‘Na mílte’ aighneacht seolta faoin Acht Gaeilge ó Thuaidh

Bhí aighneachtaí á seoladh ar líne go dtí gur dúnadh an fhoirm ar shuíomh na Roinne ag meán oíche Dé Máirt

Aighneachtaí á mbronnadh ag Ursula Ní Shabhaois, Pádraig Ó Tiarnaigh, agus Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge ar an an Aire Carál Ní Chuilín

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann gur cuireadh ‘na mílte’ aighneacht isteach chuig an Roinn sin le linn an phróisis comhairliúcháin ar an Acht Gaeilge a chríochnaigh an tseachtain seo.

Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie nach fios go fóill cé mhéad aighneacht go baileach a cuireadh chucu ach gur ‘cinnte go bhfuil muid ag caint ar na mílte’. Thug sé le fios freisin gur leanadh le haighneachtaí á gcur isteach ar líne go dtí an spriocam a bhí tughta don phobal lena dtuairimí faoin ábhar a chur i lathair na n-údaras ansin. 

Seoladh an próiseas comhairliúcháin trí mhí ó shin agus tugadh cuireadh do dhaoine moltaí a dhéanamh faoi stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge ó thuaidh. Iarradh tuairimí freisin faoi chearta Gaeilge sna cúirteanna, i dTionól Thuaisceart Éireann, in eagrais stáit agus in earnáil an oideachais.

“Ábhar breá dóchais” a bhí i rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas comhairliúcháin, dar le Conradh na Gaeilge. D’eagraigh an eagraíocht cruinnithe agus fóraim ghnímh chun an pobal a spreagadh páirt a ghlacadh ann. Bhronn an Conradh na haighneachtaí a bhí bailithe acu féin ar an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín i mBéal Feirste.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge, gur léiriú iontach eile é líon freagraí an chomhairliúcháin seo “ar mhéid, ar dhíograis agus ar rannpháirtíocht an phobail, idir phobal na Gaeilge agus phobail eile nach é, a thuigeann an luach agus an tábhacht a bhaineann le reachtaíocht teanga ó thuaidh.”

Bhí an eagraíocht POBAL i mbun feachtais chun ‘Acht na Gaeilge’ do Thuaisceart Éireann a fháil ón mbliain 2003 agus d’fhoilsíodar dréachtbhille teanga dá gcuid féin.

Fág freagra ar '‘Na mílte’ aighneacht seolta faoin Acht Gaeilge ó Thuaidh'