Níl aon stopadh fós le hionsaithe Iosrael ar an Liobáin ina bhfeachtas i gcoinne Hezbollah agus ionsaithe déanta acu ó mhaidin ar an bpríomhchathair Beirut chomh maith le cathracha eile sa tír.
Dúirt údaráis sláinte na Liobáine gur maraíodh nó gur goineadh na scórtha sna hionsaithe is déanaí seo.
Bhuail cuid de bhuamaí Iosrael lár na príomhchathrach, áit nach bhfuil i ngaobhar dhaingean Hezbollah ó dheas de Beirut rud a chuireann leis an bhfaitíos go n-íocfaidh tuilleadh sibhialtach as an troid.
Níl comhartha ar bith go bhfuil aon mhaolú ar na hionsaithe agus an cogadh beagnach trí seachtaine ar siúl.
Tuairiscítear gur maraíodh deichniúr agus gur gortaíodh 27 duine sna hionsaithe gan choinne a rinne Iosrael ar cheantair Zuqaq al-Blat agus Basta i gceartlár Beirut.
Tá údaráis Iosrael ag maíomh gur maraíodh aire faisnéise na hIaráine, Esmaeil Khatib, in ionsaí a rinne siadsan i rith na hoíche. Más fíor an tuairisc faoin aire, sin oifigeach sinsearach eile de chuid na hIaráine atá maraithe ag ionsaí aeir.
Bhí slua mór i Tehran inniu ag sochraid Ali Larijani, ceannasaí Chomhairle Slándála Náisiúnta na hIaráine a mhaígh Iosrael a mharaíodar níos túisce sa tseachtain.
Tá ionsaithe éirice á ndéanamh i gcónaí ag an Iaráin ar fud an Mheánoirthir.
Dúirt seirbhísí éigeandála Iosrael gur mharaigh lasracha diúracáin beirt in Ramat Gan, lasmuigh de Tel Aviv, agus mharaigh smionagar duine amháin eile ar a laghad.
Dúirt an Iaráin gur scaoil siad le trí áit in Iosrael i rith na hoíche, Tel Aviv, Haifa agus Beersheba, chomh maith le bunáiteanna atá ag na Stáit Aontaithe i sé thír sa Mheánoirthear, an Bhairéin, an Iaráic, an Iordáin, Cuáit, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
Ag cruinniú a bhí ag an Taoiseach Micheál Martin le hUachtarán na Stát Aontaithe inné sa Teach Bán, thug Donald Trump ropadh faoina chomhghuaillithe in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO] a dhiúltaigh dá iarratas go dtabharfaidís cúnamh do Mheiriceá le Caolas Hormuz a oscailt do loingeas.
Is beag bídeach nach bhfuil an bealach loingseoireachta sin dúnta ar fad mar gheall ar ionsaithe na hIaráine agus fágann sin praghas ola bailithe san aer.
Dúirt Trump nach raibh faitíos ar bith air féin trúpaí Mheiriceá a chur i isteach san Iaráin.
I dtuairisc ó HRANA, grúpa Iaránach cearta an duine atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, meastar go bhfuil breis is 3,000 duine maraithe san Iaráin ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael ar a gcuid ionsaithe an lá deiridh de mhí Feabhra.
De réir údaráis na Liobáine, tá 900 duine maraithe sa tír sin agus 800,000 eile díbeartha as a dtithe.
Mharaigh ionsaithe de chuid na hIaráine daoine san Iaráic, agus i dtíortha eile ar fud na murascaille. Tá ceithre dhuine dhéag maraithe in Iosrael ó thosaigh an t-uafás.
Fág freagra ar 'Na scórtha maraithe nó go gortaithe sna hionsaithe is déanaí ar Beirut'