Ná glac leis nach gcuirfidh an bhréagaisnéis isteach ar thoghchán sa tír seo

Tá ardmheas ar an gcóras toghcháin sa tír seo, ach is fearr a bheith san airdeall, ar fhaitíos na bhfaitíos…

Ná glac leis nach gcuirfidh an bhréagaisnéis isteach ar thoghchán sa tír seo

Tá ionsaithe Donald Trump agus a lucht leanúna ar chóras toghcháin na Stát Aontaithe ó buadh air in 2020 chomh háiféiseach gur deacair a chreidiúint go bhfeicfear a leithéid choíche abhus.

Is féidir an bonn a bhaint de mhuinín an phobail as toghcháin ar go leor bealaí áfach, mar a mhínigh príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin Art O’Leary do choiste Oireachtais i rith na seachtaine.

Bhí cur síos á dhéanamh aige ar chlár oibre an Choimisiúin a bunaíodh anuraidh agus a bheas freagrach feasta as reáchtáil toghchán agus reifreann.

Is mórchuid den obair an rolla toghthóirí a athchóiriú ionas nach mbeidh dhá vóta, mar shampla, amach anseo ag duine a aistríonn ó dháilcheantar amháin go dáilcheantar eile. Dúirt sé go dtógfadh sé trí bliana ar an gCoimisiún an rolla a atheagrú ar bhonn náisiúnta.

Chuir comhaltaí an choiste um ghnóthaí an Aontais Eorpaigh spéis chomh maith i saothar de chineál eile a bheidh idir lámha ag an gCoimisiún faoi cheann achair ghairid. Beidh an Coimisiún ag cur in aghaidh mífhaisnéise agus drochfhaisnéise (tá míniú thíos ar an difríocht) a bhaineann le toghcháin agus a chuirtear ar líne.

Níl na forálacha san acht faoinar bunaíodh an Coimisiún curtha i bhfeidhm fós ach dúirt Art O’Leary gur thuig sé go raibh tosaíocht á tabhairt ag an rialtas dá gcur i bhfeidhm roimh an olltoghchán (a chaithfear a ghairm faoi cheann bliana ar a dheireanaí).

Mífhaisnéis agus drochfhaisnéis: San acht faoinar bunaíodh an Coimisiún tugtar mífhaisnéis (‘misinformation’) ar fhaisnéis bhréagach nó faisnéis mhíthreorach a chumtar agus a scaiptear ar líne d’aon ghnó nó dá cheal. Tugtar drochfhaisnéis (‘disinformation’) ar fhaisnéis bhréagach a chumtar nó a scaiptear d’aon ghnó chun dallamullóg a chur ar dhaoine.

Is fiú aidhm an achta a shoiléiriú, tharla go raibh sé soiléir le linn an chruinnithe nár thuig comhaltaí áirithe a éirim in aon chor.

Mar shampla d’iarr an t-iar-aire Robert Troy ó Fhianna Fáil ar Art O’Leary a rá céard a dhéanfadh an Coimisiún faoi bhotúin a dhéanann iriseoirí a bhfuil dea-chlú orthu. Ba léir ón bhfreagra a tugadh ar a cheist nach mbaineann an t-acht in aon chor le botúin iriseoireachta, ná le gnáthráitis pholaitiúla – rud a thuigfeadh duine ar bith a léann é.

Chuir an seanadóir neamhspleách Sharon Keogan ceist eile a léirigh aineolas den sórt céanna. D’fhiafraigh sí d’Art O’Leary an mbeadh an Coimisiún ábalta déileáil leis an bhfoclaíocht dhoiléir, dar léi, sna leasuithe ar a vótálfar sna reifrinn ar 8 Márta. Ní bheidh, mar a thuigfeadh duine ar bith a léigh an t-acht, toisc nach bhfuil ábhar dá leithéid faoina chúram.

Dúirt Art O’Leary arís agus arís eile le comhaltaí an choiste nach gcuirfeadh an Coimisiún isteach ar argóint pholaitiúil agus go mbeidh sé ag díriú ar mhífhaisnéis/bhréagaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas toghcháin.

Ní thagraítear san acht ach do mhífhaisnéis agus do dhrochfhaisnéis a bhaineann leis an gcóras toghcháin a chuirtear ar líne. Ní bheidh cumhacht ná freagracht ag an gCoimisiún maidir le mífhaisnéis nó drochfhaisnéis pholaitiúil de chineál ar bith eile – leithéid bhréaga Trump mar shampla.

Clúdaíonn an reachtaíocht ábhar bréagach nó contráilte a chuirfeadh dallamullóg ar dhaoine maidir le rialacha, cearta agus ionaid vótála. San áireamh freisin beidh ábhar bréagach a thugann le fios go bhfuil an córas comhairimh cam nó claonta, nó nach bhfuil toradh toghcháin bailí. Cuimhnigh arís go mbaineann cumhacht seo an Choimisiúin le hábhar ar líne amháin.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún a ordú go mbainfí anuas mífhaisnéis nó bréagaisnéis a bheadh ar an idirlíon. Beidh an Coimisiún ábalta freisin treoir a thabhairt go gcuirfí ceartú ar líne agus éistfear achomhairc.

Dúirt Art O’Leary gur phléigh an Coimisiún an cur chuige a bheidh riachtanach le príomhchomhlachtaí na meán sóisialta agus go raibh sé sásta leis an meas a léirigh siad ar an gCoimisiún. Ní raibh fianaise ar fáil fós in Éirinn, a dúirt sé, a bhain le mífhaisnéis faoin gcóras toghcháin.

Thagair sé áfach do thuairisc a léirigh dainséar atá follasach cheana féin i dtíortha eile. Rinne an Foras Idirnáisiúnta Daonlathais (eagras idir-rialtasach a bhfuil neartú an daonlathais mar aidhm aige) cíoradh ar scaipeadh mífhaisnéise i 53 tír idir 2016 agus 2021. Dála an scéil, níor fhiosraigh siad cúrsaí sna Stáit Aontaithe.

Bunaíodh cuid mhór de thuairisc an Fhorais ar cheistneoirí a cuireadh chuig feidhmeannaigh toghcháin agus ar thaighde eile.

Léirigh an taighde gur cuireadh bréagaisnéis faoi thoghcháin ar líne i 92 faoin gcéad de na tíortha ina ndearnadh an taighde.

Tá ardmheas ar an gcóras toghcháin sa tír seo mar chóras iontaofa forleathan sa tír seo. I bhfianaise ar tharla i dtíortha eile áfach is fearr a bheith san airdeall, ar fhaitíos na bhfaitíos.

 

 

Fág freagra ar 'Ná glac leis nach gcuirfidh an bhréagaisnéis isteach ar thoghchán sa tír seo'

  • Eoin Ó Murchú

    Céard is brí le bréagaisnéis? An ionann é agus tuairimíocht nach dtaitníonn leat?

  • Pól Ó Braoin

    Is cuimhin liom an reifreann úd nár níor vótáil muid mar is ceart agus ritheadh an athuair é go mbeadh muid in ann an vóta ceart a chaitheamh. Is cuma faoin reifreann seo chugainn, rithfear an athuair é muna dtabharfar an freagra ceart. Ná buair do chloigeann faoin mbréagfhaisnéis, mar is cuma ann nó as i ndeireadh na dála é.

  • Antóin

    An gcuirfeá bréagaisnéis nó mífhaisnéis nó aineolas nó easpa scileanna cumarsáide i leith an Aire a thug le fios ar X ar na mallaibh, maidir leis na reifrinn atá ar na bacáin, go raibh sé sa Bhunreacht gur sa teach/bhaile ba cheart do mhná a bheith.

    Dála an scéil, níl a leithéid sa Bhunreacht. Cad a chuirfeá i leith an Aire mar sin agus cé a shocraíonn é sin?

    Maidir leis an gCoimisiún.
    Dar leis an gCoimisiún Toghcháin féin, tá ‘cumhachtaí forleathana’ acu le gur féidir leo ‘eolas a chreideann siad atá mícheart a cheartú nó a bhaint’ ‘d’fhonn feabhas a chur ar an daonlathas’. Nach gcuirfeadh caint mar sin splanc dhóchais tríot a Eoin!

    Gach seans, ach nílim cinnte de, go raibh an seanadóir neamhspleách Sharon Keogan ag tagairt don téarma ‘cóngais bhuanfasacha’ nuair a luaigh sí foclaíocht dhoiléir. Ach má mholtar téarma nua a chur sa Bhunreacht mar a mholtar, shílfeá gur mhaith leis an gCoimisiún Toghcháin go mbeadh an téarma soiléir intuigthe agus go dtuigfeadh daoine ciall an téarma roimh vótáil, mar níl na polaiteoirí a cheap an téarma in ann é a shainmhíniú.

  • Proinsias Ó Cionnaith

    Éinne atá ag brath ar an gCoimisiún Toghcháin don Reifreann seo ó thaobh na Gaeilge de agus ar an gcraoladh teilifíse Gaeilge a rinne an Breitheamh Baker an oíche cheana, ní haon chuidiú é. Is trua nár chuir an Breitheamh Oineach de dhua uirthi féin an fuaimniú a fháil i gceart.