NACH DEAS É? Má thagann an Márta isteach mar leon imeoidh sé amach mar uan

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Má thagann an Márta isteach mar leon imeoidh sé amach mar uan

Tá an Márta ionann is a bheith imithe agus mar a dúirt Tomás De Bhaldraithe faoin tuiseal ginideach ní fearr ann é. Beidh muid ag súil go bhfeabhsóidh an aimsir as seo amach. Is iomaí leagan cainte ann faoin Márta. Baineann a lán acu leis an aimsir:

Márta dubh gaofar, Aibreán bog braonach, Bealtaine gan angar in aon rud— an aimsir is fearr le haghaidh na míosa sin. Is iad a líonann na sciobóil.

Chomh luath leis an ngaoth Mhárta.

Chomh lúfar le giorria Márta.

Ruaiteach Márta—gaoth fhuar thirim.

Lá meirgeach Márta.

D’fheann an Márta an tseanbhó.

Lá rinneach Márta – lá fuar feanntach.

Cosa gágacha ag fear boinn sa Márta (fear cosnochta) – fágann an ghaoth fhuar ghéar gága ar chraiceann na lámh is na gcos.

Is fearr cáibín deannaigh Márta ná cáibín óir.

Má fhaigheann an Márta na poill mhóna líonta, triomóidh sé iad is má fhaigheann sé tirim iad líonfaidh sé iad.

Má thagann an Márta isteach mar leon imeoidh sé amach mar uan.

Má thagann an Márta isteach mar ghearrán, gabhfaidh sé amach mar láir.

Is iomaí cor a chuireann an Márta de.

An Márta a mharaíos daoine,

Na Faoilligh a mharaíos caoirigh.

‘Tiocfaidh an t-earrach is screadfaidh an Márta,

Is fágfaidh sé sneachta go domhain sna gleannta’ – cuid d’amhrán.

Coileach Mártan—coileach a rugadh i mí Márta agus ar rugadh a athair agus a mháthair freisin i mí Márta; tá sé in ann duine a shábháil ó spiorad.

Bhíodh caint ar bheoir mhaith Mhárta – ól gach a bhfeicfidh do shúil de lionn dubh Márta.

Na trí ní is luaithe ar bith coisíocht fia, intinn ban, siota gaoithe Márta.

‘Cur na bhFaoilleach, toradh gan tuí,

Cur na Márta tuí gan toradh.

Cur an Aibreáin tuí agus toradh.’

‘A cíocha geala mar bhláth na n-úll

Is a píob mar an eala lá Márta.’

Sin é a dúirt file faoi bhruinneall eicínt.

Nach maith an obair lá Márta déanamh fáinne muice?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Má thagann an Márta isteach mar leon imeoidh sé amach mar uan'