Táimid ar fad ag fanacht leis an lá breá go mbeidh deireadh leis an diabhal víreas seo ach idir an dá linn, is gá a bheith foighneach agus ‘fanacht inti’, mar a deir na Muimhnigh.
Is deacair caint ar chúrsaí tinnis a sheachaint i láthair na huaire, ní nach iontach, agus is ríspéisiúil an plé atá déanta ar na cúrsaí sin ag saineolaithe na Gaeilge. Deir Tomás Ó Máille (2002: 132), Ollamh le Gaeilge tráth, gur ‘iomaí galar a bhíos ag dul do dhuine agus ní aicídí iad’, ina measc ‘bruitíneach, leicneach, galar buí’ agus ‘easpa’.
Bheadh duine ‘tinn’ nó ‘go dona tinn’, ach dá mbeadh a leithéid air i ngan fhios do dhaoine eile, ‘níor chuala mé aon donacht a bheith air’ a déarfaí. ‘Fuíoll’ a fhágáil ina ndiaidh a dhéanann galair nó ‘galraí’ áirithe, ach maidir le ‘breoiteacht’ an Mhuimhnigh, ‘Ní deirtear i gConnachta go bhfuil duine breoite ach nuair a bhíos póit óil air’ (ibid. 132).
Mura ndeirtear féin, bhí de cháil ar léachtóir eile a chuir in iúl dá mhic léinn tráthnóna Dé hAoine nach mbeadh sé istigh an Luan dár gcionn: ‘Ní bheidh mé istigh Dé Luain – beidh mé tinn’.
Más i dtaobh le breoiteacht is mó a bhíonn an Muimhneach, is amhlaidh go bhfuil débhríocht ag leanúint na gcúrsaí seo sna canúintí ar fad. Mar seo a leanas a rinne painéal Leagan Cainte scagadh ar an scéal, bíodh is gur ag díriú ar mhí-úsáid an bhriathair ‘faigh’ a bhíodar sin:
LIAM: ‘Fuair sí tinn’, ‘fuair sí breoite’. Anois, a Eibhlín, ‘fuair sí tinn’, an mbeadh aon ghlacadh a’t leis sin?
EIBHLÍN: Ní déarfainn go deo ‘fuair sí tinn’ – ‘tháinig tinneas uirthi’.
LIAM: ‘Fuair sí breoite’?
EIBHLÍN: Em, ‘bhuail sí breoite’. Ní déarfainn ‘bhuail sí tinn’ mar ní úsáidimíd an focal; úsáidimíd ‘breoiteacht’ in inead ‘tinneas’ sa chás san ach ‘tinn’ athá againn le ‘tinníocht’, a’ dtuigeann tú? Ach ‘bhuail sí breoite’.
LIAM (le Dónall Ó Baoill): ‘Fuair sí tinn’, an ndéarfá é sin?
DÓNALL: Ní dhéarfainn.
LIAM: Ní dhéarfá.
DÓNALL: ‘D’éirigh sí tinn’.
LIAM: ‘D’éirigh sí tinn’.
DÓNALL: ‘D’éirigh sí tinn’.
LIAM: A Sheosaimh, cé déarfása?
SEOSAMH: ‘Tháinig tinneas uirthi’, cheapfainn.
LIAM: ‘Tháinig tinneas uirthi’.
SEOSAMH: ‘Buaileadh tinn í’.
LIAM: ‘Buaileadh tinn í’. ‘D’éirigh sí tinn’, ‘buaileadh tinn í’, ‘bhuail tinneas í’ – an mbeadh sé sin a’t – ‘bhuail tinneas í’, a Sheosaimh?
SEOSAMH: Ó bheadh.
LIAM: Bheadh.
DÓNALL: Ach sin ‘tinneas’, ní ‘tinn’ anois…
LIAM: Is rud eile, is rud eile ‘fuair sí tinn’, ’sea. D’fhéadfadh difríocht a bheith idir ‘bhuail tinneas í’ agus ‘buaileadh tinn í’, sin é atá tú a rá.
DÓNALL: Sin é, ’sea, sin é.
EIBHLÍN: Sa tslí chéanna le ‘breoiteacht’ agus ‘breoite’.
Díol spéise é leagan Eibhlín Ní Mhurchú thuas, ‘bhuail sí breoite’, óir ‘buaileadh breoite í’ is mó a chloisfí ó dheas, chomh fada le m’eolas. Thairis sin, is le ‘tinníocht’ is mó – is é sin, pian – a déarfaí ‘tinn’ sna bólaí sin de réir thuairisc Eibhlín. Mar a thuigfí ó chaint Dhónaill Uí Bhaoill, ní gá gurbh ionann ‘bhuail tinneas í’ agus ‘buaileadh tinn í’ ach oiread, ar an ábhar go bhfuil débhríocht den chineál céanna i gceist ansiúd is a bhí i gceist ag cainteoir Muimhneach an phainéil.
Más minic Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh le chéile, ceann de na rudaí is mó a chuireann iontas orm féin faoin tsraith Leagan Cainte ná a mhinicí a bhíonn na tuiscintí céanna le fáil i gCúige Uladh agus i gCúige Mumhan – nó a mhinicí a bhíonn cosúlachtaí eatarthu ar a laghad ar bith.
Nuair a sheolfar vacsaín chuig cúigí uile na hÉireann, beidh caint in athuair sa Ghaeltacht ar ‘snáthaid’ a fháil – nó ‘an tsnáthaid a fháil’. Is minic an focal ‘instealladh’ ag foghlaimeoirí sa chás gur duine atá i gceist acu, seachas ainmhí. Go deimhin, táthar ann a gheobhadh locht ar an struchtúr ‘snáthaid a fháil’, faoi mar a bhaineann sé le duine, sa leagan ‘Fuair sé/sí snáthaid’.
Is fiú a rá, áfach, nach bhfuair aon duine de phainéal Leagan Cainte locht ar bith ar úsáid an fhocail ‘snáthaid’ sa chás sin; bhíodar ar fad ar aon fhocal go bhféadfadh duine ‘snáthaid’ a fháil chomh maith le hainmhí. Ba ghearr ina dhiaidh gur leathnaíodh an plé go dtí leaganacha eile ina bhfuil an focal ‘snáthaid’ le fáil, plé a chuimsigh idir chúrsaí ama, chúrsaí feithide agus chúrsaí ceirde.
Deirimse leat ‘saibhreas’.
Fág freagra ar 'Ná habair go deo ‘fuair sí tinn’ ach bí cinnte go bhfaigheann sí an tsnáthaid!'