Nach deas é? Bhí an iomarca ceoil ina gcuid caointe…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Mar is eol go maith do léitheoirí a cholúin ar an suíomh seo, scríbhneoir é Antain Mac Lochlainn a chaitheann dua thar na bearta le fuascailt a aimsiú ar fhadhbanna aistriúcháin.

Tá mír ag Antain ina leabhar Cuir Gaeilge Air (Cois Life) ar an dualgas a bhíonn ar an aistritheoir ‘srian a choinneáil air féin agus gan géilleadh don chathú a chuid ‘dea-Ghaeilge’ a leiriú’.

Géilleann sé, áfach, gur fearr uaireanta don aistritheoir dul i muinín an leagain nach mbeadh chomh coitianta nó sothuigthe is a bheadh an leagan Béarla.

Is é ‘crocodile tears’ an sampla a thugann Antain dúinn, agus is deas fuascailt na faidhbe aige:

‘Ó tharla nach bhfuil cleachtadh ag muintir na hÉireann ar chrogaill, beidh ar an aistritheoir samhail dhúchasach éigin a lorg. Ní raibh crogaill sa Ghaeltacht riamh ach bhí mná caointe, mná a d’íoctaí chun dul ag drantán ceol caointe ar thórraimh. Dá mba rud é go raibh aithne acu ar an té a bhí marbh, gach seans gur ag caoineadh ó chroí a bheidís, agus go mbeadh tocht ina nglór. Dá mba dheargstrainséir a bhí á chur, is dócha gur chuma leo ann nó as é. Is uaidh sin a tháinig an nath Gaeilge is fearr a fhreagraíonn do crocodile tears .i. ‘bhí an iomarca ceoil ina gcuid caointe’.’

Is cosúil nach bhfuil an leagan thuas ar fáil sna foclóirí agus ‘deora bréige’ atá ag Ó Dónaill agus de Bhaldraithe ar ‘crocodile tears’.

Bhí an iomarca ceoil ina gcuid caointe. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Bhí an iomarca ceoil ina gcuid caointe…'