Déanfar iarracht tús a chur arís sa Dáil ar maidin le toghadh an Taoisigh nua tar éis gur deineadh “mugadh magadh” den phróiseas inné.
Bhí Micheál Martin in ainm is a bheith tofa ina Thaoiseach inné, ach cuireadh an Dáil ar athlá ceithre huaire i rith an lae mar gheall ar chonspóid faoi chuid d’am cainte an fhreasúra a bheith á thabhairt do bhaill de ghrúpa neamhspleách atá ag tacú leis an rialtas.
Nuair a fhillfidh an Dáil ar maidin, coinneofar súil ghéar ar chur chuige an Cheann Comhairle nua, Verona Murphy, a bhí go mór faoi bhrú ó Theachtaí Dála an fhreasúra inné.
Mhaígh Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre go raibh easpa soiléireachta ann i dtaobh cén réiteach a gheobhadh Murphy ar an gconspóid faoi neamhspleáigh a d’aontaigh le Fianna Fáil agus Fine Gael an clár rialtais nua ach atá anois ag lorg cead cainte mar Theachtaí sa bhfreasúra.
Tá ceannairí an chomhrialtais le casadh le ceannairí pháirtithe an fhreasúra i dTeach Laighean ar maidin chun iarracht a dhéanamh réiteach ar an bhfadhb a fháil. Beidh an cruinniú sin ann ag 8.30rn agus súil ann go bhfillfidh an Dáil chun Micheál Martin a ainmniú mar Thaoiseach ag 10.30rn.
Rinne Martin cáineadh láidir ar iompar an fhreasúra ar an gCéadaoin agus ar iompar Shinn Féin go háirithe agus dúirt sé gur caitheadh “go huafásach” leis an gCeann Comhairle. Dar le ceannaire Fhianna Fáil go raibh iarracht déanta “bulaíocht” a dhéanamh ar Verona Murphy agus go raibh imeaglú i gceist.
Maidir leis an raic a d’fhág nár toghadh ina Thaoiseach é, dúirt Martin nach bhfaca sé a leithéid riamh.
“An méid a chonaiceamar inniu treascairt ar an mbunreacht a bhí ann. An dualgas is bunúsaí ar fad atá ar an Dáil ná Taoiseach a thoghadh, agus go deimhin rialtas a thoghadh. Ceileadh an deis sin orainn inniu a bhuíochas le seasamh réamhbheartaithe comheagraithe agus réamhphleanáilte an fhreasúra, agus Sinn Féin go háirithe.”
Dúirt Martin go raibh iliomad iarrachtaí déanta chun teacht ar réiteach idir na páirtithe uile agus gur measadh roinnt uaireanta go raibh réiteach aimsithe. Dúirt sé gur léir tar éis tamaillín, áfach, nach raibh sé i gceist ar chor ar bith ag páirtithe áirithe teacht ar shocrú.
“Bunaithe ar na ceisteanna a bhí faoi chaibidil, bhí iompar an fhreasúra inniu, iompar Shinn Féin, thar fóir ar fad,” a dúirt Micheál Martin.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris go raibh an méid a tharla sa Dáil “áiféiseach amach is amach”.
Dúirt sé gur “stunt politics”, nó polaitíocht na gcleas, a bhí i gceist agus nach raibh aon aidhm ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ach cur isteach ar thoghadh Mhichíl Martin ina Thaoiseach.
Cé gur shuigh an Dáil den chéad uair ag 11.00am inné, bhí ar Verona Murphy an Dáil a chur ar athlá trí huaire roimh am lóin. Chomh maith leis an aighneas a bhain le cearta cainte, ní raibh an freasúra sásta go bhfuil an comhrialtas nua ag iarraidh go rachadh an Dáil ar scor ar feadh coicíse go dtí an 5 Feabhra.
Nuair a d’fhill na Teachtaí Dála beagnach ceithre uair an chloig ina dhiaidh sin bhí Teachtaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael den tuairim go raibh réiteach faighte ar an scéal ach spréach an freasúra láithreach nuair a thug Murphy treoir don Teachta Dála nua ó Ghaillimh Thoir, Albert Dolan, Micheál Martin a mholadh mar Thaoiseach.
B’éigean don Cheann Chomhairle an Dáil a chur ar athlá den cheathrú huair ar a céad lá ceart sa ról nua.
Má éiríonn leis an vóta sa Dáil chun Micheál Martin a thoghadh ina Thaoiseach, rachaidh sé ina dhiaidh sin go dtí Áras an Uachtaráin, mar a mbronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, séala oifig an Taoisigh air. Ceapfaidh an Taoiseach nua a chuid airí ina dhiaidh sin.
Fág freagra ar 'Teachtaí Dála le hiarracht eile a dhéanamh Taoiseach a thoghadh, an Ceann Comhairle faoi bhrú'