Na fir a bhí i mbun comhfhreagrais le duine de na fir is déistiní dár mhair riamh

Tá teaghlach ríoga na Breataine, rialtas na Breataine agus liosta le háireamh de phearsana aitheanta luaite anois le haithne a bheith acu ar Jeffrey Epstein

Na fir a bhí i mbun comhfhreagrais le duine de na fir is déistiní dár mhair riamh

Nuair a thosaigh scéalta ag sceitheadh beagnach fiche bliain ó shin faoi Jeffrey Epstein agus na coireanna a rinne sé chuala muid trácht ar dhaoine cáiliúla ar nós Donald Trump agus Bill Clinton agus ar dhialann a bhí ag Epstein de dhaoine a raibh sé mór leo mar chuid dá chuid oibre mar fhear gnó.

De réir a chéile thosaigh eolas ag teacht chun cinn faoin striapachas, mí-úsáid ar chailíní óga agus ócáidí a eagraíodh chun na cailíní seo a chur ar fáil d’fhir mheánaosta. D’éirigh le Epstein éalú ó na cúiseanna is tromchúisí a cuireadh ina leith in 2008 trí mhargadh a dhéanamh leis na húdaráis i Florida.

Cúisíodh arís é in 2019 agus gearradh príosún air. Chuir sé lámh ina bhás féin sa phríosún ach ní raibh ansin ach tús an scéil. Tá teaghlach ríoga na Breataine, rialtas na Breataine agus liosta le háireamh de phearsana aitheanta luaite anois le haithne a bheith acu ar Jeffrey Epstein.

Is go mall drogallach a thug aon duine aghaidh ar an scannal go dtí gur foilsíodh na comhaid a bhaineann le Epstein coicís ó shin. Tá sé tráthúil ar bhealach go bhfuil Donald Trump ar dhuine den dream is lú a bhfuil caint orthu mar gheall ar na cáipéisí is déanaí. Ina leaba sin tá leithéidí an tSeanadóra George Mitchell, ceannasaí Microsoft Bill Gates agus iar-uachtarán Ollscoil Harvard, Larry Summers as baint de chineál éigin a bheith acu le Epstein. An rud is mó atá le rá fúthu anois gur lean siad leis an gcomhfhreagras le Epstein go fiú agus iad ar an eolas faoina chiontú agus faoi na coireanna déistineacha inar ciontaíodh é.

Tá córas polaitiúil na Breataine curtha trína chéile ar fad ag an scéal seo – ní hamháin go raibh aithne ag Peter Mandelson ar Epstein agus gur lean sé leis an gcaidreamh sin leis an gciontóir gnéis tar éis a chiontaithe, ach gur sceith sé eolas rúnda leis mar chuid dá chuid rólanna éagsúla mar Choimisinéir Eorpach agus Aire Trádála gan trácht ar ambasadóir do dtí na Stáit Aontaithe. Bhí an príomh-aire Starmer ar an eolas faoin gcaidreamh leanúnach agus caithfear glacadh leis go raibh na Príomh-Airí Brown agus Blair ar an eolas freisin faoin gcaidreamh. Sin an peaca marfach anseo – ní gá sa gcás go luaitear thú sna comhaid a bhaineann le coireanna Epstein go raibh baint agat féin le coiriúlacht ach léiríonn sé meon i leith na gcoireanna a chuireann alltacht ar dhaoine.

Má bhí aon leid ar chor ar bith ag na fir chumhachtacha seo ar fad faoi na coireanna a bhí luaite le Epstein ba chóir droim láimhe a thabhairt leis láithreach. Ní haon leithscéal go raibh a thréimhse déanta aige – bhí a fhios ag an domhan mór gur éirigh leis éalú ón dlí go minic ceal fianaise. Ba mhinic na mná óga ar déineadh mí-úsáid orthu a bheith róscanraithe le hiomlán an scéil a insint. Agus nach léir ón méid atá tarlaithe ó foilsíodh na comhaid seo go raibh an ceart acu – níor thug na fir seo aird ná aitheantas do na tuairiscí faoi choireanna tromchúiseacha; lean siad leo i mbun comhfhreagrais le duine de na fir is déistiní dár mhair riamh.

Cé a déarfadh nach é an ceart anois go mbeadh pionós le gearradh orthusan as neamhaird a dhéanamh d’fhulaingt na mban óg seo ar fad ar mhaithe lena gcáil féin sa saol poiblí a chosaint agus a chur chun cinn?

Fág freagra ar 'Na fir a bhí i mbun comhfhreagrais le duine de na fir is déistiní dár mhair riamh'