Rinne sé de mhaoil a mhainge é a deirtear. Sin le rá go ndearna sé go tobann é ar ala na huaire. Tá sé sa leabhar Deoraithe a scríobh Dónall Mac Amhlaigh faoi bheirt a bhí ag troid:
‘Buail arís é, a mhac Bheartla, ná lig dó éirí!’ a scread an Maolánach agus ba de mhaoil a mhainge a staon Treabhar óna dhéanamh.
Bíonn an dá litriú ar an bhfocal, maing agus maig. Úsaidtear an focal ar bhealach eile freisin – bhí leathmhaing air ag imeacht, faoi dhuine a mbeadh maing an mhustair air. Bheadh an té sin ag siúl faoi stiúir mhustarach, siúl giodalach postúil.
Gaige na maige a thabharfá air. D’fhéadfaí a rá freisin gur aibhseoir nó baothán a bheadh ann.
Tharlódh sé go mbeadh gualainn amháin leis níos airde ná an ghualainn eile.
Bhaing an leagan a bhí acu ar an bhfocal i Ros Muc: bhain sé bhaing as a ghualainn agus d’imigh sé leis; chroch sé gualainn leis le neamhshuim.
‘Lena raibh de bhaingeanna ar a gcuid Béarla ní thuigfeá a leath dár dhúirt siad,’ arsa fear as Ros Muc.
Dá mbeadh bhaing ar choca i Ros Muc ní bheadh sé i bhfad go dtiocfadh sé go talamh.
De mhaoil a mhainge. Nach deas é?
Larry Phelan
Is deas
Seosamh Ó Cuaig
`Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil duine amháin ar a laghad á léamh!
Ailbhe
Thánas trasna ar “ag gluaiseacht ar a mhaoile mháige” i leabhar le déanaí, is do chuir sé i dtreo an fhoclóra mé. Ní bhfuaireas freagra sásúil ar mo cheist go dtí anois. Is tráthúil an píosa uait é – go raibh maith agat!
(Corcaíoch an té a raibh an siúl áirithe sin fé, beag an t-iontas…)