Na himreoirí ba mhaith linn a fheiceáil ar fhoirne Joe Schmidt as seo go deireadh Chomórtas na Sé Náisiún

Agus gan aon seans ar an gcraobh againn, is deis mhaith é seo ag Joe Schmidt súil a chaitheamh ar roinnt imreoirí nua do na cluichí in aghaidh na hIodáile agus na hAlban

INPHO/Billy Stickland
INPHO/Billy Stickland

Agus gan aon bhua acu fós agus trí chluiche imeartha, níl aon amhras ach gurb é seo an feachtas is measa a bhí ag foireann rugbaí na hÉireann ó ceapadh Joe Schmidt ina bhainisteoir. Níl fágtha ach dhá chluiche agus is é an rud is mó a bheas uathu gan iad féin a náiriú ar fad.

Ar a shon sin, tá deis ag Schmidt cúpla rud nua a thriail sna cluichí in aghaidh na hIodáile agus na hAlban, agus seans aige go háirithe deiseanna a thabhairt d’imreoirí óga imirt leis an bhfoireann idirnáisiúnta. Seo cuid de na himreoirí a d’fhéadfadh an deis a fháil ó Schmidt as seo go ceann cúpla seachtain.

INPHO/Billy Stickland
INPHO/Billy Stickland

Ultan Dillane

Agus é ag imirt don fhoireann sinsear don chéad uair, ní raibh ach deich nóiméad fágtha faoin am ar tháinig Dillane chun páirce in aghaidh Shasana, ach ba leor sin chun dul i bhfeidhm orainn. Níor sháraigh na hÉireannaigh líne chosanta Shasana ach faoi dhó agus Dillane a thug ceann de na ruathair sin.

dul chun cinn iontach déanta aige i mbliana le Cúige Chonnacht agus ó tharla go bhfuil ganntanas imreoirí orainn san ionad sin ó d’imigh Paul O’Connell agus ó gortaíodh Iain Henderson, gach seans go bhfeicfidh muid níos mó den Chiarraíoch sa dá chluiche atá fágtha.

INPHO/Presseye/Darren Kidd
INPHO/Presseye/Darren Kidd

Paddy Jackson

Is ar éigean go bhfuil aon imreoir eile sa tír atá ag imirt chomh maith le Jackson nach bhfuil seans faighte aige ó Joe Schmidt.

an chuma ar an scéal go bhfuil Jackson fós ag íoc as na drochthaispeántais a thug sé uaidh nuair a thosaigh sé ag imirt le foireann na hÉireann den chéad uair trí bliana ó shin.

Le dhá bhliain anuas, tá dul chun cinn iontach déanta ag Jackson agus é anois ar cheann de na himreoirí is tábhachtaí ag Cúige Uladh. Cé go bhfuil taithí i bhfad níos mó ag Jackson a bheith ag imirt mar leathchúlaí amuigh le dhá bhliain anuas ná mar atá ag Ian Madigan, tá tús áite á thabhairt don Laighneach mar go bhfuil sé ábalta imirt in ionaid éagsúla ar an bpáirc. Tá tuillte ag Jackson, áfach, go bhfaigheadh sé a sheans.

INPHO/Billy Stickland
INPHO/Billy Stickland

Stuart McCloskey

I ndiaidh na sárbhliana a bhí ag McCloskey go dtí seo le Cúige Uladh bhí daoine sásta é a fheiceáil ag fáil deis in aghaidh Shasana. Cé nach raibh sé chomh feiceálach sin sa chéad leath, chuaigh sé i dtaithí ar an imirt sa dara leath agus ba shoiléir an neart atá ann. Léirigh an cic íseal a bhuail sé sa dara leath agus a raibh cic pionóis d’Éirinn mar thoradh air gur imreoir glic é freisin.

Ina ainneoin sin, ní raibh Schmidt lánsásta le taispeántas an fhir óig. Dúirt an bainisteoir i ndiaidh an chluiche gur cheap sé go raibh McCloskey beagáinín róscaoilte agus seilbh na liathróide aige. Mar is eol go maith do Simon Zebo, ní chuirfidh Schmidt suas lena leithéid, ach tá a dhóthain déanta ag McCloskey go dtabharfaí deis nó dhó eile dó.

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Kieran Marmion

Murab ionann agus a chomhghleacaí i gCúige Chonnacht, Robbie Henshaw, tá Kieran Marmion fós ag fanacht ar dheis a fháil ó Joe Schmidt chun a mhianach a thaispeáint. Bhreathnaigh sé go raibh an leathchúlaí clibirte ar imeall na foirne i mí Eanáir 2015 ach ar chúis éigin diabhal mórán atá feicthe againn de ar fhoirne Schmidt ó shin.

Níos minice ná a mhalairt, is é Eoin Reddan a roghnaíonn Joe Schmidt mar ionadaí do Conor Murray do chluichí na hÉireann. Cé go bhfuil taithí fhada ag Reddan, tá anois 35 bliain d’aois agus é soiléir go maith nach bhfuil sé chomh sciobtha ar a chois agus a bhí nuair a bhí i mbarr a réime. Ní bheidh Reddan thart faoin am a mbeidh Corn an Domhain arís ann agus tá in am ag Schmidt deis a thabhairt don fhear ar cheart dó a bheith fós faoi bhláth in 2019.

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Jared Payne

Dar ndóigh, ní imreoir nua ná óg é Jared Payne ach tá deis anois ag Schmidt seans a tabhairt d’fhear Chúige Uladh imirt in ionad eile. Ba é an t-údar gearáin ba mhó a bhíodh ag daoine faoi Payne agus é ag imirt i lár na páirce ná nach mbíodh sé ag cruthú dóthain deiseanna agus Éire ar an ionsaí. I gcluichí na hÉireann anuraidh is ar éigean a sháraigh Payne líne chosanta an fhreasúra agus ba mhó aige an obair chosanta a bhí le déanamh aige féin.

Is imreoir eile ar fad é Payne agus é ag imirt do Chúige Uladh mar lánchúlaí. Agus é ag imirt níos faide siar, is fearr a thugann Payne faoi deara na laigí i gcosaint an fhreasúra.

Agus gortú ag cur as do Rob Kearney, ní dhéanfadh sé aon dochar do Schmidt seans a thabhairt do Payne i ngeansaí a 15, go háirithe nuair atá Stuart McCloskey aige i lár na páirce.

Fág freagra ar 'Na himreoirí ba mhaith linn a fheiceáil ar fhoirne Joe Schmidt as seo go deireadh Chomórtas na Sé Náisiún'