Fonn is faobhar ar churaidh Uladh roimh agaidh a thabhairt ar an gCeathrú Rua i bPáirc an Chrócaigh

Foireann óg lán fuinnimh iad Naomh Pádraig Uisce Chaoin atá ag súil craobh shóisir na hÉireann a bhuachan mar chomóradh ar iar-imreoir a bhásaigh anuraidh, a scríobhann eagarthóir an ‘Inisowen Independent’

Fonn is faobhar ar churaidh Uladh roimh agaidh a thabhairt ar an gCeathrú Rua i bPáirc an Chrócaigh

Deireadh Fómhair seo caite an chéad uair riamh a bhuaigh Naomh Pádraig Uisce Chaoin craobh an chontae ach tá siad anois ar an gcéad chumann as contae Dhún na nGall ar éirigh leo Cluiche Ceannais na gClubanna i bPáirc an Chrócaigh a bhaint amach.

I 1989 a bunaíodh Cumann Naomh Pádraig Uisce Chaoin ar bhruach Loch Feabhail. Dhá uair roimhe seo, in 2010 agus 2016, a d’éirigh leis an gcumann dul chomh fada le craobh an chontae agus dul abhaile folamh. Is beag an t-iontas mar sin an spleodar a bhain lena mbua i nDeireadh Fómhair anuraidh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar a gcomharsana, Carn Domhnach.

Don imreoir óg Evan Craig, a bhásaigh ón ailse mí Meán Fómhair seo caite agus gan é ach 24 bliain d’aois, a thíolaic bainisteoir na foirne, Daniel McCauley, an bua sin. Tá aithne mhaith ag an mbainisteoir ar an bhfoireann seo mar tá sé ag traenáil cuid mhaith acu ó thosaigh siad ag imirt peile ina ngasúir.

Lántosaí dúthrachtach ab ea Evan Craig a bhí ina imreoir le Naomh Pádraig sna gráid ar fad go dtí gur bhuail an ailse é i ngeimhreadh na bliana 2023. Shocraigh a chomhimreoirí go gcuimhneoidís ar Evan i ngach cluiche a d’imreoidís.

“Gheall muid d’Evan go mbeadh sé inár dteannta agus muid ag dreapadh na gcéimeanna agus ag crochadh an choirn san aer,” a dúirt McCauley tar éis dóibh craobh Dhún na nGall a bhuachan. “Faraor géar, bhásaigh Evan mí ó shin agus gheall muid dá mhuintir go bhfaigheadh muid an Bonn Sóisir dó atá tuillte go maith aige.”

Ar fhilleadh don fhoireann abhaile an oíche sin agus Corn an Chontae acu, chuaigh siad ar pharáid tríd an mbaile agus thugadar an corn go dtí uaigh Evan. Bhí an Bonn Sóisir faighte acu d’Evan… ach ní raibh deireadh déanta.

Ar chraobh an chúige a bhí súil ag Naomh Pádraig. Ní raibh Craobh Shóisir Uladh buaite riamh ach ag dhá chumann as Dún na nGall, Naomh Colmcille in 2017 and Aodh Ruadh Chúil na gCuirridín an bhliain dár gcionn. Níor chuir sin aon drochmhisneach ar Daniel McCauley ná a fhoireann.

Cé go raibh gortuithe ag spochadh leis an déagóir agus lántosaí, Kevin Lynch agus le Caolan McColgan, fear a thosaigh le foireann Dhún na nGall i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe mí Iúil seo caite, le linn an fheachtais cúige sin, chuir siad díobh curaidh Aontroma agus Ard Mhacha go héasca agus ní raibh rompu ansin Cumann Naomh Seosamh, An Charraig Bhán, as Doire.

Bhí gach uile imreoir a bhí ag Naomh Pádraig an lá sin 26 bliain d’aois nó níos óige agus d’ainneoin an taithí mhór a bhí ag curaidh chontae Dhoire agus an teacht aniar éachtach a rinne siad sa gcluiche, thug foireann Dhún na nGall leo craobh an chúige leis an aon chúilín amháin. D’éirigh le McColgan agus Lynch cúl an duine a fháil sa gcluiche sin.

A leithéid d’éacht, cumann nár bhuaigh craobh sna 35 bliain ó bunaíodh é agus dhá thrófaí mhóra crochta leis aige laistigh de sheacht seachtainí.

Ar Ruislip Shasana a thug Naomh Pádraig a n-aghaidh i dtús mhí na Nollag chun cluiche ceathrú ceannais na hÉireann a imirt in aghaidh Tara GFC ach ar an drochuair rinne Stoirm Darragh ciseach den pháirc ansin agus b’éigean dóibh filleadh ar Londain níos túisce an mhí seo leis an gcluiche sin a imirt.

Is fánach an feabhas a bhí ar an aimsir an lá sin ach an oiread mar bhí sé ina dhíle le linn an chluiche. D’fhág trí chúl a fuaireadar sa dara leath gur le Naomh Pádraig a bhí an svae, an deireadh seachtaine céanna a bhfuair An Cheathrú Rua an ceann is fearr ar Bhéal Átha na gCarr as Uíbh Fhailí.

Coicís ó shin thug Naomh Pádraig a n-aghaidh ar Pháirc Pharnell i bpríomhchathair na tíre seo le tabhairt faoi churaidh na Mumhan, Cill Mhuire as Corcaigh.

Faoi dhó sa gcluiche sin bhí chuile chosúlacht ar Chill Mhuire gur leosan a bheadh an lá ach ní raibh Naomh Pádraig cloíte agus b’éigean am breise a imirt agus ó bheith ceithre chúilín taobh thiar, bhuaigh Naomh Pádraig an cluiche le díocas is dúrúch ar chiceanna pionóis.

An Satharn beag seo beidh na sluaite Conallach as Magh, Rinn Uí Choigligh, Carraig Mhic Uidhilín agus gach baile eile i bparóiste Uisce Chaoin i bPáirc an Chrócaigh agus iad ag súil go n-éireoidh le Cumann Naomh Pádraig, cumann a bhí go minic ina cheap magaidh ag lucht peile an chontae, Craobh Chlubanna na hÉireann a thabhairt go Dún na nGall, an chéad chumann sa gcontae a mbeadh a leithéid d’aicsean déanta aige.

Ní mór a bheas ar eolas acu faoin gCeathrú Rua as Conamara, cé gur maith an seans go nglacfaidh duine acu an deis le focal a bheith aige leis na seanchomhrádaithe a bhí leis ar fhoireann 1998.

Bhí Robin Doyle ar fhoireann stairiúil John O’Mahony an bhliain sin nuair a thug Gaillimh Corn Mhig Uidhir thar Sionainn anoir. Bhí beirt na Ceathrún Rua, Seán Óg de Paor agus Seán Ó Domhnaill ina theannta.

Bean mhaith a mheall Robin Doyle go Dún na nGall agus dathanna gorm agus buí Naomh Pádraig a bheidh ar a gclann i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn.

D’imir an mac is sine atá acu, Cillian, do mhionúir Dhún na nGall anuraidh ach tá sé cúpla mí ró-óg le bheith ag imirt in aghaidh chlann a sheanmhéit, Seán Ó Domhnaill, Maitiú agus Cian, ar an Satharn.

Níor imir Naomh Pádraig agus An Ceathrú Rua a chéile riamh roimhe seo agus seans maith nach n-imreoidh arís go deo ach sa gCumann Lúthchleas Gael is fánach an áit nach bhfaighfeá bráthair is muintearas.

Fág freagra ar 'Fonn is faobhar ar churaidh Uladh roimh agaidh a thabhairt ar an gCeathrú Rua i bPáirc an Chrócaigh'