Na páirtithe ag dul i mbun machnaimh agus cúis acu go léir

Réamhfhéachaint ar an atmaisféar a bheidh ag ardfheiseanna na bpáirtithe níos déanaí sa mbliain a bheidh sna laethanta machnaimh as seo go ceann coicíse

Na páirtithe ag dul i mbun machnaimh agus cúis acu go léir

Agus an téarma nua Dála ar tí tosnú, tá na páirtithe ag eagrú a gcuid laethanta machnaimh agus cuirfear tús leo Dé Luain nuair a thiocfaidh Fianna Fáil le chéile.

Cuirtear suim ar leith i ngnéithe éagsúla de na seisiúin mhachnaimh seo gach uile bhliain. Cén fáth an láthair atá roghnaithe? Cén fáth na cainteoirí a bhfuil cuireadh tugtha dóibh labhairt leis an bpáirtí? Cé mhéid deis a bheidh ag na meáin labhairt le baill thofa an pháirtí ag brath ar an mbrú atá orthu? Díol spéise freisin na comhráití a thugtar faoi deara agus an comhluadar i measc bhaill an pháirtí, gan trácht ar na ráflaí agus an chúlchaint.

I dTiobraid Árann a bheidh Fianna Fáil ag teacht le chéile ag tús na seachtaine seo chugainn. Beidh Fine Gael ag cruinniú chun dul i mbun machnaimh i gcathair Luimnigh. Rogha spéisiúil is ea na hionaid seo i bhfianaise na n-athruithe ar dháilcheantair a fógraíodh an tseachtain seo caite go háirithe agus suíochán breise a bheith ar fáil i dTiobraid Árann, áit a mbíodh Fianna Fáil láidir tráth. Tá beirt neamhspleách as cúigear ann faoi láthair – beidh na páirtithe móra ag súil go mbeidh tairbhe dóibhsean sa suíochán breise a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn.

Ós ag caint ar an mbliain seo chugainn é, níl aon amhras ach gur ar an méid a tharlóidh idir seo agus an t-olltoghchán a bheidh na páirtithe rialtais dírithe. Cén leas is fearr a d’fhéadfadh siad a bhaint as dea-scéal na cáinaisnéise? Cé na teachtaireachtaí dearfacha a bheidh le roinnt acu ionas nach ndéanfar scrios orthu? An féidir leo drochscéal na tithíochta a cheilt? Agus i gcás Fhianna Fáil agus Fhine Gael, cén bealach ar féidir leo Sinn Féin a chur i láthair mar anachain a chaithfear a sheachaint? Ní nach ionadh, is san ardchathair a bheidh an príomhpháirtí freasúra ag cruinniú, áit a bhfuil a gcuid tacaíochta ina neart agus deis acu ar shuíocháin bhreise go leor.

D’fhógair Richard Bruton an tseachtain seo nach mbeidh sé ag seasamh in athuair don Dáil. Tá sé fógartha cheana féin ag roinnt teachtaí eile nach mbeidh siad féin san iomaíocht. D’iarr an Taoiseach roinnt míonna ó shin ar Theachtaí a pháirtí féin  a bheith soiléir faoina gcuid mianta. An gcuirfear tuilleadh ceisteanna as seo go ceann coicíse agus na páirtithe i mbun machnaimh? An mó tionchar a bheidh ag na pobalbhreitheanna ar chinntí iarrthóirí nó an gcuirfidh athruithe sna teorainneacha dáilcheantair brú orthu?

An bhfuil fonn ar mhuintir Fhine Gael tar éis na ndéaga blianta i mbun rialtais a bheith ag freagairt d’fhearg an phobail faoi thithíocht, sláinte, costas maireachtála? An bhfuil ionadaithe Fhianna Fáil sásta dul ag troid babhta amháin eile ar son páirtí nach bhfuil mórán tóir ag an bpobal air de réir cosúlachta? An bhfuil Sinn Féin sách eagraithe agus réidh le teacht i dtír ar an tacaíocht a léiríonn na pobalbhreitheanna a bheith ann dóibh?

Réamhfhéachaint ar an atmaisféar a bheidh ag ardfheiseanna na bpáirtithe níos déanaí sa mbliain a bheidh sna laethanta machnaimh as seo go ceann coicíse. Tá díol machnaimh ann do na páirtithe ar fad agus díol spéise agus fiosrachta dúinne faoin riocht ina bhfuil siad, i bhfoisceacht bliana d’olltoghchán.

Fág freagra ar 'Na páirtithe ag dul i mbun machnaimh agus cúis acu go léir'