Gníomhaí as Béal Feirste is dóichí a bheidh ina chéad uachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge 

Ciarán Mac Giolla Bhéin an t-aon duine de thriúr atá ainmnithe  d’uachtaránacht Chonradh na Gaeilge atá sásta glacadh leis an ról 

Gníomhaí as Béal Feirste is dóichí a bheidh ina chéad uachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge 

Is dócha ná a mhalairt gurb é Ciarán Mac Giolla Bhéin as Béal Feirste an chéad duine eile a bheidh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Dúnadh na hainmniúcháin do thoghchán na huachtaránachta Dé hAoine seo caite. Cuireadh trí ainm chun cinn – Mac Giolla Bhéin, Mairéad Ní Fhátharta as Inis Meáin, agus an t-uachtarán reatha Paula Melvin.  

Scríobhfaidh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, chuig na hainmnithe ar fad le cur in iúl dóibh go hoifigiúil gur ainmníodh iad. Caithfidh na hainmnithe glacadh leis an ainmniúchán sula gcuirfear ar an mballóid iad. Tá sé fógartha ag Paula Melvin cheana féin nach lorgóidh sí an ceathrú téarma mar uachtarán cé go bhfuil cead ag duine cúig théarma i ndiaidh a chéile a chur isteach.  

Dheimhnigh Mairéad Ní Fhátharta, príomhoide scoile in Inis Meáin agus ball de Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge, nach mbeidh sí ag glacadh leis an ainmniúchán “an geábh seo” mar gheall ar “chúrsaí oibre agus clainne”. Ghuigh sí “gach rath” ar an gcéad uachtarán eile.  

Fágann sé sin nach mbeidh ach Ciarán Mac Giolla Bhéin ag glacadh leis an ainmniúchán agus, mura ndiúltóidh baill Chonradh na Gaeilge dó, gurb é a bheidh ina uachtarán tar éis Ard-Fheis na heagraíochta a bheidh ar siúl san Óstán White’s i Loch Garman ar an 22 Feabhra.  

Ba as an Tuaisceart do cheathrar uachtarán a bhí ar Chonradh na Gaeilge roimhe seo: Albert Fry as Béal Feirste (1979-1982), Gearóid Ó Cairealláin as Béal Feirste (1995-1998), Peadar Tomás ‘PT’ Mac Ruairí as contae Ard Mhacha (1998-2003), agus Niall Comer as contae an Dúin (2017-2022). Dá dtoghfaí é, bheadh Mac Giolla Bhéin ar an gcúigiú huachtarán as an Tuaisceart agus an 37ú huachtarán ar fad ar Chonradh na Gaeilge.  

Is é seo an chéad uair le beagnach cúig bliana déag nach mbeidh tánaiste Chonradh na Gaeilge ag seasamh do ról an uachtaráin tar éis don uachtarán reatha críochnú sa ról. Bhí Donnchadh Ó hAodha ina thánaiste ag Pádraig Mac Fhearghusa sular toghadh ina uachtarán in 2011 é; bhí Cóilín Ó Cearbhaill ina thánaiste ag Ó hAodha sular toghadh eisean in 2014; bhí Niall Comer ina thánaiste ag Ó Cearbhaill sular toghadh eisean in 2017; agus bhí Paula Melvin féin ina tánaiste ag Comer sular toghadh ise in 2020. 

Bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin lárnach san fheachtas ‘Dearg le Fearg’, feachtas a bunaíodh le cearta teanga a éileamh do chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt. Bhí sé ar dhuine de na daoine a d’fhostaigh Conradh na Gaeilge ina n-oifig ó thuaidh nuair a ceadaíodh maoiniú breise don eagraíocht faoin tsamhail nua mhaoinithe. Bhí sé ina Oifigeach Abhcóideachta leo. Chaith sé bliain ina stiúrthóir ar Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál sula bhfuair sé an post atá aige faoi láthair mar cheannasaí ar Chomhairle na Gaelscolaíochta.  

Iardhalta de chuid Choláiste Feirste é Mac Giolla Bhéin a bhfuil an-suim aige i bhforbairt earnáil na hóige agus i gcothú na Gaeilge i measc daoine óga go ginearálta. Tá baint aige le grúpaí éagsúla Gaeilge i mBéal Feirste – leithéidí Ghlór na Móna, Fóram na nÓg agus an cumann CLG lán-Ghaeilge, Laochra Loch Lao. Bhí sé ina ionadaí ar son earnáil óige na Gaeilge ar Ghrúpa Comhairleach Áitiúil an Údaráis Oideachais agus ina chathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh freisin.  

Beidh toghchán uachtaránachta Chonradh na Gaeilge ar siúl ar an 22 Feabhra in Óstán White’s i gcontae Loch Garman.  

Fág freagra ar 'Gníomhaí as Béal Feirste is dóichí a bheidh ina chéad uachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge '