Na dáilcheantair – cuma na maitheasa ar FF agus FG i Maigh Eo

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Na dáilcheantair – cuma na maitheasa ar FF agus FG i Maigh Eo

Dáilcheantar: Maigh Eo

Líon suíochán: 4

Cuóta mar % den Vóta: 20%

An Dáilcheantar: Contae Mhaigh Eo ar fad seachas póca in oirdheisceart an chontae thart ar Bhaile an Róba atá curtha le Gaillimh Thiar

Teachtaí Dála ag seasamh:  Michelle Mulherin (FG), Michael Ring (FG) agus Dara Calleary (FF).

Ag éirí as: An t-iarThaoiseach, Enda Kenny (FG) tar éis 44 bliain

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus toghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016(%) Togh. Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 28 30
Fine Gael 51 37
Lucht Oibre 0 0
Sinn Féin 10 7
Glas 1 1

Anailís:

Fuair Fianna Fáil dhá shuíochán in 2016 le 28% den vóta, agus fuair Fine Gael an dá shuíochán eile le 51% den vóta.  Dá mbeadh na vótaí roinnte níos cothroime idir an triúr iarrthóirí ag Fine Gael in 2016, d’fhéadfadh trí shuíochán a bheith buaite acu. Tá Enda Kenny ag tacú go láidir leis an iarrthóir nua, Alan Dillon (FG), agus olc dá réir curtha ar Michael Ring (FG).

Is féidir a bheith réasúnta cinnte go dtoghfar Michael Ring. Ba cheart go mbeadh an Seanadóir Michelle Mulherin (FG) in ann an dara suíochán a fháil d’Fhine Gael. Bhí 7,841 vóta aici in 2016, agus í 500 vóta taobh thiar de Lisa Chambers (FF) a thóg an ceathrú suíochán. Ní féidir Alan Dillon (FG), an tríú hiarrthóir ag Fine Gael, a chur as an áireamh. Beidh vóta mór pearsanta aige mar go bhfuil aithne mhór air mar shárpheileadóir le foireann an chontae idir 2003-2017. Eisean an t-aon iarrthóir láidir in oirdheisceart an chontae.  Beidh sé san iomaíocht don cheathrú suíochán le Lisa Chambers (FF).

Níl ach an bheirt iarrthóirí ag Fianna Fáil, na Teachtaí Dála a toghadh in 2016 – Lisa Chambers ó cheantar Caisleán an Bharraigh, agus Dara Calleary (FF) ó Béal an Átha, Leascheannaire agus urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil. Má roinntear vóta Fhianna Fáil go cothrom eatarthu ba cheart go gcoinneoidís an dá shuíochán. Ach dá mbeadh an iomarca vótaí ag Dara Calleary tharlódh sé go mbeadh Lisa Chambers ag troid don cheathrú suíochán le Alan Dillon (FG) nó Michelle Mulherin (FG).

Fuair an Seanadóir Rose Conway-Walsh (SF) ó Bhéal an Mhuirthead 6,414 vóta san olltoghchán 2016 agus bhí sí san iomaíocht go dtí an naoú comhaireamh. Cé gur iarrthóir láidir í, laghdú atá tagtha ar vóta Shinn Féin sa dáilcheantar agus gan ach 7% ag an bpáirtí anuraidh sna toghcháin áitiúla i gcomparáid le 10% san olltoghchán 2016. D’fhéadfadh aistriú vótaí Shinn Féin a bheith cinniúnach. Nuair a cuireadh Rose Conway-Walsh (SF) as an rás in 2016 fuair iarrthóirí Fhianna Fáil 50% de na vótaí a bhí aici. Chuaigh 2,183 chuig Lisa Chambers (FF) agus chuaigh 1,725 chuig Dara Calleary. Níor chuaigh ach 693 chuig Michelle Mulherin (FG).

Tá cuid de na tráchtairí náisiúnta ag ceapadh go bhfuil seans ag Saoirse McHugh (CG) suíochán a fháil i Maigh Eo, mar go ndearna sí go maith i dtoghchán na hEorpa, nuair a fuair sí 8.6% den vóta. Ach níor éirigh rómhaith le ceachtar den bheirt iarrthóirí ó Chomhaontas Glas sna toghcháin áitiúla agus gan acu eatarthu ach 1% den vóta. Beidh vóta maith ag Saoirse McHugh ach is beag seans atá aici ar shuíochán mar nach bhfuil dóthain tacaíochta ag na Glasaigh i Maigh Eo.   Bheadh seans níos fearr aici suíochán a fháil don Chomhaontas Glas dá mbeadh sí ag seasamh i nGaillimh Thiar.

Tuar: Ring (FG), Calleary (FF), Mulherin (FG) agus Chambers (FF).

Fág freagra ar 'Na dáilcheantair – cuma na maitheasa ar FF agus FG i Maigh Eo'