Na Gardaí ag lorg eolais faoi thimpistí bóthair i gConamara inar maraíodh beirt 

Maraíodh fear sna tríochaidí ar maidin nuair a bhuail a charr sconsa i gCarna agus maraíodh fear eile sna tríochaidí sa bPúirín i gCois Fharraige tráthnóna Dé Sathairn

Na Gardaí ag lorg eolais faoi thimpistí bóthair i gConamara inar maraíodh beirt 

Cúpla lá duairc a bhí i gConamara agus beirt fhear básaithe de bharr timpistí bóthair. 

Ag a 7.00am ar maidin inniu, maraíodh fear sna tríochaidí nuair a bhuail a charr sconsa i gCarna. Tá láthair na timpiste á scrúdú ag foireann fhóiréinseach na nGardaí agus trácht á chur malairt bealaigh. Dearbhaíodh an tiománaí marbh ag an láthair agus tugadh a chorp go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh mar a ndéanfar scrúdú iarbháis air.

Tá an Garda Síochána ag achainí ar aon duine a chonaic an timpiste labhairt leis na Gardaí. Aon duine a bhí ar an mbóthar trí Charna ar maidin inniu idir a 6.30 agus 7.30 agus a bhfuil aon fhís cheamara nó daischeamara acu iarrtar orthu an t-ábhar sin a chur ar fáil do na Gardaí.

Aon duine a bhfuil eolas ar bith acu ba chóir dóibh glaoch ar stáisiún gardaí an Chlocháin ag 095 22500, nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ag 1800 666 111, nó aon stáisiún Garda.

Maraíodh fear eile sna tríochaidí sa bPúirín i gCois Fharraige tráthnóna Dé Sathairn go luath i ndiaidh a 8.00 pm. Bhí carr agus gluaisrothar sa timpiste sin agus maraíodh an gluaisrothaí. Tá achainí eile déanta ag na Gardaí inniu ar aon duine a chonaic an timpiste dul chun cainte leo. 

Tugadh corp an fhir go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh do scrúdú iarbháis. Tugadh an fear agus an bhean sna fichidí a bhí sa gcarr chun an ospidéil freisin ar eagla na heagla.  

Bhí an bóthar siar ón Spidéal dúnta ag foireann fiosrúcháin na nGardaí go dtí am lóin inné. 

Aon duine a chonaic an timpiste sin iarrtar orthu labhairt leis na Gardaí. Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhí ar an R336 idir 7.30 agus 8.30 tráthnóna Dé Sathairn agus a bhfuil aon fhís cheamara nó daischeamara acu an t-ábhar sin a chur ar fáil dóibh. 

Fág freagra ar 'Na Gardaí ag lorg eolais faoi thimpistí bóthair i gConamara inar maraíodh beirt '