Tá áis nua cruthaithe ag forbróir bogearraí a chuireann an seanchló Gaelach – agus an ‘ponc séimhithe is buailte’ san áireamh – ar théacsanna a scríobhtar sa chló Rómhánach. Is é Séimhiú.ie an t-ainm atá ar an suíomh atá cruthaithe ag William Campbell, Éireannach atá ina chónaí sa Ghearmáin, atá in ann dhá leagan den chló Gaelach a chur ar théacs.
Dúirt Campbell le Tuairisc go raibh “cúpla lá saor” aige i gcaitheamh na Nollag nuair a chuimhnigh ar an deacracht a bhíonn ag daoine ar mhaith leo scríobh go digiteach sa chló Gaelach, agus gur bheartaigh sé an cheist a réiteach.
“Bhí mé ag smaoineamh le linn na Nollag, nuair a bhí cúpla lá saor agam, go raibh an fhadhb seo ann. Thuig mé an fhadhb, go mb’fhéidir nach raibh daoine in ann é a dhéanamh ar an méarchlár a bheadh acu agus thuig mé go mbeadh sé an-éasca suíomh idirlín a chruthú a réiteodh an fhadhb,” a dúirt sé.
Níl le déanamh ag an té ar mhaith leis téacs a chur sa seanchló ach é a chlóscríobh sa bhosca ar an suíomh, nó téacs a chóipeáil agus a ghreamú ann, agus an stíl “nua-aoiseach” nó “insleach” a roghnú.
Is éard atá i gceist leis an stíl insleach ná an ‘s’ agus an ‘r’ Gaelach seachas na leaganacha Rómhánacha atá coitianta i dtéacsanna seanchló freisin. Is ón suíomh Gaelchló a fuair Campbell an dá chlófhoireann atá ar fáil ar a shuíomh féin, agus mhol sé obair Ghaelchló go mór.
“Níor chruthaigh mé féin na clófhoirne, sin jab i bhfad níos mó agus ní hin mo bhua féin ar chor ar bith. Tá obair iontach déanta ag Gaelchló, agus is féidir na clófhoirne atá acu a íoslódáil agus a úsáid ar do ríomhaire féin freisin,” a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh “coimpléasc ísleachta” ag lucht labhartha na Gaeilge san am a caitheadh nuair a tugadh isteach clóscríobháin agus an clóphreas ar scála mór. Ba mar gheall ar an “gcoimpléasc” sin, a dúirt sé, a rinneadh an cinneadh fáil réidh leis an gcló Gaelach, ach mhaígh sé go bhfuil an teicneolaíocht anois ann le déileáil leis.
“Bhí coimpléasc ísleachta ag a lán daoine agus chreid siad go raibh rud éigin mícheart leis an teanga. Ar ndóigh, níl rud ar bith mícheart leis an teanga, bhí rud éigin mícheart leis an teicneolaíocht nach raibh in ann déileáil leis an teanga.
“Is féidir an seanchló a úsáid ar ríomhairí anois ach is dócha go mbeadh streachailt i gceist d’fhormhór na gcainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh é a úsáid. Déanann Séimhiú.ie an cás i bhfad níos éasca agus is féidir le duine ar bith é a úsáid,” a dúirt sé.
Mhol sé, áfach, gan an uirlis a úsáid agus ríomhphoist á gcumadh ar fhaitíos nach mbeadh ríomhaire an té a gheobhadh an ríomhphost in ann an téacs sa seanchló a léamh.
Tash
An jab aꞃ fad.
Bꞃeá ꞅimplí le húꞅáíd.
Fergus na Foghraíochta
“Bhí dhá chló in úsáid sa Ghaeilge nuair a bunaíodh an Saorstát, an cló Gaelach, cló a sholáthair an Bhanríon Eilís I i gcomhair fhoilsiú an Bhíobla sa séú haois déag agus a bhí bunaithe ar thraidisiún na lámhscríbhinní, agus an cló Rómhánach a bhí in úsáid i bhformhór na dteangacha san Eoraip” (Ní Ghearáin 2012: 205)
Throid an scríobhneoir Máirtin Ó Cadhain go fíochmhar in aghaidh “lucht an Chló Gaelaigh”.