Nach deas é? Mála an éithigh…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Mála an éithigh…

Tionscal mór anois é gnó na málaí agus fir, mná agus páistí ag iarraidh mála sa bhfaisean is déanaí a bheith ar iompar acu agus lán comhra de stíleanna éagsúla a bheith carntha sa mbaile.

Ach léiríonn an rann thíos as Cléire sna 1930idí go mbíodh mála ag an mbacach bóthair é féin do gach ócáid. Dhá mhála dhéag an bhacaigh a thug Cáit Ní Dhrisceoil, Comalán, Cléire, Co Chorcaí ar an rann seo a fuair sí ó Thomás Ó Síothcháin (75) ar an mbaile céanna:

Sútchal, satchal, bútchal, datchel, mála an díola, mála an phoill, mála na gualainne, mála lastuas de, púitsín tobac, adharc an mheana, mála an éithigh agus mála an tslinneáin.

Mála an éithigh, mála na mbréag. Nach deas é!

– Mura mbíonn ainm ansin le haghaidh do chuidse málaí féach bailiúchán Néill Uí Dhónaill

Fág freagra ar 'Nach deas é? Mála an éithigh…'

  • Feardorcha

    Ná dearmad an wigger-wagger, an disher-dasher agus mála an ime.

  • Feardorcha

    An pocaide, an pacaide, come-all-ye.

  • Feardorcha

    Ambaiste féin, bhí ocht mála déag ag an mbacach i gContae an Chláir in 1807:
    http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=3&fsg_id=6000&fsg_lang=b

    Tá na hocht mála déag so atá n-a muirear
    grod gáibhtheach orm-sa ag tnúth le n-a dtach-
    tadh le do (tréd?) charthannacht a bhean mhaith,
    mar atá an pucaide ‘s an pacaide, an rucht-
    aire ‘s an rachtaire, mála an taoibh, mála
    an tuill is mála mór an tslinneáin, mála
    beag, mála fada, béal binn, glac a bhfuighir;
    an priocaire, an gliogaire, wallet, satchel,
    slasher, slios-mhála, round bag, pilib na
    stiallóg, portmanteau, receiver, bog éille
    is an butter-box.