Nach deas a bheith a bheith gafa le cúram tábhachtach neafaiseach an spóirt in athuair?

Ta plúr na n-imreoirí á bhféachaint le chéile arís ó Ronaldo agus Mbappé go Depay agus Cathánach Chonamara

Nach deas a bheith a bheith gafa le cúram tábhachtach neafaiseach an spóirt in athuair?

Nach deas a bheith gafa le cúrsaí spóirt arís agus comórtas sacair na Euros faoi lán seoil (UEFA Euro 2002, RTÉ)? Nach deas é chomh maith lucht féachana a fheiscint ag bailiú isteach i staideanna ar fud na mór-roinne? I ndiaidh anachain na paindéime, uafás atá ag teacht chun deiridh tá súil againn, nach deas dúinn uilig a bheith gafa le cúram tábhachtach neafaiseach an spóirt.

Seo an chuid den chomórtas is ansa liom féin. Suas le trí cluiche beo gach aon lá agus an comórtas ag síneadh amach romhat isteach go mí Iúil agus tú féin caite i do thurlabhait ar an gcúits. Mór an trua ná fuilimid féin ann ach bainfimid súp as mar sin féin.

Gan amhras ní fhéadfaí gan trácht ar an uafás, agus an faoiseamh ina dhiaidh sin, a bhain leis an taom a bhuail Christian Eriksen. Buíochas le Dia go bhfuil sé ag teacht chuige féin. Bhreá leat dá ndéanfadh an Danmhairg dul chun cinn ach is cosúil gur ar éigean go mbainfidh siad an chéad bhabhta eile amach.

Nílim róthógtha leis an smaoineamh na cluichí a bheith ar fud na mór-roinne agus fágann sé blas Shraith na gCuradh ar an gcúram. Táthar ag cailliúint amach ar an atmaisféar a bhíonn i dtír agus a cuid cathracha nuair a bhíonn na sluaite bailithe isteach iontu ar feadh seachtainí. Sin an tuairim ón gcúits; táim cinnte go ndéanann an scaipeadh seo níos deacra don lucht leanta é freastal ar na cluichí ar fad.

Ta plúr na n-imreoirí á bhféachaint le chéile arís ó Ronaldo agus Mbappé go Depay agus Cathánach Chonamara. Seans ag an Fhrainc, an Bheilg, an Phortaingéil, an Iodáil agus tíortha eile nach iad an chreach a thabhairt leo. Seans ag Sasana leis.

I ndóthair bíonn seans acu i gcónaí dar lena lucht leanta is na meáin a bhíonn ag rith le brothall. Ach tá seans le dealramh an babhta seo. Ní mhaífinn a mbua orthu. Faoi mar a dúrt sa cholún seo cheana b’fhearr liom go mbuafadh Sasana craobh mhór idirnáisiúnta ná Baile Átha Cliath a bheith ag buachtaint Craobh na hÉireann.

Bím féin an-dílis do RTÉ i rith na gcomórtas seo. Cé nach bhfuil an gearradh céanna sa chabaireacht leathama ó d’imigh Eamon Dunphy bíonn téagar i gcaint Richie Sadlier agus Liam Brady. Caithfidh mé a rá go bhfuilim an-tógtha le Jackie Hurley mar láithreoir.

Déanann sí na comhráite a bhogadh ar aghaidh go gealgháireach, éadromchroíoch ach í pointeáilte, eolgaiseach ag an am céanna.

Má bhí goile agat do shaothar níos tathagaí bhí Michael Portillo chugainn ar an Domhnach lena thríú gála faoi eachtraí Éireann céad bliain ó shin. An babhta seo ba í an chríochdheighilt a bhí idir chamáin aige (Partition, 1921, RTÉ1, Dé Luain). Arís eile bhí sé ag dul ó áit go háit le beart de cháipéisí oifigiúla faoin ascaill aige agus caint á chur aige ar lucht léinn is lucht polaitíochta cosúil le Bertie Ahern, Gerry Adams, agus Jonathan Powell.

Is cur chuige ar leith é ag Midas Productions/RTÉ iarraidh ar iarpholaiteoir de chuid choimeádaigh Shasana clár den saghas seo a láithriú, go mórmhór ós rud é go raibh lámh ag an bpáirtí sin go sleamhain i gcur thar maoil an teannais ag an am. Ní leasc le Portillo, ar láithreoir cumasach é, a pháirtí a cháineadh. Is cinnte go raibh sé suimiúil Portillo agus Adams a fheiscint ag déanamh dreasanna cainte.

Tá an bheirt acu róghlic le dul i muinín na cinniúna agus bhíodar breá béasach agus ábhairín leadránach. Ina dhiaidh sin féin (agus ar mhaithe le lucht féachana thar lear) ní raibh aon ní nua ann agus deineadh nithe a róshimpliú.

Fág freagra ar 'Nach deas a bheith a bheith gafa le cúram tábhachtach neafaiseach an spóirt in athuair?'