Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go molfaidh sé athrú ar an reachtaíocht Ghaeilge chun go mbeidh an dualgas teanga céanna ar chomhlachtaí poiblí is iad i mbun cumarsáide leis an bpobal ar na meáin shóisialta is atá orthu i gcás cineálacha eile cumarsáide.
Gheall an tAire Stáit chomh maith sa Dáil tráthnóna go molfaidh sé leasú ar an mbille teanga a leagfadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a gcuid ábhar margaíochta a chur ar fáil i nGaeilge.
Rinne an tAire Stáit na geallúintí sin le linn an chúigiú seisiún de chéim an choiste den bhille teanga nua, bille atá á thabhairt isteach chun neartú a dhéanamh ar an Acht Teanga.
De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí cumarsáid a dhéanamh le daoine i nGaeilge ar an ‘post leictreonach’ ach mhol Sinn Féin leasú ar an acht chun go mbeadh an dualgas céanna ann i gcás na meán sóisialta.
Tharraing Sinn Féin siar an leasú nuair a gheall an tAire Stáit gur aontaigh sé leis an moladh i bprionsabal agus go bhfillfeadh sé air ag an gcéad chéim eile den choiste.
Dúirt sé amhlaidh faoi leasú eile de chuid Shinn Féin a leagfadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí leagan Gaeilge a chur ar fáil d’aon ábhar margaíochta ina mbeadh faisnéis fúthu féin nó faoina gcuid seirbhísí.
Rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill cinneadh faoi ábhar ar na meáin shóisialta in 2019.
Chinn an Coimisinéir gur sháraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe a ndualgas teanga nuair a scaip siad i mBéarla amháin ar Twitter fógraí a bhain le ceantair Ghaeltachta.
Pléadh chomh maith sa Dáil inniu roinnt leasuithe a bhain le húsáid na Gaeilge sa chóras dlí agus le cur le líon na ndaoine sa chóras sin a bhfuil Gaeilge acu. De réir ceann de na leasuithe a mhol Sinn Féin ba ghá cáilíocht sa Ghaeilge a bheith ag gach abhcóide.
Diúltaíodh don leasú sin ar an mbonn nár bhain sé le forálacha an bhille.
Is ar an mbonn céanna a dícheadaíodh leasú a d’fhágfadh gur gá Gaeilge a bheith ag breithiúna an stáit. Mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív d’Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhféachfaí ar mholadh eile i dtaobh na mbreithiún, is é sin go mbeadh sé mar sprioc sa bhille go mbeadh Gaeilge ag 20% de bhreithiúna nua.
Dúirt an tAire Stáit gur mhó a bhain an cheist leis an mbille nua faoi cheapacháin dlí.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh géarghá le hanailís a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh na Gaeilge sa chóras dlí agus ar na “bearnaí” atá le líonadh sa chóras. Dúirt an tAire Stáit go mbeadh sé i dteagmháil leis an Teachta Dála Catherine Connolly faoin moladh sin.
Bhíothas ag súil go bpléifí chomh maith inniu leasuithe a bhain le cúrsaí fógraíochta ach níor éirigh leis an gcoiste ach ocht leasú eile den bhreis is 300 leasú a moladh ar an mbille a phlé.
Dé Máirt seo chugainn anois a thiocfar chomh fada leis na leasuithe faoi chúrsaí fógraíochta.
Tá aird á tarraingt le tamall ar a laghad fógraíochta a dhéanann an stát i nGaeilge mar gheall ar a laghad di a bhí le feiceáil i bhfeachtais eolais an Rialtais ó thús na paindéime.
Tá tacaíocht traspháirtí ann d’éileamh go leasófaí an dlí teanga chun dualgas a chur ar chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge.
Máirín
An gcludaíonn sé seo suíomhanna idirlíon? Tá suíomh Údarás na Gaeltachta náireach le logainmneacha i mBéarla agus botúin Ghaeilge. Mura bhfuil sé de dhualgas ar eagraíocht Ghaeltachta logainmneacha a bheith i nGaeilge agus caighdeán ceart teanga a bheith acu ar suíomh agus meáin shóisialta an bhfuil muid i ndáiríre ag ceapadh go gcloífidh ranna stáit agus comhlachtaí poiblí eile leis seo?
Bríd
Ní tharlóidh sé seo. Níl Roinn Chambers fhéin á chuir seo i bhfeidhm ar na meáin shóisialta!