánaigh;
“Ní raibh sí dílis.”