Níl sé baileach bliain fós ó chaith pobal na tíre a gcuid vótaí san olltoghchán. Bhí go leor a chaith vóta an lá sin bunaithe ar an dea-scéal eacnamaíochta a cuireadh inár láthair. Cuireadh dea-scéala tithíochta inár láthair freisin agus tugadh le fios dúinn go raibh muid ag dul i ngleic, ar deireadh thiar, leis an ngéarchéim thithíochta.
Faraor, ní mar sin atá tarlaithe, agus tá an saol ar fad athraithe roimh cháinaisnéis na Máirt seo chugainn.
Tá an bheirt airí sa Roinn Airgeadais ar bheirt chomh críonna agus is féidir a fháil. Tá sé soiléir ag éisteacht leo beirt go bhfuil fonn orthu a bheith cúramach le cúrsaí buiséid i mbliana. Ina dhiaidh sin féin, tá a gcuid moltaí cáinte ag príomháisíneachtaí airgeadais an Stáit agus an chaint ag filleadh ar mhíchúram geilleagrach. Tá an saol athraithe ó bhonn mar thoradh ar thoghchán na Stát Aontaithe agus an polasaí a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta.
Cruthaíonn sé sin fadhbanna ar leith don rialtas s’againne mar gheall ar chomh mór agus a bhíonn muid ag brath ar cháin chorparáideach ó chomhlachtaí ilnáisiúnta.
Teastaíonn ón rialtas deireadh a chur leis na liúntais aon uaire a d’íoc siad le teaghlaigh le blianta beaga anuas mar nach féidir leanacht go brách lena leithéid. Ní chuireann sin san áireamh go bhfuil 300,000 teaghlach sa tír i bhfiacha ar a gcuid billí leictreachais ná go bhfuil praghsanna fuinnimh ag ardú go leanúnach.
Tá laghdú/ardú €500 le bheith ar tháillí ollscoile meastar, cé gur gheall ar an rialtas go gcuirfí deireadh iomlán leo sa gclár rialtais. Ag brath ar cén tráchtaire go ngéilleann tú dóibh beidh ardú €8 nó €10 nó €12 ar liúntais leasa shóisialaigh. Ní shásóidh ceachtar de na bearta seo na daoine sin atá ag brath ar chúnamh agus atá i ladhar an chasúir ag an gcostas maireachtála.
Ní tagairt ar beith déanta agam d’easláin a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu ná do chúramóirí. Agus nár gealladh sa gclár rialtais freisin nach mbeadh costas cúram leanaí ach €200 sa mhí amach anseo? Ní féidir gach uile rud a bhronnadh in aon cháinaisnéis amháin, ach is léir i mbliana go bhfuil na Déithe eacnamaíochta ag cur fainic ar an rialtas. Fainic nach bhfuil mórán fonn orthu éisteacht léi.
Tá an Chomhairle um Chomhairle Fhioscach, an ESRI agus an Banc Ceannais ag iarraidh ar an rialtas guaim a choinneáil orthu féin in ainneoin farasbarr a bheith sa Státchiste agus na milliúin a bheith dá saothrú i gcónaí as cáin chorparáideach.
Má chaitear an iomarca airgid, tá an baol ann go mbeidh an geilleagar ag dul i dtreo tubaiste arís. Ní baol do na bainc an babhta seo ach tá leithéid Alan Ahearne a scríobh tuarascáil an ESRI an tseachtain seo caite imníoch go bhfuil an rialtas míchúramach. Alan Ahearne a bhí mar chomhairleoir ag an aire airgeadais le linn na tubaiste fiche bliain ó shin.
Níl aon tairbhe pholaitiúil d’aon Teachta Dála i gcáinaisnéis thíosach. Tá na hAirí Chambers agus Donohue faoi bhrú ó Airí agus Teachtaí an €9.4 billiún atá beartaithe a shárú. Deir siad beirt nach féidir leo agus deir lucht faire na heacnamaíochta go bhfuil an méid sin féin ag dul thar fóir. An ngéillfidh siad don chiall Dé Máirt seo chugainn? Nó an mbeidh aiféala orthu arís amach anseo nár éist leis na fainicí a cuireadh orthu?
Fág freagra ar 'Na Déithe eacnamaíochta ag cur fainic ar an rialtas roimh lá an Bhuiséid'