Cé air a bheidh cúram na Gaeltachta sa chéad rialtas eile?

Inniu a fhógrófar cé air a leagfar príomhchúram na Gaeltachta sa rialtas nua, ach gach seans go ndéanfar an cúram sin a tharmligean arís le haire stáit

Cé air a bheidh cúram na Gaeltachta sa chéad rialtas eile?

Má chloítear leis an nós cúram na Gaeltachta a tharmligin le haire stáit, d’fhéadfadh go mbeidh Thomas Byrne ar ais i Roinn na Gaeltachta, mura bhfaigheann sé aireacht shinsearach inniu.

Inniu a fhógrófar cé air a leagfar príomhchúram na Gaeltachta sa rialtas nua, ach gach seans go ndéanfar an cúram sin a tharmligean arís le haire stáit, mar atá tarlaithe i ngach rialtas ó 2011.

I roinn nua a bheidh an Ghaeltacht de réir chlár an rialtais –  An Roinn Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.

Faoin mbunreacht 15 aire sinsearach rialtais atá ceadaithe agus ní dócha gur roinn aisti féin lena haire féin a bheidh sa roinn gnóthaí tuaithe, pobail agus Gaeltachta.

Faoin rialtas deireanach bhí gnóthaí pobail agus tuaithe mar chúram ar an aire coimirce sóisialaí, Heather Humphreys, a dhein iad a tharmligean le haire stáit.

Dá bhfágfaí gnóthaí tuaithe agus pobail san áit a bhfuil siad d’fhéadfadh go mbeadh príomhchúram na Gaeltachta ar Norma Foley Fhianna Fáil, an duine is mó atá á lua mar aire coimirce sóisialaí.

Cé go bhfuil méid áirithe Gaeilge ag Norma Foley, gach seans gur ag tarmligean cúram laethúil na Gaeltachta le haire stáit a bheadh sí.

Ochtar airí sinsearacha a bheidh ag Fianna Fáil, an páirtí is mó sa Dáil nua, agus seachtar a bheidh ag Fine Gael.

Tá roinnt Gaeilge ag triúr ó Fhianna Fáil a bheidh ag filleadh ar Bhord an Rialtais – Norma Foley, Jack Chambers agus Darragh O’Brien, ach ní hiad is mó atá á lua le cúram na Gaeltachta. De réir dealraimh, beidh Chambers sa Roinn Caiteachais Phoiblí, mar shampla, agus d’fhéadfadh go mbeadh Darragh O’Brien sa Roinn Tithíochta arís, nó sa Roinn Dlí agus Cirt.

Maidir leis na Teachtaí Dála eile de chuid Fhianna Fáil is mó atá á lua le haireacht shinsearach, is é Dara Calleary an t-aon duine acu ar cainteoir líofa Gaeilge é.

Cé nach bhféadfaí an t-aire stáit Gaeltachta Thomas Byrne, a bhfuil printíseacht mhaith curtha isteach aige, a chur as an áireamh d’ardú céime, d’fhéadfadh go bhfágfaí ina aire stáit don Ghaeltacht chomh héasca céanna é.

Ar thaobh Fhine Gael meastar go mbeidh aireacht shinsearach arís ag Patrick O’Donovan, a bhí tamall ina aire stáit don Ghaeltacht. De na daoine i bhFine Gael is mó atá á lua le hardú céime, is í Hildegarde Naughton, an t-aon duine eile a bhfuil agallamh beo déanta ar na meáin Ghaeilge aici.

Tuairiscíodh go raibh aireacht stáit na Gaeltachta á tabhairt do Hildegarde Naughton anuraidh nuair a ceapadh ina príomhaoire í, ach sa deireadh ní raibh Fine Gael ábalta teacht ar aon duine a raibh an post uathu agus tugadh ar láimh é do Thomas Byrne agus Fianna Fáil.

Tá an t-iarsheanadóir Jerry Buttimer, cainteoir Gaeilge eile, ar dhuine de na daoine eile ó Fhine Gael atá á lua le haireacht stáit.

Tharla sé cheana – i gcás Joe McHugh, Seán Kyne agus Jack Chambers – gur ar phríomhaoire an rialtais a leagadh cúram na Gaeltachta agus d’fhéadfadh a leithéid tarlú arís.

Ar ndóigh, d’fhéadfadh an Taoiseach nua, Micheál Martin, cúram na Gaeltachta a aistriú go dtí Roinn an Taoisigh, mar a dhein Charlie Haughey i 1989, ach drochsheans go dtarlóidh a leithéid.

D’fhéadfadh chomh maith go dtabharfaí ardú céime láithreach do Theachta Dála a toghadh chun na Dála den chéad uair in olltoghchán na bliana seo caite.

Tá seisear cainteoirí Gaeilge i measc na dTeachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil a toghadh chun na Dála den chéad uair agus cainteoirí Gaeilge is ea beirt de na Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a toghadh den chéad uair.

An tseachtain seo chugainn a cheapfar na hairí stáit – 23 duine ar fad acu.

Fág freagra ar 'Cé air a bheidh cúram na Gaeltachta sa chéad rialtas eile?'