Chonaic mé graifítí an lá cheana a chuir ag gáire mé: ‘níl cead ag aon duine teorainn a chur le máirseáil náisiúin ach amháin Micheál Martin’.
Tagairt a bhí ann don iarracht atá ar bun ag Martin Gael-Mheiriceánaigh a mhealladh le diúltú d’éileamh Shinn Féin go reáchtálfaí reifreann ó thuaidh faoin gcríochdheighilt. Cheannaigh Sinn Féin fógraí leath leathnaigh sa New York Times, sa Washington Post agus i nuachtáin eile chun aird a tharraingt ar a n-éileamh ar reifreann.
Tagairt freisin an graifítí, ar ndóigh, don ráiteas iomráiteach a rinne Charles Stewart Parnell nuair a dhiúltaigh sé don iarracht ag rialtas Bhreatain na linne teorainn a chur leis an gcineál féinriail a d’fhéadfadh a bheith ag Éirinn.
Nach ait é mar sin féin go bhfuil ceannaire Fhianna Fáil, an páirtí poblachtach mar dhea, ag troid go díograiseach in aghaidh athaontú na tíre. Agus ag athscríobh Chomhaontú Aoine an Chéasta freisin.
Deirtear go lom sa Chomhaontú sin nach féidir stádas bunreachtúil na sé chontae a athrú gan tacaíocht ó mhóramh an phobail ó thuaidh. Ní móramh an phobail Phrotastúnaigh, nó móramh an phobail Aontachtaigh, ach móramh an phobail ar fad.
Tá Martin ag rá le tamall anois nach féidir an tír a athaontú mura mbeidh móramh de Phrotastúnaigh nó Aontachtaigh ar son an athaontaithe. Is fiú a rá arís nach luaitear a leithéid i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Cinnte, is fearrde i bhfad a bheadh Éire Aontaithe dá mbeadh tacaíocht shuntasach di i measc an phobail Phrotastúnaigh ó thuaidh, ach ní féidir na rialacha a athscríobh toisc nach dtaitníonn siad le Micheál Martin. Ní féidir ach an oiread cur leis an tacaíocht d’Éirinn Aontaithe i measc an phobail sin gan díospóireacht, gan an comhthéacs a shoiléiriú, gan na buntáistí is na roghanna a phlé.
Mar a tharlaíonn, léiríonn na suirbhéanna déimeagrafacha go mbeidh móramh neamh-Phrotastúnach ann sna Sé Chontae go luath. Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh móramh ann ar son Éireann Aontaithe, ach is deacair a shamhlú nach mbeidh.
Cinnte, níl an oiread sin measa ag náisiúnaithe na sé chontae ar an mBunaíocht ó dheas. Mothaíonn siad – agus an ceart acu dar liomsa – gur tréigeadh iad is gur fágadh faoi chois ag an mBreatain iad toisc nár theastaigh ó Bhunaíocht an Deiscirt an choimhlint a thabhairt isteach ina gcuid féin den tír.
Tá rud amháin acu ó thuaidh ar ndóigh nach bhfuil againn ó dheas, agus sin an córas náisiúnta sláinte, an NHS. Ó dheas, coinnítear srianta ar an gcóras poiblí sláinte ar mhaithe le brú a chur ar dhaoine árachas príobháideach sláinte a cheannach. Córas dhá leibhéal.
Ach ní cosúil go dtuigeann na hAontachtóirí go bhféadfaí tacaíocht don Aontacht a mhealladh sa phobal Caitliceach, nó b’fhéidir gur tábhachtaí a bheith céim os cionn na gCaitliceach ná an Aontacht leis an mBreatain.
Sa deireadh ní fhágann a leithéid de dhearcadh aon rogha ag an bpobal Caitliceach ach seasamh le hÉirinn Aontaithe is cuma a ndímheas ar Bhunaíocht an Deiscirt.
Is fiú a rá freisin nach bhfuil fiú Sinn Féin ag iarraidh an reifreann faoi athaontú na tíre a reáchtáil ar an toirt. Deir siad go gcreideann siad go bhfuil cúig bliana nó mar sin ag teastáil chun na hullmhúcháin a dhéanamh.
Ach tá Micheál Martin faoi smacht ag naimhdeas do Shinn Féin, naimhdeas a chuireann sé in iúl beagnach gach uair a labhraíonn sé.
Tabhair faoi ndeara, ámh, nach bhfuil chuile dhuine i bhFianna Fáil, sásta nó compordach leis sin, beag nó mór. Nuair a labhraíonn Jim O’Callaghan, fear ar mhaith leis a bheith ina cheannaire ar an bpáirtí, ar son an reifrinn, tuigeann sé go bhfuil a lán ann a thabharfadh éisteacht dó.
Agus cuireadh leis an mbrú ar Mhicheál Martin faoin scéal seo nuair a dúirt Bertie Ahern ar na mallaibh gur chóir fáil réidh do reifreann. Mhol seisean go reáchtálfaí é 30 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, is é sin 2028. Níl mórán sa difear idir an dáta sin agus na cúig bliana a luann Sinn Féin.
Is léir freisin gur cuma leis an aos óg a thugann tacaíocht do Shinn Féin faoin gcáineadh rialta a dhéanann Martin is polaiteoirí eile faoinar tharla go stairiúil sa gcogadh ó thuaidh. Ach an bhfuil sé ródhéanach ag Fianna Fáil a ndearcadh faoin scéal seo a athrú agus polasaí Poblachtach de chineál éigin a chur chun cinn?
An fhad is a fhanann Martin i gceannas ar an bpáirtí ní éireoidh leo éalú ón bhfallaing Iar-Bhriotanach atá cruthaithe aige don pháirtí, measaimse.
Antóin
Dá dhonacht é mar Thaoiseach agus níl aon duine níos measa, ceapaim go bhfuil an ceart aige ar an gceist seo.
Agus ní sheasfaidh an pobal Caitliceach le hÉirinn Aontaithe ach an oiread. Ní thuigeann daoine anseo an dímheas atá ag Caitlicigh ar an stát ó dheas. Ní mar gheall ar rudaí a tharla san am a chuaigh thart ach mar gheall ar an sórt sochaí iar-Chríostaí atá á chruthú sa stát seo le tamall anuas.
S. Mac Muirí
An stát ‘ó dheas,’ ‘ansin’ agat a ‘Antóin’, is cosúil nach bhfuil sé ó thuaidh ná thiar mar stát ar chor ar bith.
Máirtín
A Eoin,
Maidir le dearcadh na bunaíochta ( agus Fianna Fáil mar chuid di) ar an ábhar seo, leag tú do mhéar air arís. Ach sílim go bhfuil Sinn Féin ag sleamhnú i dtreo an dearcaidh chéanna!
Máirtín
An Teanga Bheo
Ce bhi ag muineadh stair na h Eireann trath ach Martin e fein!