“Sé feabhas an mhargaidh a bheidh tábhachtach, ní hé an dáta,” arsa Jeffrey Donaldson. Níor cheil ceannaire an DUP gurbh fhaoiseamh dó nár fhógair an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach creatlach nó imlíne mhargaidh faoin bprótacal iarBhreatimeachta ina gcomhráiteas Dé Luain. Bhí díomá ar mhórán ach chuir an stad lá na cinniúna don DUP ar cairde.
Cé gur tugadh le fios ag deireadh na seachtaine go mbeadh téagar sa bhfógra a dhéanfadh Coimisiún na hEorpa agus rialtas na Breataine níor fíoraíodh an tuar. Bhí dian-obair ar siúl ag na foirne idirbheartaíochta ó rinneadh socrú an tseachtain seo caite go mbeadh rochtain ag an Aontas Eorpach ar shonraí faoi earraí a sheolfaí ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann.
Bhí cruinniú físe idir Maroš Šefčovič an AE agus na Státrúnaithe James Cleverly agus Chris Heaton-Harris Dé Luain chun measúnú a dhéanamh ar a raibh bainte amach ó shin. Bhí a gcomhráiteas leamh, ní raibh margadh ná creatlach mhargaidh le fógairt ach ní raibh drochscéala acu.
Leanfaí leis na hiarrachtaí chun fuascailt a aimsiú ar an réimse de dheacrachtaí a bhaineann le feidhmiú an phrótacal a dúradh. D’aontaigh siad gur ghá dearcadh gach pobal i dTuaisceart Éireann a chur san áireamh agus margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe chomh maith le margadh singil an Aontais Eorpaigh a chosaint. Dúirt an ráiteas go gcomhoibreodh na foirne ón dá thaobh go dearfach is iad ag aithint cearta dlisteanacha a chéile.
De réir na luaidreán ón mBruiséil tá an tAontas Eorpach dóchasach go maith gur mian le rialtas na Breataine, faoi phríomh-aireacht Rishi Sunak comhaontú a dhéanamh. Más fíor leath na ráflaí beidh an Bhreatain toilteanach ‘imlíne’ nó prionsabail chomhréitigh a aontú agus a fhógairt gan na mionsonraí ar fad a bheith aontaithe. Is iomaí cúis a bheadh leis an ngiodar, Sunak ag iarraidh ‘bua’ de chineál éigin a bheith aige, é ag iarraidh díriú ar an liodán fadhbanna eile atá le réiteach sa tír agus ina pháirtí agus an brú ollmhór a bhaineann leis an spriocdháta, an 10 Aibreán.
Teastaíonn réiteach na sáinne in Stormont ó Mheiriceá ionas go bhféadfadh an tUachtarán Joe Biden freastal ar cheiliúradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ní theastaíonn ón mBreatain, ón Aontas Eorpach ná ó rialtas na hÉireann go mbeadh Stormont díomhaoin, dorcha nuair ba cheart a bheith ag comóradh an chonartha stairiúil sin.
Níorbh iontas é go raibh Jeffrey Donaldson ar a shuaimhneas nuair nach raibh dul chun cinn á fhógairt ag an mBruiséil agus Londain. Rinne sé beag is fiú den mbrú chun margadh a aimsiú roimh an 10 Aibreán, an dáta a ndearnadh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Ní hé leas éinne margadh a dhéanamh faoi dheifir chun spriocdháta a shásamh, a dúirt sé. B’údar uchtaigh dó, ar sé, gur inis an Státrúnaí James Cleverly dó nach raibh spriocdháta acu. Níor cheart deifir a bheith ar lucht idirbheartaíochta, dar leis, más gá breis ama chun socrú a dhéanamh a gheobhaidh tacaíocht ó aontachtaithe chomh maith le náisiúnaithe.
Ní bheadh sé áiféiseach a mheas nár mhiste leis an DUP dá mairfeadh an t-am breise sin go dtí go mbeadh na toghcháin áitiúla sa Bhealtaine thart. Is léir go bhfuil a fhios ag an DUP go mairfidh an prótacal – le leasuithe – agus go gcaithfidh siad cinneadh an-deacair a dhéanamh. Más féidir an cinneadh sin a sheachaint go mbeidh vóta na gcomhairlí thart agus baghcat Stormont fós ar siúl, ní bheidh iomaitheoirí aontachtacha eile, an TUV go háirithe, in ann ‘feall’ a chur i leith an DUP. Má chaitear cinneadh a dhéanamh roimhe sin beidh contúirt ag baint le filleadh ar Stormont nó diúltú dó.
Níl sé soiléir cé na leasuithe a bheadh inghlactha ag an DUP. Thug Gordon Lyons, iar-aire eacnamaíochta in Stormont leide go mbeidís sásta go mbeadh Tuaisceart Eireann mar ‘phointe idirthurais’ d’earraí a bheadh le seoladh thar teorainn go dtí margadh an Aontais Eorpaigh.
N’fheadar cén glacadh a bheadh ag cuid dá chomhghleacaithe leis. Is cosúil go bhfuil éiginnteacht in Westminster faoina mbunéilimh.
Ní féidir a chur as an áireamh dá mbeadh fonn ar an DUP bogadh gur cinnte gurbh fhurasta é sin a dhéanamh i ndiaidh na dtoghchán áitiúil ná rompu.
Fág freagra ar 'Ná deifrígí, arsa Jeffrey Donaldson…'