Na coimhlintí ag dul i ndéine i gcraobhacha na gcúigí

Beidh coimhlintí fíochmhara anocht againn i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan

Na coimhlintí ag dul i ndéine i gcraobhacha na gcúigí

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhuel, tá an deireadh seachtaine deireanach de na cluichí cúige tagtha agus ceisteanna fós le freagairt. Nach maith san don leantóir neodrach. Dar ndóigh tá an séasúr ina lánstad do Phort Láirge agus do Cheatharlach, ach tá gach contae eile fós sa rás.

Mura mbeidh torthaí an-aisteach ar fad againn amárach i gCúige Mumhan, beidh  Tiobraid Árann ag imirt sa chluiche ceannais. Agus tá sé beagnach cinnte gur Luimneach nó Corcaigh a bheidh ina gcoinne. Seans níos mó gur Luimneach a bheidh ann.

I gCúige Laighean d’fhéadfadh aon cheann de cheithre chontae a bheith sa chluiche ceannais nó a bheith as an rás ar fad i ndiaidh chluichí na hoíche anocht. Fágfaimid ansin é mar scéal mar ina dhiaidh sin éiríonn cúrsaí róchasta maidir le cad a d’fhéadfadh tarlú. 

Thug Luimneach taispeántas na craoibhe uathu seachtain ó shin nuair a thug siad greadadh dá gcomharsana as contae  an Chláir. Bhíodar dochloíte ó thús deireadh. Mhúin siad ceacht ceart do chontae an Chláir agus trócaire ar bith níor léirigh na Luimnígh agus iad ag dul ar ionsaí i ndiaidh ionsaí. Bunaithe ar an taispeántas sin beidh sé thar a bheith deacair ar aon fhoireann an ceann is fearr a fháil orthu. Ach is ar éigean go mbuailfidh siad le foireann níos fearr ná Tiobraid Árann a bheidh rompu anocht.

Toisc é a bheith beagnach cinnte go bhfuil na Tiobraid Árannaigh cáilithe cheana féin do chluiche ceannais na Mumhan, tá rogha le déanamh acu. An dtabharfaidh siad seans do na hionadaithe a gcáilíochtaí a thaispeáint nó an bhfanfaidh Liam Sheedy leis an bhfoireann is láidre atá aige chun gach iarracht a dhéanamh an cluiche a bhuachaint? 

Caithfidh Luimneach dul sa tóir ar an mbua más leo a bheith san iomaíocht d’áit i gcluiche ceannais an chúige. Níl aon dabht ach go bhfuil an painéal is láidre sa tír acu agus is iontach cliste mar atá leas á bhaint as ag John Kiely. Bhíos an-tógtha leis an líne lánchúil seachtain ó shin. Dá mbeadh gradam á

bhronnadh d’imreoir na sraithe bheadh Tom Condon ar an ngearrliosta, ach níl oiread is soicind imeartha sa chraobh aige. Taispeánann sé sin an mhuinín atá ag Kiely sa triúr atá ann, gan trácht ar an rogha atá aige maidir le gach líne ar an bhfoireann. 

Beidh cluiche suimiúil againn ach beidh mórán ag brath ar cén fhoireann a chuirfidh Liam Sheedy chun páirce.

Beidh mo chontae féin, Corcaigh, ag dul go dtí Inis, an dá phointe ag teastáil uathu agus iad go láidir san iomaíocht fós. Rinneadar dóthain i gcoinne Phort Láirge, a bhí lag go maith arís, seachtain ó shin ach caithfidh go mbeidh speach éigin in imreoirí an Chláir agus iad ar ais sa bhaile. Ón bhfianaise atá feicthe againn go dtí seo maidir leis an dá fhoireann, ba cheart go mbuafadh Corcaigh.

Tá cúrsaí saghas mar a chéile i gcúige Laighean agus gan ach aon ní amháin soiléir ann, is é sin go bhfuil rás Cheatharlach rite.

Bhí cluiche na bliana go dtí seo againn an deireadh seachtaine seo caite nuair a thug Cill Chainnigh aghaidh ar an nGaillimh. Tá na Cait ag dul go Loch Garman anocht agus an Ghaillimh ag dul chuig Páirc Parnell chun aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath. Cad é mar choimhlint a bhí i bPáirc Uí Nualláin againn an tseachtain seo caite agus gan ach aon chúilín luachmhar amháin ag scaradh na bhfoirne ag an deireadh. Ní fios fós cé a bheidh sa chluiche ceannais nó cé a bheidh ag fágáil slán leis an gcraobh in éineacht le Ceatharlach. Bí cinnte go mbeidh sé ina chogadh ceart idir na Cait agus Loch Garman. Beidh coimhlint fhíochmhar chomh maith againn sa chluiche eile.

Beidh bainisteoir Átha Cliath, an Gaillimheach Mattie Kenny, ag iarraidh  bob a bhualadh ar a chontae dhúchais. Ach beidh sé deacair orthu. Tá gaoth i seolta na Gaillimhe arís agus Joe Canning fós le filleadh. Ní bhfaighidh an Ghaillimh aon rud róbhog anocht, ach déarfainn gur leo a bheidh an oíche.  

Fág freagra ar 'Na coimhlintí ag dul i ndéine i gcraobhacha na gcúigí'