Tá sé fógartha go bhfuil Michelle Ní Chróinín ceaptha ina Ceannasaí Cumarsáide agus Margaíochta ag Údarás na Gaeltachta.
Tá taithí fhada ag Ní Chróinín, arb as Baile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí di, in earnáil na cumarsáide agus 13 bliain caite aici mar Cheann Preasoifige in Ollscoil na Gaillimhe.
Is ag feidhmiú mar Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála san ollscoil a bhí Ní Chróinín sula bhfuair sí an post nua le hÚdarás na Gaeltachta. Rinne sí stiúradh ar fhorbairt chéad Straitéis Ghaeilge na hollscoile agus ar thionscadal athbhrandála.
Chomh maith lena cuid oibre in Ollscoil na Gaillimhe, bhí Ní Chróinín mar Bhainisteoir Tionscadail le Colmcille, ina léiritheoir teilifíse le Telegael, agus i mbun bainistíochta imeachtaí le MCD Productions.
Deir an tÚdarás go dtabharfaidh sí ceannaireacht don fhoireann chumarsáide “le linn tréimhse chinniúnach d’fhorbairt na heagraíochta”.
Tá Ní Chróinín ina Cathaoirleach ar Mhuintearas faoi láthair agus ina Stiúrthóir Boird ar Mhacnas. Chaith sí deich mbliana ar Bhord TG4 idir 2012 agus 2022.
“Duine ón nGaeltacht mé agus tá an-áthas orm filleadh ar mo dhúchas Gaeltachta le hÚdarás na Gaeltachta,” a dúirt Michelle Ní Chróinín faoina ceapachán. “Tá an eagraíocht lárnach i gcreatlach chultúrtha agus eacnamaíochta Ghaeltachtaí na hÉireann.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis: “Beidh saineolas fairsing Michelle ar chumarsáid straitéiseach, a cumas ceannaireachta, agus an ceangal domhain atá aici leis an nGaeltacht fíorluachmhar agus muid ag tabhairt faoin gcéim straitéiseach nua seo”.
Tá Michelle Ní Chróinín ag cur fúithi i Maigh Cuilinn lena clann.
Fág freagra ar 'Bean as Múscraí ceaptha ina ceannasaí cumarsáide agus margaíochta ag Údarás na Gaeltachta'