Tá sé le maíomh againn, gan bhréag, gan áibhéil gur seod náisiúnta an méid ata i dtaisce i gcartlann Choimisiún Béaloideasa Éireann. Saibhreas seanchais, stór scéalaíochta agus tearmann teanga – é cnuasaithe le dícheall ag bailitheoirí oilte. Deineadh saíocht na muintire a chnuasach sna ceithre hairde, ach is beag atá inchurtha leis an méid a bhailigh Tadhg Ó Murchú ó Sheán Segersún in Uibh Ráthach, Co Chiarraí sa bhliain 1949.
Ar an Rinnín Dubh i bparóiste Chathair Dónall a rugadh agus a tógadh an Segersúnach agus b’ann a chaith se a shaol ar fad. Bhí féith na farraige go smúsach ann agus an ghéireacht is dual d’fhear farraige ag roinnt leis. Ag druidim leis na ceithre fichid a bhí Seán nuair a bailíodh na cuntaisí uaidh, é le háireamh i measc na bhfaisnéiseoirí ab oilte a bhuail le Tadhg Ó Murchú – iascaire, saor cloiche, siúinéir, feirmeoir agus fear ildánach.
Tá mioneolas agus saineolas ina chuid seanchais faoi gach aon ghné de shaol na mara: idir fheamnach agus éanlaithe, comharthaíocht aimsire agus modhanna iascaigh, seoltóireacht agus saoirseacht bád. Agus é ag cur síos ar na héisc éagsúla agus a gcuid tréithe, luann Seán an t-iasc ar a dtugann sé an ‘Deiligín Deamhain’. Deir sé go mbíonn an t-iasc seo ina luí sa ghaineamh ag íochtar trá agus dá mbeadh sé de mhí-ádh ort satailt air go dtabharfadh sé cealg nimhneach dhuit. Ansan tarraingíonn Seán nath cainte chuige féin – “Nach tú an Deiligín Deamhain!”
Fé mar a bheifí ag súil leis, ní haon mholadh a tharraiceodh an nath seo. Deir an Segersúnach go ndéarfaí é le duine go raibh drochmhianach nó drochiompar ann. Ach pé nimh atá san achasán seo a chaitheamh le duine, is measa i bhfad an nimh a chaitheann an t-iasc féin nuair a bhíonn conach air.
Lesser weever (Echiichthys vipera) a tugtar ar an Deilgín Deamhain sa Bhéarla. Iasc beag liath-dhonn ná fuil ach 8 n-orlaí ar fhaid ach go bhfuil teideal an deamhain tuilte go maith aige. Ar chnámh a dhroma tá trí cinn de bhioranna nimhneacha. An té a shatlóidh ar an ndiabhailín seo, cuimhneoidh sé air. Leanann tinneas agus fulaingt dhamanta – pairilis shealadach fiú – an nimh a scaoileann an Deilgín Deamhain uaidh.
Meastar go dtagann an ainm Béarla ‘weever’ ó ‘wivre’ na Sean-Fraincíse, a chiallaíonn nathair nimhe nó dragún. Tá an dainséar agus an t-uafás céanna le brath i gcuid mhaith des na hainmneacha malartacha a dheineann cur síos ar an iasc seo. An Goineadóir atá ar an weever i bhfoclóir Uí Dhónaill. An Maor (nó Maor an Éisc) a tugtar air sa bhfoclóir breá Ciarraíoch sin, Dúlra Duibhneach (2000), a d’fhoilsigh Pádraig Ua Maoileoin. Tá Deilgín Deamhain i bhfoclóir an Duinnínigh (devilfish mar aistriúchán air) agus tá Maor agus Maghar an Éisc ag tagairt don weever sa bhfoclóir céanna.
‘Clipe droma’ a tugtar ar an gcírín beag biorach nimhneach atá ag eirí aníos as drom an éisc seo. I bhfoclóir Uí Dhónaill, tá teacht ar an nath cainte eile – ‘bhí clipe feirge air’. Tá macalla nath Uíbh Ráthaigh le brath go láidir ann.
‘Nach tú an Deilgín Deamhain!’ Nach deas é?
Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Nach tú an Deilgín Deamhain!’'