Na hÉireannaigh sa dara roinn i Sasana ag bláthú roimh theacht na Breataine Bige

Agus cluiche tábhachtach in aghaidh na Breataine Bige an mhí seo chugainn, tá an chuma ar an scéal go mbeidh Martin O’Neill ag brath ar imreoirí ón dara roinn i Sasana. Tharlódh nach aon drochrud é sin…

Na hÉireannaigh sa dara roinn i Sasana ag bláthú roimh theacht na Breataine Bige

Tá cúpla cinneadh tábhachtach le déanamh ag Martin O’Neill. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tabharfaidh foireann na hÉireann aghaidh ar an mBreatain Bheag an mhí seo chugainn i gcluiche tábhachtach agus na foirne ag iarraidh áit a bhaint amach i gCorn an Domhain sa Rúis an bhliain seo chugainn.

Faoi láthair, tá Éire ar bharr Ghrúpa D, iad ceithre phointe chun cinn ar na Breatnaigh, atá sa tríú háit. Ó tharla nach mbeidh cinnte d’áit i gCorn an Domhain ach an fhoireann a chríochnóidh sa chéad áit sa ghrúpa, d’fhéadfadh gur chluiche cinniúnach a bheidh anseo, go háirithe d’fhoireann Chris Coleman.

Fuair na Breatnaigh dea-scéal le déanaí, áfach, agus an chuma ar an scéal anois go mbeidh laoch na foirne, Gareth Bale, ar fáil don chluiche. Níor imir fear Real Madrid ó mhí na Samhna agus  drochghortú rúitín ag cur as dó, ach tá sé ar ais i mbun traenála arís sa Spáinn.

Níl aon imreoir ag Martin O’Neill a bheadh ar aon chumas le Bale agus fiú na himreoirí atá ag imirt sa Phríomhroinn, leithéidí James McClean, James McCarthy agus Jonathan Walters, níl siad ag imirt ach cuíosach faoi láthair.

Rinne McClean thar cionn san fheachtas cáilithe go dtí seo ach níor thosaigh sé cluiche sa Phríomhroinn do West Brom ó mhí Dheireadh Fómhair. Níor imir Walters, a bhí ar fheabhas sna cluichí cáilithe do Chraobh na hEorpa 2016, do Stoke ó thús na bliana de bharr gortaithe agus níl ach deich gcluiche imeartha ag James McCarthy do Everton go dtí seo sa séasúr de bharr gortuithe agus an chuma ar an scéal go bhfuil tacaíocht an bhainisteora, Ronald Koeman, caillte aige.

Ar ndóigh, tá ag éirí go maith le Robbie Brady ó cheannaigh Burnley é mí Eanáir, scóráil sé cic saor den scoth in aghaidh Chelsea an Domhnach seo caite, ach faraor beidh seisean ar fionraí don choimhlint in aghaidh na Breataine Bige.

Dá ainneoin sin ar fad, seans go bhfuil Martin O’Neill dóchasach go maith agus an cluiche sin ag teannadh linn. Is é an t-údar misnigh is mó aige, go bhfuil go leor Éireannach ag imirt thar cionn sa dara roinn faoi láthair.

De réir an tsuímh Whoscored.com, a dhéanann anailís ar na sraitheanna sacair uile i Sasana agus thar sáile, tá deichniúr Éireannach i measc an leathchéad imreoir is fearr sa Championship an séasúr seo.

Ar bharr an liosta sin tá Conor Hourihane, atá ag iarraidh áit a bhaint amach den chéad uair i scuad na hÉireann an mhí seo chugainn. Is Hourihane an t-imreoir is minice sa tsraith a bhfuil gradam laoch na himeartha buaite aige (seacht n-uaire) agus níor chruthaigh aon fhear eile níos mó cúl in 2016/17 ná mar a chruthaigh an fear as Corcaigh a cheannaigh Aston Villa ó Barnsley an mhí seo caite.

Tá aiséirí déanta ag Aiden McGeady sa dara roinn le tamall anuas chomh maith. Síleadh nach bhfeicfí mórán arís an cliathánaí agus geansaí na hÉireann air i ndiaidh na lagthaispeántas a thug sé uaidh i gCraobh na hEorpa, ach tá ar a léim lúith arís. Scóráil sé dhá chúl agus chruthaigh sé péire eile do Preston North End le cúpla cluiche anuas.

Ní hé McGeady an t-aon Éireannach atá ag imirt go maith do Preston ach an oiread. Scóráil Daryl Horgan a chéad chúl dóibh an deireadh seachtaine seo caite agus bíonn sé ag imirt go rialta. Tá Gaillimheach eile acu, an cosantóir Greg Cunningham, atá i measc an deichniúr Éireannach sin atá luaite ar an leathchéad imreoirí is fearr sa tsraith.

Is é an scéal céanna é ag Shane Duffy, Ciaran Clark, Wes Hoolohan agus tuilleadh.

Deich mbliana ó shin, seans go ndéarfá nach rud maith a bheadh ann a bheith ag brath ar imreoirí ón dara roinn, ach níl caighdeán an tsacair idirnáisiúnta chomh hard is a bhí.

Cé gur ag an mBreatain Bheag atá an réalta mór, imríonn an chuid is mó de na himreoirí eile atá acu sa dara roinn i Sasana agus níl ag éirí chomh maith céanna leo is atá ag éirí le himreoirí na tíre seo. Má tá ag éirí leis na hÉireannaigh an ceann is fearr a fháil ar imreoirí ón mBreatain Bheag seachtain i ndiaidh seachtaine sa tsraith sin, nach bhféadfadh an rud céanna tarlú i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo chugainn.