Toghadh an Taoisigh curtha siar go dtí amárach agus an Dáil ina cíor thuathail ar feadh an lae

Cuireadh an Dáil ar athlá go dtí 9am maidin amárach nuair a dhéanfar iarracht eile tús a chur le toghadh Mhichíl Martin ina Thaoiseach

Toghadh an Taoisigh curtha siar go dtí amárach agus an Dáil ina cíor thuathail ar feadh an lae

Bhí an Dáil ina cíor thuathail inniu nuair a chuir raic faoi am cainte an fhreasúra moill lae ar thoghadh an Taoisigh nua.

Sa deireadh cuireadh an Dáil ar athlá go dtí a 9am maidin amárach nuair a dhéanfar iarracht eile tús a chur le toghadh Mhichíl Martin ina Thaoiseach.

Bhí Martin in ainm is a bheith tofa faoi am lóin inniu ach cuireadh an Dáil ar athlá trí huaire mar gheall ar raic faoi chuid d’am cainte an fhreasúra a bheith á tabhairt do bhaill de ghrúpa neamhspleách atá ag tacú leis an rialtas.

Ag thart ar 4.20pm tráthnóna rinneadh iarracht tús eile a chur leis na hainmniúcháin don Taoiseach ach d’imigh an Dáil ó smacht arís láithreach agus chuir Verona Murphy, an Ceann Comhairle a bhí faoi léigear ó mhaidin, ar athlá í go dtí amárach.

Teachtaí ón bhfreasúra ina seasamh sa Dáil

Nuair a tháinig an Dáil ar ais den tríú huair taobh istigh de dhá uair an chloig d’fhógair an Ceann Comhairle nua Verona Murphy go dtógfaí sos eile le deis a thabhairt d’aoirí na bpáirtithe teacht le chéile leis an aighneas faoin gcead cainte a réiteach, ach theip ar an iarracht sin chomh maith.

Ní raibh imeachtaí tosaithe i bhfad ar maidin nuair a tharraing an freasúra raic faoin gcead cainte atáthar a mholadh a thabhairt don ghrúpa neamhspleách sin ar bhinsí an fhreasúra. Bhí socrú sealadach á mholadh go mbeadh cead cainte ar bhinsí an fhreasúra ag na neamhspleáigh atá ag tacú leis an rialtas ach nach bhfuil poist rialtais acu, ach dúirt an Ceann Comhairle nach bhféadfadh sí a rá cén uair a dhéanfaí cinneadh críochnúil faoin scéal.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gur “cleas soiniciúil nach bhfacthas a leithéid cheana” a bhí sa mholadh go gcuirfeadh Fianna Fáil agus Fine Gael a “gcomrádaithe neamhspleácha” ar bhinsí an fhreasúra. Dúirt sí nach raibh an beart “féaráilte” agus “neamhspleách” ach a mhalairt.

Ba é an Teachta Dála Matt Carthy is mó a tharraing raic faoi na socruithe cainte do bhaill an Ghrúpa Réigiúnaigh agus é ar na boinn ag béiceach faoin gceist. D’iarr an Ceann Comhairle air cúpla babhta suí síos arís agus bhagair an Dáil a chur ar fionraí. Dúirt sé gur “tástáil” a bhí sa cheist agus gur “ag teip” a bhí an Ceann Comhairle.

Chuir Verona Murphy an Dáil ar fionraí ar feadh cúig nóiméad déag go gairid ina dhiaidh sin. Nuair a d’fhill an Dáil thosaigh an raic arís láithreach agus, ní den uair dheireanach, chuir an Ceann Comhairle na himeachtaí ar athlá arís.

 

Fág freagra ar 'Toghadh an Taoisigh curtha siar go dtí amárach agus an Dáil ina cíor thuathail ar feadh an lae'

  • Spadalach

    Bligeardaíocht chruthanta.
    Chuige seo a fuair clanna Róisín bás?

  • Siob

    Cé a scríobh an script don seó sin?

  • An Teanga Bheo

    Eirí amach Baile Atha Cliath++++++ Rialtas is freasúra sa leaba ceanna ní maith é ?