Na hÉireannaigh a bhfuil Craobhchomórtas Oscailte na hÉireann buaite acu

Tá brú ar Rory McIlroy an comórtas a bhuachan ar a fhód dúchais an deireadh seachtaine seo ach níl ach ceathrar Éireannach a bhfuil sé buaite acu le 40 bliain anuas

Cuirtear tús inniu ar ghalfchúrsa Royal County Down le Craobhchomórtas Oscailte na hÉireann 2015. Is é an fear áitiúil, Rory McIlroy, rogha na coitiantachta chun an corn a bhuachan ag an deireadh seachtaine, ach le ceathracha bliain anuas níl sé buaite ach ag ceathrar Éireannach.

Christy O’Connor Jnr: 1975 – Sruthán na Coille

Christy O’Connor Jnr, tar éis dó Craobhchomórtas Oscailte Sinsear na Breataine i 1999. Pictiúr: INPHO/ALLSPORT ©INPHO/ALLSPORT
Christy O’Connor Jnr, tar éis dó Craobhchomórtas Oscailte Sinsear na Breataine i 1999. Pictiúr: INPHO/ALLSPORT ©INPHO/ALLSPORT

Ba é seo an chéad bhliain a raibh Craobhchomórtas Oscailte na hÉireann mar chuid den European Tour agus bhí feiliúnach dá bharr gur bhuaigh fear ón tír seo é. Is léir go raibh sé sa bhfuil ag O’Connor Jnr, mar ní raibh sé trí bliana ó bhuaigh uncail leis, Christy O’Connor Snr, an comórtas ar an ngalfchúrsa céanna.

gur bhain O’Connor Jnr curiarracht amach an bhliain sin don scór is ísle faoi bhun an phar (-21), fós ní raibh ach buille amháin le spáráil aige ar Éireannach eile, Eamonn Darcy. Is £5,000 a shaothraigh O’Connor Jnr.

John O’Leary: 1982 – Port Mearnóg

John O’Leary, i rith an bhabhta dheireanaigh de Chraobhchomórtas Oscailte na hÉireann i 1982. Pictiúr: INPHO / Billy Stickland
John O’Leary, i rith an bhabhta dheireanaigh de Chraobhchomórtas Oscailte na hÉireann i 1982. Pictiúr: INPHO / Billy Stickland

I 1978, chríochnaigh O’Leary sa dara háit, ar comhchéim le Seve Ballesteros, buille amháin taobh thiar de Ken Brown, a bhfuil níos mó aithne anois air mar anailísí gailf leis an BBC. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, bhain O’Leary an chéad áit amach, é ag buachan le buille amháin.

Murab ionann agus bua O’Connor Jnr i 1975, bhí an scóráil thar a bheith íseal an bhliain seo i gCill Mhantáin, O’Leary ag críochnú ar -1. Is é an 68 a d’aimsigh sé i mbabhta a trí a thug an deis don Bhaile Átha Cliathach an ceann is fearr a fháil ar imreoirí ar nós Nick Faldo, Greg Norman agus O’Connor Jnr, a bhí go léir sa tríú háit. Bronnadh £13,386 ar an mbuaiteoir an bhliain sin.

Pádraig Harrington: 2007 – Áth Dara

Pádraig Harrington in Áth Dara i 2007. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pádraig Harrington in Áth Dara i 2007. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Bhí fanacht 25 bliain sular bhuaigh Éireannach eile an comórtas. Dhá mhí sular bhuaigh sé a chéad mhórchomórtas i Carnoustie, bhuaigh Pádraig Harrington Craobhchomórtas Oscailte na hÉireann in Áth Dara, Co. Luimnigh.

Imríodh poill bhreise ar an Domhnach chun Harrington agus an Breatnach Bradley Dredge a scaradh ar bharr an rangaithe, ach ba é an tÉireannach a tháinig amach chun cinn. Bhreathnaigh sé go raibh sé caite uaidh ag Harrington le cúpla bógaí ach rinne sé teacht aniar ar deireadh chun €416,000 a shaothrú.

Shane Lowry: 2009 – Galfchúrsa Chontae an Lú

Shane Lowry ag ceiliúradh tar éis dó an comórtas a bhuachan i 2009. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Shane Lowry ag ceiliúradh tar éis dó an comórtas a bhuachan i 2009. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ceann de na comórtais is cáiliúla a bhí sa tír seo le cúpla bliain anuas ná an ceann sé bliana ó shin nuair a bhuaigh fear Uíbh Fhailí agus é fós ina amaitéarach. Fearacht Harrington dhá bhliain roimhe, bhí poill bhreise ag teastáil ó Lowry.

Bhí amas ceithre troithe ag an Éireannach ar an bpoll deireanach chun an comórtas a bhuachan ach nuair a chuir sé amú é, bhí an chuma ar an scéal go raibh a dheis caillte aige. A mhalairt a tharla, áfach, agus chruinnigh sé a mhisneach chun an beart a dhéanamh, é ag buachan sa bháisteach ar an tríú poll breise. Is é an €500,000 a bhí ar fáil don bhuaiteoir an lá sin an méid is mó airgid a bronnadh riamh sa chomórtas ach toisc go raibh sé fós ina amaitéarach, ní bhfuair Lowry pingin rua de.

Fág freagra ar 'Na hÉireannaigh a bhfuil Craobhchomórtas Oscailte na hÉireann buaite acu'